FÉILTE
Féile Luathcheol na Gaillimhe ag ceiliúradh 30 bliain
Beidh Féile Luathcheol na Gaillimhe 2026 ag tosú tráthnóna inniu, Dé hAoine an 22 Bealtaine, agus ag dul ar aghaidh ar feadh an deireadh seachtaine. Díríonn an fhéile ar cheol a bhaineann leis an tréimhse ó na meánaoiseanna, aimsir na hAthbheochana, ceol barócach agus fiú ceol ársa (roimh 500 AD).
Grúpa ceoltóirí as Gaillimh a bhunaigh an fhéile sa mbliain 1996 faoi cheannaireacht Maura Ó Cróinín agus tá an fhéile ag ceiliúradh 30 bliain ar an bhfód i mbliana.
Cuirfear réimse ceolchoirmeacha ar bun i gcaitheamh an deireadh seachtaine, ag tosú tráthnóna inniu in Ardeaglais San Nioclás le clár ceoil a bheidh á chur i láthair ag Resurgam, English Cornett, Sackbut Ensemble, Claire Duff agus ceoltóirí eile.
Ticéid agus clár na féile anseo.
Seachtain na Scríbhneoirí i Lios Tuathail
Beidh Seachtain na Scríbhneoirí ar bun i Lios Tuathail ón gCéadaoin an 27 Bealtaine go dtí an Domhnach an 31 Bealtaine ag ionaid éagsúla ar fud an bhaile.
I measc na n-imeachtaí Gaeilge a bheidh ar bun ag féile na bliana seo, beidh an dráma nua dátheangach Rud in Easnamh le Dic Walsh. Tá an dráma nua á chur i láthair ag an aisteoir Timmy Creed in Amharclann Naomh Eoin ar an Déardaoin an 28 Bealtaine ag a 3pm.
Beidh Ciorcal Comhrá san amharclann leis an scríbhneoir Áine Ní Ghlinn ar an Aoine an 29 Bealtaine ag 11am. Níos deireanaí Dé Aoine, cuirfidh Séamus Barra Ó Súilleabháin an chaint ‘Thuas i Lios Tuathail: 400 years of Irish language literature’ i láthair agus é ag léamh agus ag plé rogha saothar i nGaeilge a scríobhadh thart ar Lios Tuathail le 400 bliain anuas.
Ticéid agus clár na féile anseo.
Féile na Gealaí ag ceiliúradh a 10ú breithlá
Beidh Féile na Gealaí 2026 ar bun idir an Satharn an 9 Meitheamh agus an Domhnach an 10 Meitheamh i Ráth Chairn. Tá an fhéile ag ceiliúradh 10 mbliana ar an bhfód i mbliana agus tá ticéid deireadh seachtaine (campáil san áireamh) agus ticéid lae ar díol ar líne anois.
I measc na gceoltóirí agus na mbannaí ceoil a bheidh ag féile na bliana seo, tá Huartan, a bhuaigh Gradam ‘Albam na Bliana – Nuacheol’ ag Gradaim Nós 2026, a bronnadh an tseachtain seo caite i mBéal Feirste.
Beidh Le Boom (Christy agus Andy Leech) ar stáitse i rith na féile freisin. Beirt deartháireacha as an Uaimh i gcontae na Mí iad, a bhfuil cáil orthu as ceolchoirmeacha ravecheol bríomhara a chur ar bun. I measc na gceoltóirí eile a bheidh le feiceáil i gcaitheamh an deireadh seachtaine, beidh Sexy Tadhg, Jiggy, Grooveline agus Clann Mhic Ruairí.
Tuilleadh eolais agus ticéid ar fáil anseo.
Clár Fhéile Ealaíne Earagail fógartha
Fógraíodh an clár d’Fhéile Ealaíne Earagail an tseachtain seo agus lear mór imeachtaí beartaithe acu d’fhéile na bliana seo a bheidh ar bun ón 10-25 Iúil i mbliana.
Cuireadh le líon na n-imeachtaí i mbliana agus seónna, ceardlanna, ceolchoirmeacha agus neart eile leagtha amach don fhéile a bheidh ar bun in áiteanna éagsúla ar fud Dhún na nGall – na hoileáin Ghaeltachta, oirthear Dhún na nGall agus leithinis Inis Eoghain.
Den chéad uair ag an bhféile beidh imeachtaí ar bun i Leifear agus i mbaile Dhún na nGall. Beidh scoth na gceoltóirí ag casadh ag an bhféile, ina measc Diane Cannon, Noeleen Ní Cholla, Doimnic Mac Ghiolla Bhríde, agus go leor eile.
Tá sé d’aidhm ag lucht na féile i mbliana aird a thabhairt ar an méadú atá ar an gcostas maireachtála agus beidh réimse imeachtaí gan aon táille nó ar lacáiste san áireamh acu ar chlár na bliana seo.
Gach eolas agus ticéid ar fáil anseo.
IMEACHTAÍ DO DHAOINE ÓGA
Cruinniú na nÓg ar fud na tíre
Beidh os cionn 1,300 imeacht á reáchtáil ar fud na tíre mar chuid de ‘Cruinniú na nÓg 2026’, a bheidh ar bun ar an Satharn an 6 Meitheamh i mbliana. Lá náisiúnta atá ann, a bhfuil sé d’aidhm aige imeachtaí cruthaitheachta saor in aisce a chur ar fáil do dhaoine óga.
Beidh ealaín sráide, sorcas, ceol agus amharclannaíocht agus go leor eile i measc na n-imeachtaí a bheidh ar fáil ar chlár na bliana seo. Cuirfidh Comhairle Chontae na Gaillimhe deich n-imeacht as Gaeilge ar bun ar Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr.
Chomh maith leis na himeachtaí i rith an lae, tá an clár ag tacú le himeachtaí tráthnóna do dhaoine óga idir 13 agus 18 bliana d’aois arís i mbliana agus réimse imeachtaí ar bun mar chuid de chlár ‘Cruinniú Late’.
I measc na mbuaicphointí eile ag féile na bliana seo, beidh Circus Céilí, cruinniú na n-amharclannóirí óga, comórtas ealaíne do dhaoine óga atá á reáchtáil ag RTÉ agus Éire Ildánach agus go leor eile.
Tuilleadh eolais agus clár na n-imeachtaí anseo.
ROTHAÍOCHT
Tour de Conamara
Beidh an ŠKODA Tour de Conamara 2026 ar bun ar an Satharn beag seo, an 23 Bealtaine. Ócáid rothaíochta spórtúil atá anseo do rothaithe amaitéaracha agus rogha ar fáil idir cúrsa 140km nó 80km. Is i mbaile an Chlocháin i gConamara a bheidh ceannáras an imeachta.
Tá an ócáid oscailte do bhaill Rothaíocht Éireann, nó tá cead ag daoine ceadúnas aon lae a cheannach don lá ar chostas €10. Cuirfear tús le babhta rothaíochta an chúrsa 140km ag 9.30am agus is ag 10,30am a chuirfear tús leis an gcúrsa 80km. Téann an dá chúrsa trí thírdhreach álainn ina bhfuil cósta, locha, gleannta agus sléibhte.
Tuilleadh eolais agus clárúchán anseo.
Fág freagra ar 'Féile na Gealaí deich mbliana ar an bhfód; Cruinniú na nÓg; Tour de Conamara; Seachtain Scríbhneoirí Lios Tuathail'