Toghfar Micheál D Ó hUigínn an mhí seo chugainn, ach ná cuir geall rómhór air…

RÁS AN ÁRAIS: Dá mba leor meas a bheith ort chun toghchán a ghnóthú, bheadh an rás seo thart cheana féin

Toghfar Micheál D Ó hUigínn an mhí seo chugainn, ach ná cuir geall rómhór air…

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Toghfar Micheál D Ó hUigínn mar uachtarán arís ar an 26 Deireadh Fómhair. Is é sin mura gcuireann sé féin a atoghadh i mbaol. 

Ní féidir toradh ar bith eile a thuar agus tús curtha go hoifigiúil le feachtas an toghcháin seo. Sin ráite, is cúis aireachais í nach mbeidh an feachtas seo inchurtha le feachtas ar bith ó bhuaigh Seán T. Ó Ceallaigh an chéad toghchán uachtaránachta i 1945.*

Is toghchán as an ngnáth é seo ar chúiseanna éagsúla, ach ní féidir é a mheá i gceart gan trí cinn de na gnéithe neamhghnácha sin a chur san áireamh:

Easpa páirtithe:  Níl ionadaí sa toghchán seo ag an dá pháirtí is mó sa Dáil, ná ag páirtí ar bith eile seachas Sinn Féin agus an Lucht Oibre (go hindíreach, toisc gur mar neamhspleách atá Micheál D Ó hUigínn ag seasamh an babhta seo). Níl aon iarrthóir ainmnithe ach oiread ag neamhspleáigh an Oireachtais.

Easpa polaiteoirí:  Níl ach beirt iarrthóirí, Micheál D Ó hUigínn agus Liadh Ní Riada, san iomaíocht a bhfuil taithí pholaitiúil acu. Bhí ceathrar polaiteoirí (Ó hUigínn, Gay Mitchell ó Fhine Gael, Martin McGuinness ó Shinn Féin, agus an seanadóir neamhspleách David Norris) san iomaíocht in 2011.  

Réalta teilifíse:  Is ar an gclár Dragon’s Den a bhain triúr as an seisear atá san iomaíocht mórcháil náisiúnta amach. Ní hionann sin agus a rá nach seasfadh Seán Gallagher, Gavin Duffy agus Peter Casey murach iad a bheith páirteach sa chlár, ach is ar a saothar teilifíse a chuimhníonn ár bhformhór agus an triúr á bplé. 

Is léir láithreach ón gcur síos thuas nach féidir toradh gan choinne ar an toghchán seo a chur as an áireamh go hiomlán. Ní raibh taithí pholaitiúil ná toghchánaíochta ag Máire Mhic Giolla Íosa sarar toghadh í i 1997. Agus, cé nár chóir béim róláidir a chur ar an gcomparáid, léirigh bua Donald Trump sna Stáit Aontaithe an tairbhe a bhaineann le cáil teilifíse sa saol polaitiúil.

Tugann gach toghchán uachtaránachta deis do vótóiri rogha a dhéanamh nach mbaineann go díreach lena saol pearsanta. Is cuma cé a thoghfar, ná cén t-athrú a mholann sé/sí, go soiléir nó go discréideach, ní bhíonn dualgas ar rialtas ar bith aird a thabhairt ar thuairim uachtaráin.

Is féidir le huachtarán a rá, mar a dúirt Mícheál D. Ó Huigínn ó am go ham ó toghadh é seacht mbliana ó shin, nach leor meon an mhargaidh chun fadhbanna éagsúla a réiteach. Aontaíonn mórán lena thuairim, ach ní léir aon toradh soiléir ar a ndúirt sé.

Ní haon locht ar chur chuige an Uachtaráin é go bhfuil an scéal amhlaidh, ach léiríonn sé an deis is féidir le gach iarrthóir eile a thapú – más féidir leo seafóid, áibhéil agus caint gan bhrí (de réir an Bhunreachta) a sheachaint.

Bíonn toghchán uachtaránachta cosúil le gach toghchán eile toisc go dtugtar deis don phobal meas nó míshásamh a chur in iúl.

Tá meas ag mórán ar Mhicheál D. Ó hUigínn, ach ní féidir leis a bheith cinnte nach léireoidh go leor vótóirí a míshásamh sa toghchán faoi rud nach mbaineann leis in aon chor. 

Bhí 39.6% de na vótaí céad rogha ag Micheál D. Ó hUigínn in 2011, agus 28.5% ag Seán Gallagher (in ainneoin an leatrom a rinne RTÉ air). Ach is a bhuí le 213,976 aistriúchán ó Shinn Féin agus ó Fhine Gael, chomh maith le 62,648 aistriúchán ón Seanadóir Norris, a toghadh Ó hUigínn ar an gceathrú comhaireamh. Ní bheidh tobar na n-aistriúchán polaitiúil baileach chomh domhain sa toghchán seo, toisc gurb é Sinn Féin an t-aon pháirtí a bhfuil iarrthóir dá gcuid féin ainmnithe acu.

Dá mba leor meas a bheith ort chun toghchán a ghnóthú, bheadh an rás seo rite. Ní leor, ar ndóigh. Ach mura ndéanann Mícheál D díobháil gan choinne dá chás, toghfar arís é.

* Toghadh an chéad uachtarán, Dubhghas de hÍde, i 1938. Ní raibh toghchán riachtanach toisc nár ainmníodh duine ar bith eile mar iarrthóir

Fág freagra ar 'Toghfar Micheál D Ó hUigínn an mhí seo chugainn, ach ná cuir geall rómhór air…'

  • Aodán Ó Sé

    Cén chaoi nach bhfuil taithí polaitíochta ag Joan Freeman, ball reatha den Seanad??

  • Aodán Ó Sé

    Nach ball den Seanad í Joan Freeman?

  • Éibhear Neff

    Cuireann sé isteach ormsa gur gheall Micheál D Ó hUigínn nach mbeadh uaidh ach téarma amháin mar Uachtarán na hÉireann aige. Thaitin an ráiteas flaithiúlach sin le cuid mhaith daoine ag an am, ach, ar bhuaileadh bob orainn?

    É sin ráite, tá meas ag Michael D ar ár gcultúr Gaelach – rud atá an-thábhachtach dar liom féin.

    An t-aon duine eile a bheadh tuiscint den scoth aici ar an gcultúr Gaelach is ea Liadh Ní Riada. Bhíos féin an-shásta leis na mná a bhí againn san Áras, agus bheinn an-shásta anois bean eile mar Liadh Ní Riada a bheith ina hUachtarán ann.

  • Mairéad

    Mura dhiúltaíonn an tUachtarán Micheál D Ó hUiginn an Acht sláinte ina bhfuil cosc á cur ag Simon Harris ar an nGaeilge a úsáid ar fógraí oifigiúla sláinte stáit a shíniú níor chóir vótáil dó.

  • Éibhear Neff

    Tá an ceart ag Mairéad – ba chóir Uachtarán na hÉireann cosc a cur ar BÉARLA AMHÁIN ag Simon Harris ar fhógraí oifigiúla sláinte.

    Tá an tuairim sin, BÉARLA AMHÁIN, maslach – cuireann sé mearbhall orm.

  • Seán

    A Mhairéad & a Éibhear, a chairde, cé acu de na hiarrathóirí eile a chuirfeadh cosc ar Béarla amhain ?? Duine ar bith acu a deirimse. Seán