Toghchán? Rialtas mar a thuilltear a fhaigheann gach tír…

Fúinne, na vótóirí, a bheas sé an ghéarchéim i dTeach Laighean a réiteach

Toghchán? Rialtas mar a thuilltear a fhaigheann gach tír…

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Theip ar vótóirí an stáit seo rogha a dhéanamh maidir le rialtas nó comhrialtas anuraidh. Beidh deis againn sula fada rogha a dhéanamh arís, cé nach bhfuil fianaise ann faoi láthair go dtiocfaidh athrú mór ar thoradh na vótála.

Cibé dearcadh atá agat, a léitheoir uasail, ar an bhfáth gur theip ar an gcomhthuiscint idir Fine Gael agus Fianna Fáil, is fiú breathnú láithreach ar na figiúirí agus toradh an olltoghcháin atá ag teannadh linn á mheá.

Tá ionadaíocht reatha na bpáirtithe agus na Neamhspleách sa Dáil reatha sa tábla thíos, agus an céatadán den vóta náisiúnta a ghnóthaigh iad anuraidh tugtha idir lúibíní.

OLLTOGHCHÁN 26 FEABHRA 2016

SUÍOCHÁIN (SCIAR DEN VÓTA)

FINE GAEL 50 (25.5%)

FIANNA FÁIL 45 (24.3%)

SINN FÉIN 23 (13.8%)

LUCHT OIBRE 7 (6.6%)

AAA/PbP* 6 (3.9%)

DAONLATHAIGH SHÓISIALTA 2 (3.0%)

COMHAONTAS GLAS 2 (2.7%)

NEAMHSPLEÁIGH/EILE 23 (20.3%)

* Tugtar ‘Solidarity’ (Dlúthpháirtíocht) ar an AAA/PbP anois.

Níl fianaise shoiléir sna pobalbhreitheanna a foilsíodh sular thit an bonn as an gcomhoibriú idir Fine Gael agus Fianna Fáil go n-athróidh olltoghchán eile comhdhéanamh bunúsach na Dála.

Bíonn an dá pháirtí is mó chun tosaigh ar a chéile ó am go ham, agus údar dóchais ag Fianna Fáil uaireanta go mb’fhéidir go mbeidís ábalta dul chun cinn ar a sean-naimhde. Ach níor léirigh na pobalbhreitheanna aon athrú meoin ó anuraidh a chuirfeadh ar chumas ceachtar páirtí dul i mbun rialtais d’uireasa an chineál comhthuisceana a bhí i bhfeidhm go dtí inné.

Dá mbeidís toilteanach dul i gcomhrialtas le Sinn Féin, bheadh an léargas athraithe go hiomlán, ach sin scéal eile.

Tá an tírdhreach polaitiúil athraithe go hiomlán ó mhol Sinn Féin agus Fianna Fáil a vótaí mímhuiníne sa Tánaiste Frances Fitzgerald. Ní raibh aon súil ag an bpobal le stoirm pholaitiúil na seachtaine seo, ná le titim as a chéile an rialtais.

Má thagann tuairim chun cinn gur ar pháirtí áirithe nó ar dhuine áirithe atá an milleán is mó faoin rialtas a chur i mbaol, gan dabht caillfear vótaí dá bharr.

Sin ráite, tá a fhios ag gach Teachta Dála ar buadh ar a pháirtí tar éis seal a chaitheamh i mbun rialtais nach mbaineann cinnteacht riamh le feachtais olltoghcháin.

Ach de ghnáth bíonn tionchar níos mó ar na torthaí ag cúiseanna míshásaimh nár pléadh ach ar éigean agus toghchán á fhógairt.

B’fhéidir go gceapfaí go mbeadh cóir ghaoithe ag Fine Gael agus na neamhspleáigh a bhí sa rialtas leo le bliain, ar thrí chúis go háirithe:

  1. Toisc gur léir do chách an brú atá ar an rialtas mar gheall ar Bhreatimeacht agus cinneadh faoin gcéad chéim eile de le déanamh ag ceannairí Eorpacha an mhí seo chugainn.
  2. Toisc nach bhfuil míniú soiléir tugtha mar gheall ar fhianaise go ndearna Frances Fitzgerald mórfhaillí mar aire dlí agus cirt tugtha fós ag Fianna Fáil ná ag Sinn Féin.
  3. Toisc nach bhfuil sí freagrach níos mó as an roinn a ndeir siad go ndearna sí faillí inti agus gur cosúla dá bharr le pionós iar-ré mar sin na rúin mhímhuiníne.
  4. Mar sin féin, déan talamh slán de nach gcuimhneoidh mórán daoine ar Frances Fitzgerald agus iad ag vótáil. Is dainséar suntasach d’Fhine Gael, agus d’Fhianna Fáil a choinnigh i gcumhacht iad, an ghéarchéim tithíochta, síor-shíneadh liostaí feithimh na n-ospidéal, dúnadh oifigí poist agus mar sin de.

How come your politicians are so sensible, when the British to the east and we Americans to the west have gone nuts?’ arsa iriseoir Meiriceánach le scríbhneoir an cholúin seo le linn comhrá i mBaile Átha Cliath le gairid.

Ba dheacair smaoineamh ar fhreagra réasúnta ar a cheist. Seachas freagra mar seo: gur léir dár n-ionadaithe tofa, mar is léir i dtíortha beaga de ghnáth, an chontúirt a bhaineann le místuaim nó le toghadh ceannairí místuama.

Dá dtabharfadh an fear céanna cuairt ar Éirinn inniu, n’fheadar cén freagra a d’fhéadfaí a thabhairt ar a cheist.

Dúirt an fealsúnaí Francach Joseph de Maistre fadó: ‘toute nation a le gouvernment qu’elle mérite’ – rialtas mar a thuilltear a fhaigheann gach tír.

Níl fianaise na staire ag teacht go hiomlán lena thuairim ach is breithiúnas breá ar ár gcás é faoi láthair, faraor.

Fág freagra ar 'Toghchán? Rialtas mar a thuilltear a fhaigheann gach tír…'

  • Seáinín Mac Conraoi

    Tá súil agam nach bhfuil cluiche dúradán idirnáisiúnta ar siúl ó thaobh cúrsaí polaitíochta de. An orainne sna Stáit an milleán, nó nach é ach léiriú ar an gcaoi a bhfuil rudaí anois áit ar bith ar domhan? Cheap mé gur thearmann seasmhachta í Éire, ach is dócha nach féidir le tír ar bith an stoirm a sheachaint.