TOGHCHÁN 2020: Inniu a déarfaidh muintir na hÉireann a gcuid in Olltoghchán 2020

Ar na botháin vótála ar fud an stáit atá triall an pobal inniu chun vótáil do na hiarrthóirí is is rogha leo a chur chun an 33ú Dáil

TOGHCHÁN 2020: Inniu a déarfaidh muintir na hÉireann a gcuid in Olltoghchán 2020

Árainn Mhór inné. Pictiur: Twitter/@freyamcc

Tabharfaidh muintir na hÉireann a n-aghaidh inniu ar scoileanna agus ionaid phoiblí ar fud na tíre chun vótáil do na hiarrthóirí is is rogha leo a chur chun an 33ú Dáil.

516 iarrthóir a bhfuil súil acu suíochán a fháil sa 39 dáilcheantar. 

Inné a caitheadh vóta ar na hoileáin amach ó chósta na Gaillimhe, Mhaigh Eo agus Dhún na nGall.

Ag 10pm anocht a gheofar an chéad éachtaint ar mhianta an phobail nuair a fhógrófar torthaí na pobalbhreithe iarvótála atá á dhéanamh ag Ipsos MRBI do RTÉ, TG4, an Irish Times agus UCD.

Ceisteofar sa phobalbhreith 5,000 duine ar fud an stáit agus a vóta díreach caite acu.

De réir na bpobalbhreitheanna deireanacha a rinneadh roimh lá na cinniúna, bhí rabharta tacaíochta ag teacht i dtreo Shinn Féin agus bhí  tacaíocht Fhine Gael ag trá.

I bhfianaise na bpobalbhreitheanna céanna is ag Fianna Fáil a bheidh an líon is mó suíochán ach a mbeidh clabhsúr curtha ar an gcomhaireamh sna 39 dáilcheantar. 

Beidh an Comhaontas Glas ag súil le dul chun cinn a dhéanamh agus tógáil ar an mborradh a bhí fúthu sna toghcháin áitiúla. 

Beidh Páirtí an Lucht Oibre ag súil le comharthaí téarnaimh a fheiceáil agus le toradh níos fearr a fháil ná mar a fuair siad in 2016 nuair a fágadh i dtaobh le seacht suíochán iad.

Ó tharla nach mbeidh móramh, 80 suíochán, ag aon pháirtí is é is dóichí ná a mhalairt go leanfaidh cainteanna fada comhrialtais comhaireamh na vótaí. 

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar inné gur dóigh leis go mbeidh sé “an-deacair” rialtas a bhunú i ndiaidh an toghcáin má thagann an tuar faoin tairngreacht.

Dúirt Varadkar gur “rás trí chapall” a bheadh sa toghchán agus é ag tagairt don bhorradh atá faoi Shinn Féin.

70 lá i ndiaidh na vótála in 2016 a bunaíodh rialtas mionlaigh Fhine Gael le tacaíocht an tsocraithe muiníne agus soláthair a rinne siad le Fianna Fáil.

Beidh na páirtithe agus na hiarrthóirí go léir ar a seacht ndícheall inniu ag iarraidh cor chun feabhais a chur ina gcinniúint féin agus buille nó dhó eile a bhualadh ar a gcéilí comhraic.

Cúrsaí sláinte agus cúrsaí tithíochta na hábhair mhóra cainte le linn an fheachtais. 

In ainneoin iarrachtaí Fhine Gael aird an phobail a dhíriú ar chúrsaí Breatimeachta agus cúrsaí eacnamaíochta níor deineadh oiread céanna cainte faoi na hábhair sin agus ba mhaith leo.

Is ar éigean gur luadh cás na Gaeilge ná na Gaeltachta le linn an fheachtais cé go raibh geallúintí móra faoin teanga i measc an liodáin geallúintí a rinneadh le roinnt seachtainí anuas.

Thug cuid de na hiarrthóirí tacaíocht chomh maith do cheithre phríomhéileamh Chonradh na Gaeilge, aire sinsearach don Ghaeltacht, breis infheistíochta sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht, polasaí náisiúnta don Ghaeilge sa chóras oideachais agus bille teanga níos láidre ná an ceann a foilsíodh ag deireadh na bliana seo caite. 

Bhí díomá ar lucht feachtais, áfach, nár thacaigh Fianna Fáil ná Fine Gael leis an éileamh ar aire sinsearach a mbeadh príomhchúram na Gaeilge agus na Gaeltachta air.

Sa phobalbhreith náisiúnta dheireanach a foilsíodh le linn an fheachtais, tugadh le fios go raibh Sinn Féin imithe chun cinn ar Fhine Gael agus ar Fhianna Fáil den chéad uair.

Dá mba amhlaidh an scéal inniu ba bhua stairiúil a bheadh ann do Shinn Féin, cé nach bhfuil dóthain iarrthóirí acu chun dul chun cinn ar na páirtithe eile ó thaobh líon a suíochán.

Tá sé curtha as an áireamh ag Fianna Fáil agus Fine Gael go rachaidís i gcomhrialtas le Sinn Féin, ach ráineodh go gcuirfí tástáil ar an ngeallúint sin ag brath ar thorthaí an toghcháin.

Beidh an dá mhórpháirtí ag súil gur baineadh tuisle as Sinn Féin le roinnt laethanta anuas i bhfianaise na conspóide faoin ráiteas a rinne a n-aire airgeadais ó thuaidh Conor Murphy faoi dhúnmharú an fhir óig Paul Quinn. 

Beidh Sinn Féin ag súil go bhfuil a n-intinn déanta suas ag daoine agus gur éirigh lena dteachtaireacht gur beirt ar aon scéal agus iad ag troid iad Fianna Fáil agus Fine Gael. Beidh imní áirithe ar pháirtí Mary Lou McDonald áfach go leáfadh a dtacaíocht léi, mar a tharla i dtoghcháin eile roimhe seo. 

Ar an dtaobh eile den scéal, beidh Fianna Fáil ag súil go gcruthóidh siad níos fearr ná mar a tugadh le fios sna pobalbhreitheanna, mar a tharla ina gcás siúd cheana.

Beidh dóchas ag Fine Gael gur éirigh leo cuid dá lucht tacaíochta a mhealladh ar ais i laethanta deireanacha an fheachtais.

De réir suirbhé a rinne Tuairisc.ie, tá Gaeilge ag breis agus trí scór de na hiarrthóirí toghcháin. Tá Gaeilge ag 59 iarrthóir páirtí ach tá Gaeilge líofa freisin ag neamhspleáigh, dream nach raibh san áireamh sa suirbhé sin.

Táthar den tuairim go mbeidh sé ina chogadh dearg do chuid de na suíocháin sna toghcheantair Ghaeltachta. 

De réir phobalbhreith TG4 beidh iomaíocht ghéar ann do thrí cinn de na cúig shuíochán i nGaillimh Thiar, mar a bhfuil na Daonlathaigh Shóisialta agus an Comhaontas Glas tar éis guailleáil isteach i measc na mboc mór agus caint ann go bhfuil aire stáit na Gaeltachta féin, Seán Kyne, i mbaol a shuíochán a chailliúint.

De réir na pobalbhreithe a rinne Ipsos MRBI do TG4 i nDún na nGall, bheadh 39% de vótaí céadrogha ag Sinn Féin agus cuóta go leith ag Pearse Doherty.

De réir na pobalbhreithe a rinneadh sa tsraith chéanna i gCiarraí, tá 20% an duine ag Pa Daly Shinn Féin agus Michael Healy-Rae agus tá Danny Healy-Rae i mbaol a shuíochán a chailliúint.

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN 2020: Inniu a déarfaidh muintir na hÉireann a gcuid in Olltoghchán 2020'