Tá tonn tacaíochta Shinn Féin tagtha i dtír i ndáilcheantar Chiarraí agus creimeadh déanta ar thacaíocht mhór mhuintir Healy Rae sa chontae.
De réir phobalbhreith TG4, ar craoladh a torthaí ar Vóta 2020 tráthnóna, choimeádfadh Pa Daly, iarrthóir Shinn Féin suíochán an pháirtí, a bhíodh ag Martin Ferris, sa dáilcheantar.
Sa phobalbhreith seo, tá Pa Daly Shinn Féin agus Michael Healy-Rae gob ar ghob ar bharr an liosta agus 20% an duine acu.

An t-aire stáit Brendan Griffin atá sa tríú háit agus 17% ag fear Fhine Gael. Ina dhiaidh sin, tá duine de thriúr iarrthóirí Fhianna Fáil, Norma Foley, atá ar 10%. Sa cheathrú háit, tá Cleo Murphy an Chomhaontais Ghlais le 9% agus John Brassil Fhianna Fáil a bhfuil an céatadán céanna aige.
De réir na pobalbhreithe sa dáilcheantar cúig shuíochán tá muintir Healy-Rae, Fianna Fáil agus Fine Gael ar fad ar comhchéim ar 23% den vóta.
Tá 20% den vóta céadrogha ag Sinn Féin de réir na pobalbhreithe agus 9% atá ag Comhaontas Glas. Níl aon iarrthóir ag Páirtí an Lucht Oibre i gCiarraí an babhta seo, an chéad uair ar tharla a leithéid ó na 1930idí.
Iarrthóirí | Páirtí | PB ‘20 | Oll ‘16 |
---|---|---|---|
Micheal HEALY RAE | NS | 20% | 26% |
Pa DALY | SF | 20% | |
Brendan GRIFFIN | FG | 17% | 12% |
Norma FOLEY | FF | 10% | |
Cleo MURPHY | CG | 9% | |
John BRASSIL | FF | 9% | 10% |
Mike KENNELLY | FG | 6% | |
Norma MORIARITY | FF | 4% | 5% |
Danny HEALY RAE | NS | 4% | 13% |
Sonny FORAN | AON | 2% | |
Ted CRONIN | NS | 1% | |
John BOWLER | IFP | 0% | |
Sean O’LEARY | NS | 0% |
Pobalbhreith TG4/Ipsos MRBI
Bunaithe ar an bpobalbhreith seo, bheadh suíochán ag Sinn Féin, ag Michael Healy-Rae, ag Brendan Griffin Fhine Gael agus ag duine de thriúr Fhianna Fáil.
Seans gur vótaí aistrithe an tríú hiarrthóir de chuid Fhianna Fáil Norma Moriarty a shocródh cé acu dá comhghleacaithe, Norma Foley nó John Brassil, a bhí ina Theachta Dála sa 32ú Dáil, a gheobhaidh suíochán don pháirtí.
Bheadh sé ina chogadh dearg ansin don suíochán deireanach idir an t-iarrthóir eile de chuid Fhianna Fáil agus na Glasaigh.
Ráineodh go mbeadh iarrthóir eile Fhine Gael Mike Kennelly rófhada siar ar 6%, ach cé nach bhfuil ach 4% ag Danny Healy-Rae sa phobalbhreith, d’fhéadfadh vótaí aistrithe a dhearthár é a tharraingt isteach san iomaíocht.
Iarrthóirí | PB ‘20 | Oll ‘16 |
---|---|---|
Healy Rae | 23% | 38% |
Fianna Fáil | 23% | 16% |
Fine Gael | 23% | 21% |
Sinn Féin | 20% | 12% |
C Glas | 9% | 1% |
LO | n/a | 6% |
Aontú | 2% | n/a |
NS/Eile | 1% | 5% |
Pobalbhreith TG4/Ipsos MRBI
Dá mba amhlaidh a vótálfadh muintir Chiarraí Dé Sathairn, bheadh laghdú suntasach, 15 pointe céatadáin, ar vóta mhuintir Healy-Rae, Danny agus Michael, a fuair 38% de na vótaí céadrogha in Olltoghchán 2016.
Chomh maith leis sin bheadh teacht aniar déanta ag Fianna Fáil, a fuair 16% in 2016 ach a bhfuil 23% acu i bpobalbhreith TG4.
12% a bhí ag Sinn Féin i dtoghchán 2016 nuair a d’éirigh le Martin Ferris a shuíochán a choimeád agus dá mbeadh 20%, níos mó ná an cuóta, ag an bpáirtí bheadh suíochán Ferris ag Pa Daly.
Fág freagra ar 'TOGHCHÁN 2020: Tonn tacaíochta Shinn Féin tagtha i dtír i gCiarraí agus muintir Healy Rae lagaithe – pobalbhreith TG4'