TOGHCHÁN 2020: Fáilte den chuid is mó roimh éilimh faoin nGaeilge ach doicheall roimh aire sinsearach

Ceithre phríomhéileamh atá ag Conradh na Gaeilge ar na páirtithe agus na hiarrthóirí go léir a bheidh san iomaíocht in olltoghchán na míosa seo chugainn

TOGHCHÁN 2020: Fáilte den chuid is mó roimh éilimh faoin nGaeilge ach doicheall roimh aire sinsearach

Tá Conradh na Gaeilge “an-sásta” leis an nglacadh a bhí ag na páirtithe lena n-éilimh réamhthoghcháin, seachas i gcás a n-éilimh ar aire sinsearach don Ghaeltacht.

Ceithre phríomhéileamh atá ag Conradh na Gaeilge ar na páirtithe agus na hiarrthóirí go léir a bheidh san iomaíocht in olltoghchán na míosa seo chugainn.

Is iad na héilimh sin, Aire Sinsearach don Ghaeltacht, breis infheistíochta sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht, polasaí náisiúnta don Ghaeilge sa chóras oideachais agus bille teanga níos láidre ná an ceann a foilsíodh ag deireadh na bliana seo caite.

Tá glactha go forleathan le trí cinn de na héilimh sin ach ní raibh Fianna Fáil, Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre ná na Daonlathaigh Shóisialta sásta geallúint a thabhairt go leagfaidís an phríomhfhreagracht ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta ar aire sinsearach.

Tá curtha in iúl ag gach páirtí seachas Fine Gael don eagraíocht teanga go dtacaíonn siad leis an éileamh ar pholasaí nua náisiúnta don Gaeilge sa chóras oideachais, ‘ón réamhscoil go dtí an ollscoil’.

Deir formhór na bpáirtithe chomh maith go bhfuil siad ar son breis infheistíochta a dhéanamh sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht.

Tá pacáiste €24.2 milliún geallta ag Fianna Fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, ag áireamh €10 milliún breise d’Údarás na Gaeltachta, €6 milliún breise do TG4 agus €3 milliún d’Fhoras na Gaeilge.

I bhforógra Fhine Gael, deirtear go bhfuil an páirtí meáite ar a dhá oiread airgid a bheith á infheistiú sa Ghaeilge faoi 2025 i gcomparáid le 2017, an bhliain inar ceapadh Leo Varadkar ina Thaoiseach.

Gealltar in A Future to Look Forward To go mbeadh €46 milliún breise ar fáil don Ghaeilge agus do na hoileáin faoi 2025 sa chás go mbeidís féin i gcumhacht.

Gealltar chomh maith i bhforógra Shinn Féin go dtabharfaí an maoiniú céanna d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge is a bhí acu in 2007 roimh an ngéarchéim eacnamaíochta.

Baineadh siar as lucht feachtais an tseachtain seo caite nuair a tuairiscíodh nach bhfuil Fianna Fáil sásta geallúint a thabhairt go gceapfaí aire sinsearach a mbeadh an phríomhfhreagracht air ó thaobh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Sinn Féin an t-aon mhórpháirtí a bhfuil geallúint tugtha acu ina bhforógra toghcháin go gceapfaidís aire sinsearach don Ghaeltacht má bhíonn siad i gcumhacht tar éis thoghchán na míosa seo chugainn.

Cé nach bhfuil a leithéid geallta i bhforógra Chomhaontas Glas, dúirt urlabhraí Gaeilge an pháirtí sin, Peter Kavanagh, gur “polasaí seasmhach” acu é go mbeadh aire sinsearach ag plé le cúrsaí Gaeltachta.

Chuir Aontú agus Pobal Roimh Bhrabús in iúl chomh maith go dtacaíonn siad leis an éileamh ar aire sinsearach don Ghaeltacht.

Ach fágann doicheall na bpáirtithe móra roimh an éileamh go mbeidh imní ar lucht na teanga go bhfuil buille maraithe na muice buailte ar an nós go mbíodh aire sinsearach le Gaeilge i bhfeighil chúrsaí Gaeltachta.

Ní raibh a leithéid d’aire ag bord an rialtais le nach mór deich mbliana anuas, ach bhí dóchas ag lucht feachtais go ngeallfadh Fianna Fáil a leithéid, rud a rinne siad roimh an olltoghchán deireanach.

Deir Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile gur mhíbhuntáiste mór don Ghaeilge agus don Ghaeltacht é nach raibh aire sinsearach ag plé leo ó 2011. 

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go rabhthas “an-sásta” le tacaíocht roinnt de na páirtithe do cheithre éileamh réamhthoghcháin na heagraíochta, dúirt sé go raibh “obair le déanamh againn fós le héilimh áirithe a chinntiú” go háirithe i gcás an éilimh ar aire sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

“Táimid ag iarraidh ar an bpobal, idir anois agus lá an Olltoghcháin, plé a dhéanamh le hiarrthóirí maidir leis na ceithre éileamh,” arsa Julian de Spáinn.

Tá geallta ag formhór na bpáirtithe a bhí sa bhfreasúra sa 32ú Dáil go dtacóidís le bille teanga níos láidre a thabhairt isteach, mar a rinne siad nuair a d’fhoilsigh an Rialtas a mbille ag deireadh na bliana seo caite.

Bhí easaontas mór idir an Rialtas agus an freasúra faoi fhiúntas na reachtaíochta nuair a foilsíodh ag deireadh na bliana seo caite í agus gheall an freasúra sular lánscoradh an Dáil go mbeadh leasuithe móra ar an mbille á n-éileamh

Mhaígh an Rialtas gur “ré úr don Ghaeilge” a bhí sa bhille atá le leasú a dhéanamh ar an acht teanga, ach dúirt an freasúra gur údar mór “díomá” a bhí ann.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, go raibh sé “an-tábhachtach go mbeadh an pobal ar an eolas maidir le seasamh na bpáirtithe ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta”.

“Níl cothrom na Féinne faighte ag an teanga le tamall de bhlianta, go háirithe ó thaobh maoinithe de, ach is maith an rud go bhfuil an chuid is mó de na páirtithe ag geallúint go gcuirfear sin ina cheart tar éis an Olltoghcháin.

“Bhainfí úsáid as an infheistíocht bhreise, atá geallta ag na páirtithe, le fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht agus le deiseanna úsáide Gaeilge a chur ar fáil don phobal trí chéile trí lárionaid Ghaeilge a fhorbairt, scoláireachtaí a chur ar fáil do pháistí faoi mhíbhuntáiste, comhordaitheoirí teanga a fhostú agus eile,” arsa Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN 2020: Fáilte den chuid is mó roimh éilimh faoin nGaeilge ach doicheall roimh aire sinsearach'