TOGHCHÁN 2020: Aire sinsearach don Ghaeltacht agus Gaeilge ag 20% de státseirbhísigh nua faoi 2025 – forógra Shinn Féin

Sinn Féin an páirtí is déanaí a d’fhoilsigh a bpolasaí Gaeilge mar chuid d’Olltoghchán 2020 agus ach oiread leis na páirtithe eile tá go leor gealltanas ann

TOGHCHÁN 2020: Aire sinsearach don Ghaeltacht agus Gaeilge ag 20% de státseirbhísigh nua faoi 2025 – forógra Shinn Féin

Pictiúr: Twitter/@harrymcgee

Tá geallúint tugtha ag Sinn Féin go gceapfaidís aire sinsearach don Ghaeltacht má bhíonn siad i gcumhacht tar éis thoghchán na míosa seo chugainn.

Tá an gheallúint sin i bhforógra an pháirtí a seoladh tráthnóna.

Gealltar chomh maith i bhforógra Shinn Féin go dtabharfaí an maoiniú céanna d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge is a bhí acu in 2007 roimh an ngéarchéim eacnamaíochta agus go dtabharfaí ar ais toghchán Údarás na Gaeltachta.

D’fhágfadh sin go mbeadh thart ar €20 milliún sa bhliain ag Foras na Gaeilge, méadú thart ar €5 milliún, agus go mbeadh €20 milliún mar bhuiséad caipitil ag Údarás na Gaeltachta, i gcomórtas le €10 milliún i mbliana.

Chuirfeadh Sinn Féin na harduithe sin i bhfeidhm láithreach, a ghealltar, agus leanfaí ina dhiaidh sin ag cur le maoiniú na n-eagraíochtaí bliain i ndiaidh bliana.

Gealltar chomh maith go gcuirfí maoiniú “ceart” ar fáil don phleanáil teanga.

Maítear go mbunófaí ionaid Ghaeilge nua in áiteanna amhail Baile Átha Cliath, Gaillimh, Port Láirge agus Corcaigh.

Thacófaí chomh maith, a ghealltar, le cúrsaí craoltóireachta, foilsitheoireachta agus ealaíne agus thacófaí le stáisiún raidió náisiúnta a dhéanamh de Raidió Rí Rá.

Deir Sinn Féin go bhféadfaí, ach an “toil pholaitiúil agus infheistíocht chuí” a bheith ann, a chinntiú go mbeadh Gaeilge ag 20% d’earcaigh sa státseirbhís faoi 2025 agus go bhféadfaí cur leis sin nó go mbeadh 50% de státseirbhísigh ina nGaeilgeoirí. Bhainfí sin amach trí leasuithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus trí spriocanna a mbeadh ceangal dlí ag baint leo a thabhairt isteach, a deirtear.

Maidir le cúrsaí oideachais, gealltar go mbunófaí aonad sa Roinn Oideachais le cabhrú le scoileanna Béarla iompú ina scoileanna Gaeilge.

Chuirfí breis oiliúna ar fáil do mhúinteoirí sa chóras gaeloideachais agus in earnáil na réamhscolaíochta.

Gealltar go gcuirfí airgead caipitil ar fáil le dul i ngleic leis an drochbhail atá ar chuid mhaith gaelscoileanna.

Dhíolfaí as seachtain bhreise sa Ghaeltacht d’ábhar oidí agus thabharfaí scéim scoláireachtaí isteach do dhaltaí le cur ar a gcumas freastal ar choláistí samhraidh.

Maítear i bhforógra Shinn Féin gur léir go bhfuil ag teip ar pholasaithe an Rialtais i leith na Gaeilge agus laghdú 11% ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras Oideachais sa Ghaeltacht, de réir an daonáirimh dheireanaigh.

Baineadh siar as lucht feachtais inniu nuair a tháinig sé chun solais nach bhfuil Fianna Fáil sásta geallúint a thabhairt go gceapfaí aire sinsearach a mbeadh an phríomhfhreagracht air ó thaobh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Idir an dá linn, dúirt urlabhraí Gaeilge Chomhaontas Glas Peter Kavanagh le Tuairisc.ie gur “polasaí seasmhach” acu é go mbeadh aire sinsearach ag plé le cúrsaí Gaeltachta, cé nach bhfuil a leithéid geallta ina bhforógra.

Dúirt urlabhraí Chomhaontas Glas, go dtacaíonn a pháirtí “100%” le ceithre éileamh réamhthoghcháin Chonradh na Gaeilge, aire sinsearach don Ghaeltacht,  breis infheistíochta sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht, polasaí náisiúnta don Ghaeilge sa chóras oideachais agus bille teanga níos láidre ná an ceann a foilsíodh ag deireadh na bliana seo caite.

Tá geallta ag Comhaontas Glas ina bhforógra go mbunóidís clár náisiúnta foghlama Gaeilge do dhaoine fásta agus go gcuirfidís ranganna Gaeilge saor in aisce ar fáil do gach imirceach.

D’fhoilsigh Fianna Fáil agus Fine Gael a gcuid polasaithe don Ghaeilge agus don Ghaeltacht Dé hAoine seo caite.

Tá pacáiste €24.2 milliún geallta ag Fianna Fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, ag áireamh €10 milliún breise d’Údarás na Gaeltachta, €6 milliún breise do TG4 agus €3 milliún d’Fhoras na Gaeilge.

I bhforógra Fhine Gael, deirtear go bhfuil an páirtí meáite ar a dhá oiread airgid a bheith á infheistiú sa Ghaeilge faoi 2025 i gcomparáid le 2017, an bhliain inar ceapadh Leo Varadkar ina Thaoiseach.

Gealltar in A Future to Look Forward To go mbeadh €46 milliún breise ar fáil don Ghaeilge agus do na hoileáin faoi 2025 sa chás go mbeidís féin i gcumhacht.

Tá forógra Pháirtí an Lucht Oibre le foilsiú an tseachtain seo.

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN 2020: Aire sinsearach don Ghaeltacht agus Gaeilge ag 20% de státseirbhísigh nua faoi 2025 – forógra Shinn Féin'