TOGHCHÁN 2020: Clár náisiúnta foghlama Gaeilge do dhaoine fásta geallta ag Comhaontas Glas

Comhaontas Glas an páirtí is déanaí a d’fhoilsigh a bpolasaí Gaeilge mar chuid d’Olltoghchán 2020

TOGHCHÁN 2020: Clár náisiúnta foghlama Gaeilge do dhaoine fásta geallta ag Comhaontas Glas

Tá geallta ag Comhaontas Glas go mbunóidís clár náisiúnta foghlama Gaeilge do dhaoine fásta agus go gcuirfidís ranganna Gaeilge saor in aisce ar fáil do gach imirceach.

Comhaontas Glas an páirtí is déanaí a d’fhoilsigh a bpolasaí Gaeilge mar chuid d’Olltoghchán 2020.

Ar na geallúintí eile faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht i bhforógra an pháirtí Towards 2030, A Decade of Change, tá maoiniú breise d’eagraíochtaí teanga, lánfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Gaeilge agus na reachtaíochta teanga ó  dheas agus ó thuaidh.

Nasc

Deirtear chomh maith go mbunófaí aonad Gaeilge i Roinn an Taoisigh agus go dtabharfaí breis cumhachtaí don Choimisinéir Teanga le gur féidir leis a chinntiú go mbeidh comharthaí poiblí ceart cruinn.

Thabharfaí ar chomhlachtaí poiblí a seirbhísí dátheangacha a fhógairt go gníomhach, a ghealltar.

I réimse an oideachais, dhéanfaí athbhreithniú cuimsitheach ar fhoghlaim agus ar theagasc na Gaeilge.

Moltar chomh maith i bhforógra Chomhaontas Glas go múinfí trí Ghaeilge ábhar amháin eile seachas an Ghaeilge do gach dalta bunscoile.

Chuirfí dhá shiollabas ar fáil ag an dara leibhéal – ‘An Ghaeilge’ agus ‘Litríocht na Gaeilge’.

Chuirfí seirbhísí Gaeilge ar fáil do dhaltaí le deacrachtaí foghlama agus bhunófaí scéim náisiúnta scoláireachtaí chun a chur ar chumas daoine óga freastal ar choláistí samhraidh.

Deir Comhaontas Glas go gcuirfidís maoiniú breise ar fáil d’Údarás na Gaeltachta, do RTÉ Raidió na Gaeltachta agus do TG4.

Thacófaí chomh maith le stádas na Gaeilge san AE, a ghealltar.

D’fhoilsigh Fianna Fáil agus Fine Gael a gcuid polasaithe don Ghaeilge agus don Ghaeltacht Dé hAoine seo caite.

Tá pacáiste €24.2 milliún geallta ag Fianna Fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, ag áireamh €10 milliún breise d’Údarás na Gaeltachta, €6 milliún breise do TG4 agus €3 milliún d’Fhoras na Gaeilge.

I bhforógra Fhine Gael, deirtear go bhfuil an páirtí meáite ar a dhá oiread airgid a bheith á infheistiú sa Ghaeilge faoi 2025 i gcomparáid le 2017, an bhliain inar ceapadh Leo Varadkar ina Thaoiseach.

Gealltar in A Future to Look Forward To go mbeadh €46 milliún breise ar fáil don Ghaeilge agus do na hoileáin faoi 2025 sa chás go mbeidís féin i gcumhacht.

Tá forógraí Shinn Féin agus Pháirtí an Lucht Oibre le foilsiú an tseachtain seo.

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN 2020: Clár náisiúnta foghlama Gaeilge do dhaoine fásta geallta ag Comhaontas Glas'

  • Tomás maher

    An moladh is ciallmhara dár chuala mé i dtaobh na Gaeilge fós

  • Pól Ó Braoin

    Ach ní tharlóidh sé…