Na scórtha milliún geallta ag Fine Gael agus Fianna Fáil don Ghaeilge agus d’eagraíochtaí teanga

Tá a ngeallúintí faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht déanta ag Fianna Fáil agus Fine Gael sna forógraí toghcháin a d’fhoilsigh siad inniu

Na scórtha milliún geallta ag Fine Gael agus Fianna Fáil don Ghaeilge agus d’eagraíochtaí teanga

Leo Varadkar agus Micheál Martin. Pictiúir: Rollingnews.ie

Tá a gcuid polasaithe don Ghaeilge agus don Ghaeltacht foilsithe inniu ag Fine Gael agus Fianna Fáil.

Tá pacáiste €24.2 milliún geallta ag Fianna Fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, ag áireamh €10 milliún breise d’Údarás na Gaeltachta, €6 milliún breise do TG4 agus €3 milliún d’Fhoras na Gaeilge.

Gealltar chomh maith i bhforógra Fhianna Fáil, Éire do chách, go gcuirfí €4.2 milliún ar leataobh d’fhorbairt infreastruchtúr na Gaeltachta.

Thabharfaí €1 milliún breise chomh maith don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), a ghealltar.

Gealltar in Éire do chách go n-athbhunófaí toghchán Údarás na Gaeltachta agus go neartófaí an tAcht Teanga le polasaí earcaíochta a mbeadh spriocam luaite leis.

Maidir le cúrsaí oideachais, deirtear go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcóras maidir le hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge a bhunú agus go dtabharfaí polasaí nua isteach don Ghaeilge ag an tríú leibhéal.

Deirtear go gcosnódh Fianna Fáil stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar sa chóras oideachais agus go gcuirfí an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i bhfeidhm ina hiomláine.

Neartófaí stádas na Gaeilge san AE agus chuirfí “dóthain” acmhainní ar fáil d’Oifig an Choimisinéara Teanga. Chuirfeadh Fianna Fáil an maoiniú breise don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ar fáil as seo go ceann cúig bliana.

I bhforógra Fhine Gael, a foilsíodh chomh maith inniu, deirtear go bhfuil an páirtí meáite ar a dhá oiread airgid a bheith á infheistiú sa Ghaeilge faoi 2025 i gcomparáid le 2017, an bhliain inar ceapadh Leo Varadkar ina Thaoiseach.

Gealltar in A Future to Look Forward To go mbeadh €46 milliún breise ar fáil don Ghaeilge agus do na hoileáin faoi 2025 sa chás go mbeidís féin i gcumhacht:

“Tá todhchaí gheal roimh an nGaeilge agus cuideoidh Fine Gael sin a chur i gcrích,” a deirtear.

Deirtear go bhfuil Fine Gael “tiomanta do spriocanna” na Straitéise 20 bliain don Ghaeilge.

Gealltar go n-achtófaí “ar bhonn práinne” an bille teanga a foilsíodh ag deireadh na bliana seo caite.

Chuirfí an teanga chun cinn, a ghealltar, i “suíomhanna sóisialta agus in áiteanna oibre, mar shampla, trí tháblaí Gaeilge sa cheaintín in áiteanna oibre”. Chuirfí maoiniú ar fáil chomh maith d’fhorbairt ionaid agus caiféanna Gaeilge.

Ó thaobh cúrsaí oideachais, gealltar i bhforógra Fhine Gael go ndúblófar líon na ndaltaí i scoileanna lán-Ghaeilge. Deirtear go dtacófaí leis an nGaeilge ag gach leibhéal sa chóras oideachais agus go dtabharfaí isteach, mar shampla, modúl Gaeilge ar chúrsaí do dhaoine a bhíonn ag obair in earnáil na réamhscolaíochta.

Fág freagra ar 'Na scórtha milliún geallta ag Fine Gael agus Fianna Fáil don Ghaeilge agus d’eagraíochtaí teanga'

  • Pól Ó Braoin

    An gcreideann éinne nach ngabhfar siar ar na geallúintí céanna go gairid tar éis an toghcháin?