TOGHCHÁN 2020: Na Daonlathaigh Shóisialta agus Comhaontas Glas i measc na mboc mór i nGaillimh Thiar – torthaí phobalbhreith TG4

Níor toghadh aon duine go dtí an naoú comhaireamh i nGaillimh Thiar in 2016 agus de réir phobalbhreith nua TG4, d’fhéadfadh an iomaíocht a bheith níos géire fós in 2020

TOGHCHÁN 2020: Na Daonlathaigh Shóisialta agus Comhaontas Glas i measc na mboc mór i nGaillimh Thiar – torthaí phobalbhreith TG4

Beidh sé ina chogadh dearg do thrí cinn de na cúig shuíochán i nGaillimh Thiar, mar a bhfuil na Daonlathaigh Shóisialta agus Comhaontas Glas tar éis guailleáil isteach i measc na mboc mór, de réir phobalbhreith nua TG4.

De réir na pobalbhreithe bheadh suíochán amháin an páirtí ag Fianna Fáil agus Fine Gael agus bheadh suas le cúigear iarrthóirí go láidir san iomaíocht do na trí cinn eile.

Is iad scéaltá móra na pobalbhreithe ná an borradh faoi thacaíocht na nDaonlathach Sóisialta agus Chomhaontas Glas agus an scéala go bhfuil an neamhspleách conspóideach Noel Grealish faoi bhrú.

12% atá ag iarrthóir na nDaonlathach Sóisialta Niall Ó Tuathail, an céatadán céanna leis an iar-aire Gaeltachta as Fianna Fáil, Éamon Ó Cuív.

5% de na vótaí céad rogha a fuair Ó Tuathail in 2016.

10% de na vótaí céad rogha a bheadh ag Pauline O’Reilly ó Chomhaontas Glas, an céatadán céanna le hAire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne.

De réir thorthaí na pobalbhreithe a fógraíodh ar an gclár Vóta 2020 ar TG4 tráthnóna, bheadh Hildegarde Naughton, Fine Gael, ar cheann an chomhairimh agus 13% aici.

In ainneoin a ghéire is a bheidh an iomaíocht, beidh Fine Gael agus Fianna Fáil araon dóchasach go n-éireoidh leo dhá shuíochán a fháil.

Beidh sé sin ag brath go mór ar bhainistiú na vótaí idir na hiarrthóirí atá ag an dá mhórpháirtí.

8% atá ag Ollie Crowe atá ag seasamh d’Fhianna Fáil den chéad uair agus tá Seán Kyne beagáinín chun deiridh ar a chomhghleacaí agus 10% ag an aire stáit.

Ar na daoine eile a bheidh san iomaíocht do shuíochán, beidh na neamhspleáigh Noel Grealish agus Catherine Connolly, a bhí ina dTeachtaí Dála sa 32ú Dáil.

9% atá ag Catherine Connolly, a fuair suíochán le 7.6% de na vótaí céad rogha in 2016.

7% atá ag Grealish sa phobalbhreith, ach rinne sé cuid mhaith níos fearr i dtoghchán 2016 ná mar a tugadh le fios i bpobalbhreith TG4 le linn an fheachtais sin.

11% a fuair Grealish i dtoghchán 2016.

7% atá ag iarrthóir Shinn Féin, Mairéad Farrell, de réir na pobalbhreithe a rinne Ipsos MRBI do TG4.

Dul chun cinn é sin do Mhairéad Farrell ar theip uirthi i dtoghchán áitiúil na bliana seo caite, ach ráineodh go gcaithfeadh sí a thuilleadh tacaíochta a mhealladh más léi suíochán a fháil. Níor éirigh leis an iarSheanadóir Trevor Ó Clochartaigh suíochán a fháil do Shinn Féin in Olltoghchán 2016 agus 9% de na vótaí céad rogha aige.

5% atá ag Niall McNelis, iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre de réir na pobalbhreithe, an céatadán céanna de na vótaí céad rogha fuair Derek Nolan nuair a theip air suíochán a fháil don pháirtí in 2016.

Níor toghadh aon duine go dtí an naoú comhaireamh i nGaillimh Thiar in 2016 agus meastar go mbeidh an iomaíocht chomh géar céanna in 2020.

Rinneadh pobalbhreith TG4 Ipsos MRBI Déardaoin agus Dé hAoine na seachtaine seo caite agus ceistíodh 525 duine, 505 díobh ar an bhfón. Is é móide nó lúide 4% an lamháil earráide. 

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN 2020: Na Daonlathaigh Shóisialta agus Comhaontas Glas i measc na mboc mór i nGaillimh Thiar – torthaí phobalbhreith TG4'