Todhchaí pholaitiúil na Brasaíle idir dhá cheann na meá agus Lula os comhair na cúirte inniu

Má chiontaítear an t-iaruachtarán Lula in achomharc inniu, is mór an seans go mbeidh macasamhail Donald Trump i gceannas ar an mBrasaíl i gceann bliana

Todhchaí pholaitiúil na Brasaíle idir dhá cheann na meá agus Lula os comhair na cúirte inniu

Níos déanaí inniu, Dé Céadaoin, tógfar cinneadh i gcúirt achomhairc sa Bhrasaíl a mbeidh tionchar mór millteach aige ar thodhchaí pholaitiúil na tíre sin.

Má chiontaítear an t-iaruachtarán iomráiteach Lula san achomharc, ní bheidh cead aige seasamh i dtoghchán uachtaránachta mhí Dheireadh Fómhair. Sa chás sin, is mór an seans gur ag Jair Bolsonaro, fear nach bhfuil éagosúil le Donald Trump, a bheidh an bua.

Tá Lula, a bhí ina uachtarán ar an mBrasaíl idir 2003 agus 2010, i dtrioblóid leis an dlí le fada an lá. I mí Iúil na bliana seo caite, ciontaíodh an t-iaruachtarán as breabanna a ghlacadh agus as sciúradh airgid. Cuirtear ina leith gur ghlac sé le hárasán a thug an mórchomhlacht tógála Brasaíleach OAS dó i mbaile cósta Guarujá i stát São Paulo, agus gur bronnadh conarthaí luachmhara leis an gcomhlacht ola stáit Petrobras ar OAS mar chúiteamh ar an bhféirín.

Séanann Lula na coireanna sin; dar leis go bhfuil géarleanúint pholaitiúil á déanamh air. Tá achomharc á dhéanamh ag a dhlíodóirí; éistfidh triúr breithiúna an cás sin inniu i gcathair Porto Alegre, i ndeisceart na tíre.

In ainneoin a chiontaithe i mí Iúil na bliana seo caite, níor cuireadh cosc ar Lula seasamh i dtoghchán uachtaránachta na bliana seo go fóill. Go deimhin, tá sé ag taisteal timpeall na Brasaíle le míonna anuas agus tá ag éirí go maith lena fheachtas: más aon fhianaise iad na pobalbhreitheanna, tá sé i bhfad chun cinn ar na hiarrthóirí eile.

Ach athróidh sin má chiontaítear é arís sa chúirt achomhairc i bPorto Alegre inniu.

Cé go mbeidh roghanna eile achomhairc ar fáil don iar-uachtarán sa chás sin, agus cé nach dtabharfaí go príosún ar an bpointe boise é, fíor-dhrochsheans go mbeidh cead aige seasamh i dtoghchán uachtaránachta mhí Dheireadh Fómhair.

Fágfaidh sin an bealach oscailte don dara hiarrthóir is mó a bhfuil rath air sna pobalbhreitheanna, Jair Bolsonaro. Gríosóir pobail a mheabhródh Donald Trump do dhuine é Bolsonaro, iar-oifigeach airm a thagann i dtír go tráthrialta ar an gcumha a bhíonn ar chuid mhór Brasaíleach i ndiaidh laethanta na deachtóireachta míleata (1964-1985.)

Tá fuath ag Bolsonaro don phobal LADT, do bhundúchasaigh, do dhaoine dubha agus d’inimircigh agus is minic a léirigh sé drochmheas ar mhná.

Is léir don dall gur cinneadh polaitiúil a bheidh i gcinneadh na cúirte achomhairc i bPorto Alegre inniu. Tá todhchaí pholaitiúil na tíre idir dhá cheann na meá agus ní fhéadfadh sé ach go dtuigeann an triúr breithiúna a bheidh i mbun anailíse ar chás Lula an méid sin.

Idir an dá linn, tá muintir na Brasaíle dubh dóite den aos polaitiúil ar fad.

‘Ní bhacfaidh mise le vóta a chaitheamh do dhuine ar bith acu,’ a deir Nadiege Nascimento Reis, bean tí as cathair Salvador in oirthuaisceart na tíre.

Beidh an dlí á bhriseadh aici mura gcaitheann: tá sé de dhualgas ar chuile Bhrasaíleach os cionn 18 mbliana d’aois vóta a chaitheamh sna toghcháin. Is í tragóid mhuintir na Brasaíle ná go mbíonn rogha an dá, an trí, nó an cheithre dhíogha rompu i gcónaí.

Fág freagra ar 'Todhchaí pholaitiúil na Brasaíle idir dhá cheann na meá agus Lula os comhair na cúirte inniu'