Todhchaí chultúrlanna an Tuaiscirt slán agus deis mhaoinithe trí bliana fógartha ag Foras na Gaeilge

Dheimhnigh an Foras tráthnóna go raibh siad “tar éis éisteacht le haiseolas an chomhairliúcháin” agus gur aithin siad an “ról lárnach atá ag an dá chultúrlann laistigh dá bpobail”

Todhchaí chultúrlanna an Tuaiscirt slán agus deis mhaoinithe trí bliana fógartha ag Foras na Gaeilge

Tá cinneadh déanta ag Foras na Gaeilge deis mhaoinithe trí bliana a chur ar fáil do Chultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste agus Cultúrlann Uí Chanáin i nDoire ó thús na bliana seo chugainn.

Beidh ar an dá mhórionad Gaeilge cur isteach ar phróiseas iarratais agus measúnaithe leis an maoiniú nua a fháil.

Bhí todhchaí an dá Chultúrlann idir dhá cheann na meá nuair a tugadh le fios níos túisce i mbliana go raibh meastóireacht le déanamh ag Foras na Gaeilge ar mhaoiniú a chur ar fáil dóibh, nó an ciste a roinnt ar ionaid Ghaeilge eile ar fud na tíre.

Faoi láthair, tugann an Foras deontas £100,305 do Chultúrlann Bhéal Feirste agus £123,636 do Chultúrlann Dhoire. Tá triúr fostaithe go lánaimseartha san ionad i mBéal Feirste agus ceathrar fostaithe i nDoire.

Dheimhnigh an Foras tráthnóna go raibh siad “tar éis éisteacht le haiseolas an chomhairliúcháin” agus gur aithin siad an “ról lárnach atá ag an dá chultúrlann laistigh dá bpobail”.

Deimhnigh Príomhfheidhmeannach an Fhorais, Seán Ó Coinn, nach bhfuil sé i gceist ag an eagraíocht dul chun cinn leis an bplean le maoiniú a chur ar fáil do na hionaid Ghaeilge eile ar fud na tíre. Dúradh go raibh “géarghá le soláthar breise” chun scéim “oiriúnach leis na hacmhainní cuí” a chur i bhfeidhm.

“Beidh muid ag déanamh cás lenár ranna urraíochta chun acmhainní breise chuige sin a lorg,” a dúirt Ó Coinn.

Ar na roghanna ar lorgaíodh tuairimí fúthu sa phróiseas comhairliúcháin níos túisce i mbliana bhí an moladh go  gcuirfí uasmhéid €70,000 (£50,000) ar fáil d’ionaid Ghaeilge ar fud na tíre agus go mbeadh maoiniú laghdaithe dá réir sin ag an dá Chultúrlann ó thuaidh.

Dúradh chomh maith go bhféadfaí an maoiniú bliantúil don dá chultúrlann ó thuaidh a laghdú thar thréimhse trí bliana (2018-2021), chun maoiniú a chur ar fáil do scéim úr na nIonad Gaeilge.

Fág freagra ar 'Todhchaí chultúrlanna an Tuaiscirt slán agus deis mhaoinithe trí bliana fógartha ag Foras na Gaeilge'

  • Éadóchasach

    Is scannalach suaibhreosach an cinneadh seo. Do bhí deis iontach ag Foras na Gaolainne gréasán lárionad Gaolainne a chruthú ar fud na hÉireann, gréasán a thabharfadh cothrom na Féinne don oileán ar fad agus tharraingeodh le chéile daoine a bhfuil Gaolainn acu i dTuaisceart, i nDeisceart, in Oirthear agus in Iarthar na tíre. Tá dearg-phraiseach déanta den ndeis sin anois agus é sin déanta ag an bhForas as mhaithe leis an seandream. Nárbh í riamh an fhadhb is mó a bhí ag muintir na tíre seo? Níl meas madra ag an gcuid is mó dínn ar an ndea-rud nua; is measmhadra an chuid is mó dínn don ndrochrud aithnidiúil…

  • Concubhar

    Tá fuíollach airgid ag an bhForas chun an gréasán d’ionaid Ghaeilge a lonnú sna ceithre airde gan a bheith ag cur na Cultúrlanna ó thuaidh i gcontúirt. Féach ar an scéal seo…
    https://tuairisc.ie/e400000-dathlonnu-foras-na-gaeilge-go-sraid-amiens/

  • Éadóchasach

    Féach ar an scéal san aríst, a Choncuhair, agus cuir an cheist seo ort féin: Canathaobh go raibh ar an bhForas foirgneamh nua a lorg?

    Tá a fhios againn go léir go raibh Foras na Gaolainne lonnaithe i bhfoirgnimh Stáit go dtí seo, foirgnimh a bhí – is atá fós – fé chúram OOP (i.e. an OPW). Do bhí na foirgnimh sin ar léas ag an bhForas, agus léiríonn figiúirí ón mbliain 2011 go mbíodh an Foras ag íoc breis is €400,000 in aghaidh na bliana astu. Smaoinigh ar sin: Eagraíocht stáit a bhíodh ag íoc breis is €400,000 (ar a laghad!) in aghaidh na bliana chun úsáid a bhaint as foirgnimh stáit. Nach bhfuil sé sin scannalach ar fad?

    Bhuel, smaoinigh ar seo anois, a chara: ‘Upward only rent reviewing’ a bhí i gceist leis an ndá fhoirgneamh san – go dtí 2011, ar aon nós -, agus is cosúil gurb é dá dheasca san go raibh ar an bhForas dul ar thóraíocht foirgnimh nua, foirgneamh príobháideach. (N’fheadar cén saghas léasa atá ag an bhForas ar a bhfoirgneamh nua, ach tá súil agam nach ndéanann sé trácht ar ‘upward only rent reviewing’…) Nach bhfuil sé sin scannalaí fós?

    Canaothabh gur luas an scéal san? Toisc go léiríonn sé nach féidir linn an locht a chur ar an bhForas amháin as an gcostas a bhaineann lena bhfoirgneamh nua. (Cé go bhfuil an costas ana-scannalach go deo; aontaím leat fé sin.) Is iad an OPW, Rialtas na hÉireann agus an cur chuige atá againn sa dtír seo maidir le húsáid fhoirgneamh Stáit a bhí cúis leis. An féidir linn an rud céanna a rá fé chinneadh an Fhorais gan dul ar aghaidh le Lárionaid Gaolainne nua a bhunú? Feictear dom nach féidir: Droch-chinneadh amach is amach a bhí ann, agus is é an Foras amháin a bhí freagrach as.

    Seo duit na figiúirí agus an eolas maidir leis na foirgnimh sin, dála an scéil, má tá fonn ort iad a léamh:

    Cíos na bliana 2011 – https://oireachtasdebates.oireachtas.ie/debates%20authoring/debateswebpack.nsf/takes/dail2011070500057?opendocument

    Bogadh an Fhorais go Sráid Amiens – https://oireachtasdebates.oireachtas.ie/debates%20authoring/debateswebpack.nsf/(indexlookupdail)/20170411~WREE?opendocument

  • Concubhar

    Tuigim sin. Aontaím leat go mba chóir go raibh cultúrlanna ar nós an dhá ionad ó thuaidh ar fud na tíre. Ní aontaim leat go raibh aon cheart ag an bhForas dímhaoiniú na gCultúrlann ó thuaidh a mholadh chun an plean eile a mhaoiniú. Is le h-aghaidh cúiteamh a dhéanamh ar an dí-infheistiú stairiúil i réimse ná Gaeilge a bunaíodh an Fhoras, agus bheadh an dímhaoiniú na gCultúrlann ó thuaidh glan in aghaidh sin. Faightear foinse eile chun an gréasán a mhaoiniú.