€400,000 d’athlonnú Foras na Gaeilge go Sráid Amiens

Beidh cíos ‘thart ar €600,000 in aghaidh na bliana’ i gceist ar fhoirgneamh nua a thug an tAire Heather Humphreys le fios i bhfreagra ar cheist Dála

€400,000 d’athlonnú Foras na Gaeilge go Sráid Amiens

Cosnóidh sé os cionn €400,000 Foras na Gaeilge a athlonnú ó Chearnóg Mhuirfean go dtí a cheanncheathrú nua ar Shráid Amiens agus thart ar €600,000 in aghaidh na bliana an cíos a íocfar ar an bhfoirgneamh i dtuaisceart na cathrach, a thug an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Heather Humphreys le fios sa Dáil.

D’fhógair Foras na Gaeilge go mbeidh siad ag bogadh chuig an gceannáras nua i mBaile Átha Cliath ar an 29 Meán Fómhair.

Tá na costais a bhaineann le Raidió na Life a athlonnú go dtí Sráid Amiens mar aon leis an Áisíneacht Dáiliúchán Leabhar a athlonnú go trádstóras nua san áireamh sna figiúirí sin, a dúirt an tAire.

Thug sí le fios gur thuig sí ón bhForas “gur baineadh an úsáid is mó as an troscán reatha” agus go raibh costas €173,220 ar throscán nua. 

“Bhain costas €15,215 le córas gutháin nua agus costas €12,277 leis an trealamh a bhogadh go dtí an cheanncheathrú nua,, a dúirt an tAire Humphreys. 

Maidir le Áis, an áisíneacht dáiliúchán leabhar, dúirt an tAire gur €44,288 a bheadh caite faoi dheireadh na bliana leis an rannóg sin a athlonnú go dtí trádstóras nua.

Beidh ar Raidió na Life, a bhíodh ag craoladh as ceanncheathrú an Fhorais ar Shráid Mhuirfean le blianta, aistriú go Sráid Amiens freisin. Dúirt an tAire gur cuireadh deontas €133,215 ar fáil do threalamh nua craoltóireachta do na stiúideonna nua i Sráid Amiens agus go raibh costas €34,150 ar Fhoras na Gaeilge maidir le “doirse agus fuinneoga acústacha” a chur ar fáil mar chuid de na háiseanna sa cheanncheathrú nua.

Is €412,365 an costas iomlán a bheidh i gceist, dar leis an Aire.

Dúirt an tAire Humphreys freisin gur thug Foras na Gaeilge le fios “nach mbeidh an costas bliantúil cíosa deimhnithe go dtí go mbeidh an tomhas deiridh déanta ar an bhfoirgneamh agus go bhfuil an obair sin ar bun i láthair na huaire”.

 “Is féidir a rá, áfach, gur ráta €33 in aghaidh na troighe cearnaí atá i gceist agus, ar an mbunús sin, samhlaítear go mbeidh an costas cíosa thart ar €600,000 in aghaidh na bliana” a thug an tAire le fios ina freagra ar cheist Dála ón Teachta neamhspleách do Ghaillimh Thiar-Maigh Eo Theas, Catherine Connolly.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, go ceannáras nua “ar ardchaighdeán” aimsithe don eagraíocht.

“Tá ceangal fada ag foireann Fhoras na Gaeilge leis an teach Seoirseach seo ar Chearnóg Mhuirfean agus tá cuid den fhoireann lonnaithe anseo ó bunaíodh Foras na Gaeilge in 1999, níos faide siar fiú mar bhaill foirne de Bhord na Gaeilge a bhog anseo in 1981. Agus ar ndóigh tá pobal na Gaeilge ag úsáid na n-oifigí ó shin i leith, rud a fhágann go bhfuilimid ag fágáil stair fhada inár ndiaidh. Ach tá ceannáras nua ar ardchaighdeán aimsithe againn a oireann dár riachtanais, atá go síoraí ag méadú mar a fhásann Foras na Gaeilge.

“Leagadh sprioc uaillmhianach amach don athlonnú seo agus rinne an fhoireann éacht le hí a bhaint amach. Is cúis áthais dom go mbeidh foireann uile Bhaile Átha Cliath lonnaithe in aon ionad amháin agus go mbeidh an spás agus na hacmhainní cuí againn do bhaill foirne ó oifigí eile Fhoras na Gaeilge a bheidh ag teacht ar cuairt. Tá súil agam mar an gcéanna, mar a rinneadh le 7 Cearnóg Mhuirfean, go n-aithneoidh pobal na Gaeilge gur leosan an foirgneamh nua ar Shráid Amiens agus go gcuirfear tús le ré nua i stair na teanga sa phríomhchathair leis an athlonnú. Tá borradh faoin Ghaeilge faoi láthair thuaidh agus theas agus, agus beidh anois baile seasmhach ag Foras an Gaeilge le tacú le cur chun cinn na Gaeilge ar fud an oileáin. Beidh sé tráthúil go mbeidh an ceannáras á nochtadh againn don phobal ag tús na bliana úire, Bliain na Gaeilge 2018.”

Fág freagra ar '€400,000 d’athlonnú Foras na Gaeilge go Sráid Amiens'