Titim mhór ar líon na gcuairteoirí ar na Stáit Aontaithe 

Gan ach rud beag le cois dhá mhí caite i gcumhacht ag Donald Trump, tá laghdú cheana féin ar líon na gcuairteoirí ar Mheiriceá

Titim mhór ar líon na gcuairteoirí ar na Stáit Aontaithe 

An bhfuil saoire an tsamhraidh curtha in áirithe agat go fóill? An mac léinn thú atá ag beartú tréimhse a chaitheamh thar lear?

Sa dá chás, cuirfidh mé geall nach ar Mheiriceá a bheidh do thriall.

Más fianaise iad figiúirí na hearnála taistil don chéad dhá mhí den bhliain seo, beidh titim mhór ar líon na dturasóirí idirnáisiúnta a bheidh ag tabhairt cuairt ar na Stáit Aontaithe in 2025, agus beidh titim freisin ar líon na mac léinn a chaithfidh tréimhse staidéir sna Stáit.

Cheana féin i mí Feabhra, bhí titim 23% ar líon na gCeanadach a thaistil go Meiriceá i gcarr nó ar an traein. Titim 13% a bhí ar líon na gCeanadach a thaistil go dtí na Stáit ar eitleán.

Titim 8.5% a bhí ar líon na nGearmánach a thaistil go Meiriceá i mí Feabhra na bliana seo, titim 5.6% ar líon na bhFrancach, agus titim 3.9% ar líon na dturasóirí ón gcuid eile d’iarthar na hEorpa.

Laghdú 40% atá á lua le líon na mac léinn iarchéime idirnáisiúnta a dteastaíonn uathu tréimhse staidéir a chaitheamh sna Stáit Aontaithe.

An chúis atá leis an drogall atá ar thurasóirí agus ar mhic léinn aghaidh a thabhairt ar Mheiriceá? Donald Trump.

Ní déistin nó dímheas amháin is cúis leis an drogall, ach faitíos roimh na rialacha iontrála agus an chaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad, freisin.

Le seachtainí beaga anuas, d’eisigh rialtais Cheanada agus thíortha éagsúla san Eoraip, Éire ina measc, rabhaidh maidir le taisteal go dtí na Stáit Aontaithe, rabhaidh a bhí dírithe ar thaistealaithe LADT+ go háirithe, ach ar an bpobal i gcoitinne chomh maith: moltar dóibh siúd a dteastaíonn uathu aghaidh a thabhairt ar Mheiriceá cloí go docht leis na rialacha agus gan fanacht thar an tréimhse cheadaithe. Ní haon dóithín a bheith faoi choinneáil ag lucht custaim na Stát Aontaithe, mar a fuair roinnt turasóirí ón nGearmáin amach an mhí seo caite.

Déanfaidh neamhshuim na gCeanadach agus na nEorpach dochar na míle milliún dollar d’earnáil turasóireachta na Stát Aontaithe – tá figiúr chomh hard le $120 billiún sa bhliain á lua. Spéisiúil go leor, is dóichí ná a mhalairt gurb iad Florida agus Nua-Eabhrac, an dá stát is mó a bhfuil ceangal ag an Trumpach leo, a bheidh thíos leis.

Fág freagra ar 'Titim mhór ar líon na gcuairteoirí ar na Stáit Aontaithe '

  • diarmuid

    Beidh na Poncánai lán sásta nach bhfuil an méid sin eachtranaigh ag teacht isteach sa tír. Ba ceart an rud céanna a dhéanamh anseo! Agus molaim duit féin gan cos a leagan i SAM: tá iriseorí ansin ag rá gur ceart na Giúdaigh go léir a díbir as an tír! Maidir leis an saoirse cainte atá acu ansin – agus anseo – is feidir leo a leithéid a rá, más mian leo…

  • Kerry Blue

    ‘Titim mhór ar líon na gcuairteoirí ar Éirinn’ freisin de réir deallraimh.
    Ná bíodh aon éirí in airde ná Schadenfreude orainn féin mar gheall ar chás Mheiriceá.
    Cad is cúis leis an titim nó leis an treocht seo maidir le líon na dturasóirí?
    Praghasanna a bheith imithe in ainm an diabhail ar fad.
    Imithe sna feilimintí.
    Ach an fada eile a leanfaidh an bhó sin ag tál?
    “Ó d’éirigh mé ar maidin is thosaigh mé ag bleán na bó ó ó ó….”