Tionól na ‘Nuachainteoirí’ i mBarcelona

Tuairisc le John Walsh ó Barcelona mar a bhfuil tús á chur inniu le comhdháil den ghréasán taighde faoi ‘nuachainteoirí’ a bhfuil sé páirteach ann. San alt seo, míníonn sé a bhfuil i gceist le hobair na comhdhála sin.

20131208_164753
John Walsh ag an gcalafort in Barcelona, áit a bhfuil tús á chur le comhdháil na ‘Nuachainteoirí’ inniu.

Tá an Ghaeilge i measc na dteangacha a bheidh faoi chaibidil as seo go ceann trí lá ag comhdháil mhór in Barcelona mar gheall ar ‘nuachainteoirí’ na hEorpa.

Téarma nua is ea ‘nuachainteoir’ ar choincheap atá ann le fada: daoine a labhraíonn teanga go líofa agus go rialta ach nár tógadh leis an teanga sin iad i dtimpeallacht ina labhraítear í mar theanga phobail.

Níos minice ná a mhalairt, thabharfaí ‘foghlaimeoir’ ar a leithéid de dhuine, nó b’fhéidir go mbaistfeadh taighdeoir acadúil ‘cainteoir T2’ air nó uirthi. Tugann na téarmaí sin le fios, áfach, go bhfuil easnamh nó máchail éigin ar urlabhra an chainteora nó nach bhfuil an stádas céanna aige agus a bheadh ag ‘cainteoir dúchais’.

Ach tá dúshlán á thabhairt le fada an lá sa teangeolaíocht don chlaonadh stairiúil a thug tús áite don chainteoir dúchais agus a dhein neamhaird ar chainteoirí eile. Tá an téarma ‘nuachainteoirí’ in úsáid againne le tamall de bhlianta chun cur síos níos dearfaí agus níos dinimiciúla a dhéanamh ar na daoine sin nach féidir a shuíomh go conláisteach i mboscaí dochta, righne an ‘fhoghlaimeora’ ná an ‘chainteora dúchais’ agus is chuige sin atáimid in Barcelona faoi láthair.

Tá maoiniú ag ár ngréasan taighde ó COST (European Co-operation in Science and Technology) agus is í an Dr. Bernadette O’Rourke, sochtheangeolaí Éireannach atá lonnaithe in Ollscoil Heriot-Watt, Dún Éideann, an cathaoirleach.

Tá beagnach 40 taighdeoir as 20 tír Eorpacha páirteach sa ghréasán agus mairfidh an tionscadal go dtí 2017.

Táimse agus an Dr. O’Rourke i mbun taighde i bpáirt le chéile ar nuachainteoirí na Gaeilge agus is mise cathaoirleach an fhoghrúpa atá ag plé le nuachainteoirí mionteangacha. Pléifidh grúpaí eile nuachainteoirí ar inimircigh nó oibrithe trasteorann iad agus déanfaimid anailís chomh maith céanna ar na coincheapa a bhaineann le staid an nuachainteora.

Tá an chomhdháil á reáchtáil i bpáirt le hinstitiúidí Catalónacha a bhfuil ról acu sa bheartas teanga nó sa taighde sochtheangeolaíochta dála an Institut d’Estudis Catalans (Institiúid um Léann na Catalóine) agus an Societat Catalana de Sociolingüística (Cumann Catalónach na Sochtheangeolaíochta atá ag ceiliúradh 40 bliain a bhunaithe i mbliana).

Deineadh go leor cainte le blianta beaga anuas ar chinniúint na Gaeltachta agus is fada ‘bás’ na Gaeltachta á thuar. Aithnímse go maith go bhfuil athrú as cuimse tagtha ar chúinsí sochtheangeolaíochta na Gaeltachta le 50 bliain anuas agus nach bhféadfadh an Ghaeilge thraidisiúnta maireachtaint gan chlaochlú ina leithéid de chomhthéacs.

Ach ní mór dúinn a bheith an-cháiréiseach mar gheall ar dhioscúrsa an bháis. Maireann an Ghaeilge sa Ghaeltacht fós, cé nach ionann í i gcónaí agus an Ghaeilge a bhí á labhairt cheana. Tá gnéithe áirithe den chanúint thraidisiúnta á gcaomhnú ag daoine áirithe agus á gcaitheamh uathu ag daoine eile.

Tá sciar suntasach de phobal na Gaeltachta a bhfuil an teanga acu (c. 70%) agus sciar níos lú (c. 25%) a úsáideann í go laethúil lasmuigh den chóras oideachais. Is gá tacú leis na daoine sin agus misneach a thabhairt dóibh seachas a fhógairt go bhfuil an teanga a labhraíonn siad go fonnmhar i ndeireadh na feide.

Foilsíodh taighde cheana gur fearr an greim atá ag leanaí na Gaeltachta ar an mBéarla cé gur tógadh le Gaeilge iad ach níor cheart glacadh leis gurb ionann staid an déagóra agus mianta ná iompar an duine ar feadh a shaoil.

Tá taighde déanta againne ar dhaoine a dhéanann cinneadh comhfhiosach ag tráthanna éagsúla ina saol teanga a sinsear a athshealbhú agus nuachainteoirí a dhéanamh díobh féin. Is gníomh féiniúlachta nó polaitíochta é sin go minic agus is geall le ráiteas é: ‘ní príosúnach de chuid na staire mé; is féidir liomsa an teanga seo a ghlacadh chugam féin agus í a labhairt go gníomhach gach lá’.

Tógadh cuid de na daoine sin le Béarla sa Ghaeltacht ach tá a leithéid chéanna déanta agus á dhéanamh go leanúnach ag nuachainteoirí ar fud na hÉireann agus thar lear.

Ag an gcomhdháil seo in Barcelona, beidh taighdeoirí Catalónacha agus Bascacha ag déanamh anailíse ar an gceist seo ina bpobail féin; muda (‘iompú’, ‘claochlú’) a thugann na Catalónaigh ar an gcasadh sin i saol an duine nuair a dhéanann sé nó sí cinneadh comhfhiosach iompú i dtreo na teanga agus í a úsáid go rialta.

Ó Bhaile Átha Cliath go dtí an Ghailís agus ón mBriotáin go príomhchathair na Catalóine féin, tá nuachainteoirí ag sealbhú agus ag úsáid mionteangacha éagsúla lá i ndiaidh lae agus is minic ról ríthábhachtach acu ó thaobh na teanga sna pobail ina maireann siad. Uaireanta, bíonn teannas idir iad agus cainteoirí traidisiúnta agus amhras ag an dá dhream ar a chéile, go háirithe má tá bearna mhór theangeolaíoch ann.

Ní thaitníonn an chaint ‘nua’ le go leor ach cad is brí le caint thraidisiúnta na Gaeltachta sa lá atá inniu ann?

Os a choinne sin, bíonn dlúthchaidreamh agus dlúthpháirtíocht i gceist chomh maith céanna agus daoine ó chúlra éagsúla ag cur le chéile ar mhaithe leis an nGaeilge. Go deimhin féin, tá sé ag éirí níos deacra idirdhealú soiléir a dhéanamh idir dhá dhream ar leith. Léiríonn tionscadal seo na nuachainteoirí go gléineach gur gá aitheantas a thabhairt don speictream leathan teangeolaíoch atá i ngach pobal nó gréasán, bíodh sé sin sa Ghaeltacht nó in aon áit eile.

– Ceann Gníomhach Roinn na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh is ea John Walsh. Tá eolas breise faoin gcomhdháil ag: https://www.uoc.edu/portal/en/symposia/newspeakers2014/index.html Is féidir na himeachtaí a leanúint ar Twitter @COSTNewSpeakers

Fág freagra ar 'Tionól na ‘Nuachainteoirí’ i mBarcelona'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Alt suimiúil agus tráthúil go mór mór i bhfianaise an taighde a fhoilsíodh inné faoi mheath na Gaeilge[arís] sa Ghaeltacht. Aontaoim le Concubhair ó Liatháin in www. igaeilge.ie go mbíonn an iomarca béim ar meath na Gaeilge sa Ghaeltacht fad agus tá dul chun cinn sa Ghaeilge sa Ghalltacht ag na “nuachainteoirí.

    Dream éile a bhfuil suim acu an Ghaeilge a fhoghlain ná na h-imircigh a chuaigh thar lear taréis an ghearchéim eachnamaíochta.

    Tá Aire Rialtas ceaphta anois chun deileáil leis “an diaspora”, Seamus Ó Duinneacháin, iar-pheileadóie Chiarraí.D`fheadfadh sé a chinntiú go mbeadh áiseanna ar line dóib siúd chun an teanga a fhoghlaim.

    Tá Linda Ervine ag muineadh ranganna gaeilge do dhílseoirí protustúnacha in oirthear Bhéal Féirste.

    Cruthaíonn se seo go léir go bhfuil gá níos mó béim a chur ar na “nuachainteoirí” amach anseo.

  • conor mcdonald

    Más faoi na nuachainteoirí atá todhchaí na Gaeilge táimid f**áilte.

  • Derry O'Regan

    Domsa, seo e e : “ní príosúnach de chuid na staire mé; is féidir liomsa an teanga seo a ghlacadh chugam féin agus í a labhairt go gníomhach gach lá’.
    Gan freagra.