Tionchar na Gaelscolaíochta le feiceáil sna contaetha is láidre agus is laige ó thaobh labhairt na Gaeilge

Léiríonn anailís atá déanta ag Tuairisc ar thorthaí an Daonáirimh an ceangal soiléir idir an gaeloideachas agus rath na teanga

Tionchar na Gaelscolaíochta le feiceáil sna contaetha is láidre agus is laige ó thaobh labhairt na Gaeilge

Tá tionchar an Ghaeloideachais le feiceáil go soiléir i dtorthaí Dhaonáireamh 2022 agus an cumas teanga agus an mhinicíocht labhartha Gaeilge is ísle sa stát sna contaetha nach bhfuil Gaelcholáistí iontu.

Léiríonn anailís atá déanta ag Tuairisc ar thorthaí an Daonáirimh a d’fhoilsigh an Phríomhoifig Staidrimh an tseachtain seo, nach bhfuil aon Ghaelcholáiste i ndeich gcinn de na 12 contae is laige ó thaobh na Gaeilge.

Is léir freisin go bhfuil formhór na gcontaetha sin ar na contaetha is mó a dtuairiscíonn cainteoirí Gaeilge iontu mímhuinín as a gcumas labhartha sa teanga.

Ar an láimh eile, tá Muineachán, ina bhfuil an céatadán is airde sa stát de dhaltaí a bhíonn ag freastal ar ghaelscoileanna agus ar ghaelcholáistí, ar an gcontae is fearr sa stát ó thaobh cainteoirí laethúla Gaeilge, lasmuigh de na contaetha Gaeltachta agus Baile Átha Cliath.

I dtuarascáil a rinne an Roinn Oideachais anuraidh ar chúrsaí Gaelscolaíochta, léiríodh go raibh 11.5% de dhaltaí bunscoile i Muineachán agus beagnach 7% de dhaltaí iarbhunscoile an chontae ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge.

Tá an iarracht atá déanta an Ghaelscolaíocht a fhorbairt sa chontae molta le roinnt blianta anuas agus toradh na hoibre sin le feiceáil sa daonáireamh, de réir dealraimh. Léiríonn na figiúirí a bhailigh an Roinn go bhfuil “méadú leanúnach” tagtha ar chéatadán na ndaltaí i ngaelscoileanna i Muineachán le deich mbliana anuas, ó 8.5% in 2011 go dtí 11.3% in 2019-2020.

Ceithre ghaelscoil atá i Muineachán agus Gaelcholáiste amháin, Coláiste Oiriall i gCnoc an Chonnaidh.

Mheas 12% de dhaonra Mhuineacháin go raibh líofacht ‘an-mhaith’ acu sa Ghaeilge, céatadán níos airde ná in aon chontae eile seachas contae na Gaillimhe (20.3%), Dún na nGall (19.7%) agus Ciarraí (12.3%).

“Seans go bhfuil léiriú ar thábhacht an Ghaeloideachais le sonrú sa bhriseadh síos de réir contae, áit a bhfuil Muineachán in éindí le Gaillimh, Dún na nGall agus Ciarraí i measc na gcontaetha ina bhfuil cumas maith nó an-mhaith ag na Gaeilgeoirí ann,” a dúirt an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin.

“Is i gcontae Mhuineacháin atá an céatadán is airde sa stát de dhaltaí a bhíonn ag freastal ar ghaelscoileanna agus ar ghaelcholáistí, agus dea-shampla atá ann gur féidir go n-éireodh leis an athbheochan teanga fiú i gcontaetha Béarlaithe gan aon Ghaeltacht.”

De réir tuarascáil na Roinne Oideachais, bhí An Cabhán agus An Longfort ar phéire de na contaetha ba laige i dtaobh na Gaelscolaíochta agus gan Gaelcholáiste nó fiú Aonad Gaeilge in iarbhunscoil Bhéarla iontu do dhaltaí a bhí ag iarraidh coinneáil orthu leis an oideachas lán-Ghaeilge.

Ba sa Chabhán agus an Longfort a bhí an líon is ísle sa stát de chainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais.

Ba i gcontae an Chabháin a bhí an líon is ísle den phobal ina gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais – 0.6%. Ní dúirt ach 6.5% de dhaonra an Chabháin go raibh Gaeilge an-mhaith acu, an céatadán is ísle sa stát.

Contaetha eile iad An Iarmhí, Uíbh Fhailí, Laois, Ros Comáin, Tiobraid Árann, Lú, Sligeach agus Liatroim nach bhfuil Gaelcholáiste iontu agus bhíodar uile i measc na gcontaetha ab ísle ó thaobh cainteoirí laethúla Gaeilge.

Bhí Loch Garman agus Ceatharlach íseal go maith freisin, in ainneoin go bhfuil Gaelcholáiste sa dá chontae sin.

Is iad An Clár, Maigh Eo agus An Mhí na trí chontae eile nach bhfuil aon Ghaelcholáiste iontu cé go bhfuil iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta i Maigh Eo agus sa Mhí.

Fág freagra ar 'Tionchar na Gaelscolaíochta le feiceáil sna contaetha is láidre agus is laige ó thaobh labhairt na Gaeilge'

  • M Uí Ghabhann

    Níl sé sin ceart. Tá dhá Ghaelcholáiste i gcondae Mhaigh Eo. Ceann dhátheangach: Coláiste Muire i dTuar Mhic Éadaigh, agus ceann a fheidhmíonn trí Ghaeilge amháin i Ros Dhumhach: Ghaelcholáiste Comáin.

  • Bríd

    Ní de bharr na Gaelscolaíochta atá ardú ar líon na gcainteoirí Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais. Is de bharr muintir na Gaeltachta ag bogadh óna gceantair dúchasacha chuig réigiúin eile chun fostaíocht a fháil agus go leor acu ag tógáil a bpáistí le Gaeilge. Bánú na tuaithe chun tairbhe na mbailte móra.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    An bhfuil difir idir ‘gaelcholáiste’ agus ‘iarbhunscoil’? An meánscoltacha iad??