Muineachán an contae is fearr maidir le soláthar an oideachais lán-Ghaeilge, an Cabhán is measa

Cé gur i mBaile Átha Cliath atá an líon is mó daltaí a bhíonn ag freastal ar bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltachta, is i Muineachán atá an céatadán is airde

Muineachán an contae is fearr maidir le soláthar an oideachais lán-Ghaeilge, an Cabhán is measa

Is i gcontae Mhuineacháin atá an céatadán is airde sa stát de dhaltaí a bhíonn ag freastal ar ghaelscoileanna agus ar ghaelcholáistí.

De réir figiúirí nua ón Roinn Oideachais, níos mó ná gasúr amháin as chuile deichniúr a bhíonn ag freastal ar an mbunscoil i Muineachán a bhíonn ag freastal ar ghaelscoil. Ag leibhéal na hiarbhunscoile, bhí 6.8% de dhaltaí an chontae ag freastal ar Ghaelcholáiste in 2020, breis is dhá oiread níos airde ná an meán náisiúnta.

Tá briseadh síos ar an soláthar gaeloideachais de réir contae ar fáil i dtuarascáil nua ón Roinn Oideachais, Léargas ar Sholáthar don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

Tá an tuarascáil ullmhaithe ag an Roinn Oideachais mar chuid d’fhorbairt polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge.

Ar an meán, 7% de dhaltaí bunscoile lasmuigh den Ghaeltacht a bhí ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge in 2020. Den 534,952 dalta bunscoile sa stát, bhí 37,650 acu ag freastal ar cheann den 149 Gaelscoil.

I Muineachán, bhí 887 den 7,743 dalta a bhí cláraithe i mbunscoileanna an chontae in 2020 ag freastal ar ghaelscoileanna. Is ionann sin agus 11.5% de líon iomlán na ndaltaí bunscoile sa chontae.

Ceithre ghaelscoil atá i Muineachán – Scoil Rois i gCarraig Machaire Rois, Gaelscoil Ultain i gcnoc an Chonnaidh, Gaelscoil Eois i gCluain Eois agus Gaelscoil Lorgan i mBaile na Lorgan.

Léiríonn na figiúirí a bhailigh an Roinn go bhfuil “méadú leanúnach” tagtha ar chéatadán na ndaltaí i ngaelscoileanna i Muineachán le deich mbliana anuas, ó 8.5% in 2011 go dtí 11.3% in 2019-2020.

Ag leibhéal na hiarbhunscoile, bhí 384 dalta ag freastal ar Coláiste Oiriall i gCnoc an Chonnaid, an t-aon Ghaelcholáiste amháin sa chontae. D’fhág sin go raibh 6.8% den 5,615 dalta iarbhunscoile sa chontae ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge.

Bhí an céatadán sin cuid mhaith níos airde ná an 2.8% de dhaltaí a bhí i gceist sna hiarbhunscoileanna ar fad sa stát lasmuigh den Ghaeltacht in 2020. De réir na bhfigiúirí, bhí 10,283 dalta ag freastal ar cheann den 29 gaelcholáiste.

Bhí 10,354 dalta ag freastal ar 38 gaelscoil sa phríomhchathair agus i gcontae Bhaile Átha Cliath – 7.4% de líon iomlán na ndaltaí bunscoil. Deich ngaelcholáiste atá i mBaile Átha Cliath agus 4,387 den 94,018 dalta iarbhunscoile sa chontae a bhí ag freastal orthu – 4.7%.

Ba é contae an Chabháin an contae leis an céatadán is ísle de dhaltaí a bhí ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge.

Gaelscoil amháin atá sa chontae agus ní raibh ach 102 den 9,690 dalta bunscoile sa chontae ag freastal an scoil sin, 1.1% de dhaltaí bunscoile an Chabháin. Níl gaelcholáiste ar bith sa Chabhán, ná iarbhunscoil le haonad Gaeilge, rud a fhágann nach raibh aon dalta in ann oideachas dara leibhéal trí mheán na Gaeilge a fháil sa chontae.

Bhí naoi gcontae ar fad ann ina raibh an céatadán de dhaltaí a bhí ag freastal ar ghaelscoil níos airde ná an meán náisiúnta – 7%. B’iad na contaetha sin Muineachán (11.5%), Corcaigh (10.9%), Gaillimh (10.3%), Cill Mhantáin (9.3%), Luimneach (9.0%), Cill Dara (8.8%), An Mhí (7.6%), Baile Átha Cliath (7.4%) agus Port Láirge (7.1%).

Bhí seacht gcontae ann ina raibh an céatadán ag leibhéal na hiarbhunscoile níos airde ná an meán náisiúnta – 2.8%. Ba iad na contaetha sin Muineachán (6.8%), Luimneach (6.6%), Ceatharlach (5.9%), Cill Mhantáin (4.9%), Baile Átha Cliath (4.7%), Corcaigh (3.6%) agus Ciarraí (3.3%).

Bhí 13 contae ar fad ann nach raibh oiread agus Gaelcholáiste amháin iontu – An Cabhán, An Clár, An Iarmhí, Laois, Liatroim, An Longfort, An Lú, Maigh Eo, An Mhí, Ros Comáin, Sligeach, Tiobraid Árainn agus Uíbh Fhailí.

Bhí cúig chontae ann – An Cabhán, Liatroim, An Longfort, Ros Comáin agus Uíbh Fhailí – nach bhféadfadh dalta iar-bhunscoile oideachas trí Ghaeilge a fháil iontu ar chor ar bith in 2020 agus gan iarbhunscoil lán-Ghaeilge nó fiú aonad Gaeilge i scoil Bhéarla iontu.

Fág freagra ar 'Muineachán an contae is fearr maidir le soláthar an oideachais lán-Ghaeilge, an Cabhán is measa'

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    Ba chóir go mbeadh sprioc 20% ann don dá leibhéal i ngach ceantar, ach déanfaidh an lucht ceannais gach dícheall é sin a bhac. Bheadh i bhfad níos mó scoileanna agus scoláirí ann murach dearcadh diúltach agus naimhdeas na Roinne Éadóchais, agus na ndreamanna a gcuirfeadh fás na ngaelscoileanna deireadh lena gcumhacht. Le fiche faoin gcéad ag foghlaim trí Ghaeilge, i scoileanna a bheadh neamhspleách den chuid is mó ar na sean-Phatrúin, bheadh réabhlóid sa tír. Ní cheadófar sin, ar ndóigh