Tiocfaidh a lá a deir Nigel Farage, ach an bhfuil an ceart aige?

An bhfuil an ceart ag Nigel Farage go dtiocfaidh an lá fós a dtuigfidh muintir na hÉireann gur ollstát agus arm Eorpach atá ó mhaorlathaithe na Bruiséile?

Tiocfaidh a lá a deir Nigel Farage, ach an bhfuil an ceart aige?

B’iontach spreagúil an iomarbhá é sin a tharla le gairid ar RTÉ idir Claire Byrne agus Nigel Farage, an fear atá breá sásta gur imigh an Bhreatain as Aontas na hEorpa.

Cuireadh béim ina dhiaidh sin ar an gcaoi ar dhúirt sé ‘Up the RA’ ar fhíseán ach níorbh é sin an chuid ba spéisiúla den díospóireacht ach an sárú a rinne siad ar a chéile faoin mBreatimeacht agus faoin méid atá le foghlaim ag an tír seo as an gcinneadh.

Mar is dual do Thráchtairí Móra na hÉireann ba léir ó thús an agallaimh go raibh sé i gceist ag Claire Byrne cleite a bhaint as sciathán Nigel Farage, é a sháinniú agus beag is fiú a dhéanamh dá chuid tuairimí.

Tá drochbhail oraibh thall ansin de bharr gur imigh sibh as an Aontas na hEorpa, ar sise leis. Chonaic muid scliúchais ag stáisiúin pheitril de bharr go bhfuil easpa breosla oraibh anois, tá glasraí ag lobhadh sa talamh agus idir an dá linn tá coimeádáin lastais á gcoinneáil amach as calafoirt na Breataine.

Féach, a dúirt Nigel léi, tá deacrachtaí agus easpa oibrithe ar fud an Domhain Thiar ar fad faoi láthair. Sin mar atá i Los Angeles, sa bhFrainc, sa nGearmáin agus in áiteanna eile. Ní hé imeacht na Breataine as an Aontas is cúis leis sa mBreatain féin ná in áit ar bith eile ach go bhfuil an ráta boilscithe ag ardú.

Shocraigh Claire an chuileata a leagan ar chloisteáil an fhreagra sin di. Breathnaigh, a Nigel, ar sise, nach gearr ó dúirt Cumann na dTarlóirí Bóthair thall ansin go bhfuil easpa 60,000 tiománaí orthu. B’éigean daoibh muca a chur chun báis agus tá sibh ag dumpáil glasraí. Níl na tiománaithe agaibh.

Má leag sise an chuileata bhí an cíonán aigesean.

Rinne mé scrúdú ar na figiúirí, a dúirt sé, agus seo mar a bhí an scéal: Idir Meitheamh 2020 agus Meitheamh 2021 tháinig 172,000 oibrí isteach sa mBreatain. Ar mhaithe leo féin atá na Tarlóirí Bóthair, ar seisean, agus ní ar mhaithe leis na tiománaithe a bhfuil drochchoinníollacha oibre amach is amach acu.

Ba bhreá leis na Tarlóirí Bóthair a bheith in ann tuilleadh tiománaithe a thabhairt isteach le go bhfaighidís ar phá íseal iad, a dúirt sé.

Maidir le heaspa tiománaithe tríd is tríd, ar seisean, is gearr ó tuairiscíodh san Irish Times go bhfuil easpa tiománaithe in Éirinn freisin.

Thug Farage léacht ansin faoin smacht atá ag maorlathaithe na Bruiséile ar pholaitíocht na hÉireann.

Is cuma cé dhó a vótálfaidh sibh, ar seisean, is í Ursula von der Leyen atá i gceannas oraibh. Tá níos mó cumhachta aici ar Éirinn ná mar atá ag an Taoiseach.

Ar ndóigh, ar seisean, tá na polaiteoirí agus na meáin chumarsáide i mBaile Átha Cliath i ngrá leis an Aontas Eorpach. Chaith sibh na céadta bliain ag troid ar son neamhspleáchais ó Shasana, ar seisean, ach is cosúil go bhfuil sibh sásta anois go bhfuil bhur neamhspleáchas imithe uaibh.

Má tá féin, ar seisean, tiocfaidh an lá fós a dtuigfidh muintir na hÉireann gur ollstát agus arm Eorpach atá ó mhaorlathaithe na Bruiséile.

Beidh sé tamall aríst déarfainn sula gcuirfidh Claire Byrne agallamh ar Nigel Farage.

Fág freagra ar 'Tiocfaidh a lá a deir Nigel Farage, ach an bhfuil an ceart aige?'