
Cluiche Ceathrú Ceannais na hÉireann 2010 – Tiobraid Árann 3-17 Gaillimh 3-16
Bhí na foirne cothrom deich n-uaire sa choimhlint seo. Chuir Tiobraid Árann tús lasrach leis an gcluiche agus cé gur throid Gaillimh ar ais, bhí na Tiobradaigh dhá chúilín chun cinn ag leath ama, a bhuíochas do chúil ó Eoin Kelly agus Séamus Callanan. Chinntigh Tiobraid Árann go raibh bearna arís idir iad féin agus a gcéilí comhraic sa dara leath ach mhúscail poc éirice ó Joe Canning na Gaillimhigh an athuair. Bhí siad dhá phointe chun cinn gan ach cúpla nóiméad fágtha ach d’aimsigh John O’Brien, Gearóid Ryan agus Lar Corbett pointí déanacha agus bhí an bua ag Tiobraid Árann. Chuaigh na Tiobradaigh ar aghaidh chun craobh na hÉireann a bhuachan don ó 2001, bliain inar bhuaigh siad ar an nGaillimh sa chluiche ceannais.

Cluiche Ceannais na hÉireann 2001 – Tiobraid Árann 2-18 Gaillimh 2-15
Bhain an Ghaillimh áit amach i gcluichí ceannais peile agus iomána na bliana 2001 ach cé gur thug na peileadóirí leo Corn Sam Mhic Uidhir leo i gcoinne na Mí, chlis ar na hiománaithe. Bhí Tiobraid Árann chun cinn ó thús deireadh an chluiche agus cé gur laghdaigh na Gaillimhigh an bhearna chuig scór amháin ag pointí áirithe, bhí na Muimhnigh i gcónaí i gceannas.

Cluiche Ceannais na hÉireann 1988 – Gaillimh 1-15 Tiobraid Árann 0-14
Tá sé 27 mbliain ó shin anois ó a bhuaigh Gaillimh Craobh Iomána na hÉireann. I 1988 bhí fir an iarthair san iomaíocht i gcluiche ceannais don cheathrú bliain as a chéile. I gcluiche a bhí sách cosantach, tháinig Noel Lane isteach mar ionadaí sa dara leath agus d’aimsigh sé cúl na cinniúna.
Fág freagra ar 'Tiobraid Árann v Gaillimh – súil siar ar an stair…'