Thug Isaac Babel léargas ar an uafás a bhaineann le hionradh eile a rinneadh ar Odessa a dhúchais

Díol spéise i gcónaí saol agus saothar Isaac Babel, a rugadh in Odessa in 1894, tráth a raibh an Úcráin ina cuid d’Impireacht na Rúise

Thug Isaac Babel léargas ar an uafás a bhaineann le hionradh eile a rinneadh ar Odessa a dhúchais

Bhí coicís caite, agus gan aon fhaoiseamh i ndán do mhuintir na hÚcráine ó shléacht agus ár fhórsaí na Rúise, nuair a tuairiscíodh ó dheisceart na tíre sin go raibh cathair Odessa i mbaol a hionsaithe agus go raibh daonra na cathrach ag ullmhú dá réir. 

Sa gcalafort úd ar an Muir Dhubh a rugadh agus a tógadh duine de mhórscríbhneoirí na Rúisise sa 20ú haois, fear a fuair taithí nach beag ar an ár agus ar an sléacht le linn ionradh eile a rinneadh 102 bliain ó shin. 

Ba é sin Isaac Babel, a rugadh in Odessa i Meitheamh 1894, tráth a raibh an Úcráin mar chuid d’Impireacht na Rúise. 

I mBealtaine na bliana 1920, i ndiaidh na dtrí bliana chorraithe a thug na Boilséivigh chun cumhachta, rinne Arm Dearg na Sóivéide ionradh ar an bPolainn agus é mar sprioc acu an cumannachas a scaipeadh thar teorann. Ba iad an Chéad Eachra a chuir tús leis an ionradh nuair a chuaigh siad isteach i Volhynia, ceantar atá anois ar an teorainn idir iarthar na hÚcráine agus oirthear na Polainne. 

Cosacaigh, a raibh an-cháil orthu mar mharcaigh, a bhí sa gCéad Eachra. Bhí Isaac Babel ina dteannta agus é ag obair mar chomhfhreagraí cogaidh. 25 bliain d’aois a bhí sé agus bhí a ainm in airde cheana féin mar scríbhneoir agus mar iriseoir. Scríobh sé dialann le linn an ionraidh sin agus ba ar ábhar na dialainne sin a bunaíodh na gearrscéalta a foilsíodh sa chnuasach cumhachtach Konarmia, a aistríodh go Béarla mar Red Cavalry. 

Níl aon cheist faoi ach go raibh Babel ina bholscaire ar son scaipeadh na Réabhlóide ag tús an ionraidh. Bhí sé ag taisteal ar thraein an Polit-otdel a raibh clóphreas agus stáisiún raidió ar bord uirthi le go bhféadfaí oideachas idé-eolaíoch a chur ar na saighdiúirí. 

Ach de réir mar a lean an cogadh, chuir brúidiúlacht agus barbarthacht na Chéad Eachra olc air. Ina dhialann agus ina chuid scéalta, tugtar léargas ar an éadrócaire agus an t-uafás a bhaineann leis an gcogaíocht. 

Cé go raibh an lámh in uachtar ag Arm na Sóivéide sna chéad mhíonna den ionradh, faoi Mheán Fómhair bhí dul chun cinn mór déanta ag na Polannaigh ina gcoinne agus b’éigean don Arm Dearg cúlú. 

‘The commander of the Sixth Division reported that Novograd-Volynsk was taken at dawn today,’ an tús a chuirtear leis an leagan Béarla (a rinne Peter Constantine) den chéad scéal sa chnuasach Konarmia. Bhí tóir ar an leabhar ar an bpointe nuair a foilsíodh í i 1926 agus cuireadh ocht n-eagrán di i gcló sa Rúisis taobh istigh d’achar gearr. Aistríodh í go teangacha go leor agus níorbh fhada go raibh cáil idirnáisiúnta bainte amach ag Babel. 

Is deacair an dearcadh a bhí ag Babel i leith na gCosacach a mheas go hiomlán. Is léir go raibh údaráis na Rúise sásta úsáid a bhaint as saighdiúirí́ Cosacacha nuair a d’fheil sin i gcaitheamh na mblianta, ach d’fhulaing siad go mór mar náisiún le linn ré na Sóivéadach. 

Ach ó tháinig Vladimir Putin i gcumhacht tá stádas éigin bainte amach acu arís. Mar shampla, tuairiscíodh ar shuíomh an Independent sa mBreatain gur úsáideadh saighdiúirí Cosacacha le hagóid i gcoinne Putin, a bhí ar bun i Moscó i Meitheamh 2018. a chur faoi chois. Luaitear iad in alt a foilsíodh san Observer an 19 Feabhra seo caite agus bean 81 bliain d’aois a raibh cónaí uirthi in oirthear na hÚcráine ag guí na dtiocfadh na Rúisigh agus na Cosacaigh ina dteannta. Bheadh gá le níos mó ná alt beag amháin le stair chasta na  gCosacach a chur i láthair.

Gontacht agus beaichte an dá sprioc a bhí ag Babel ina chuid scríbhneoireachta. Ní haon iontas mar sin go raibh is go bhfuil an oiread sin measa ag scríbhneoirí́ eile air. Ina measc, bhí na hÉireannaigh Frank O’Connor, a bhfuil tionchar láidir Babel le feiceáil ar a scéal ‘Guests of the Nation’, agus John McGahern. 

Níor bhain Isaac Babel le haon dream faoi leith, a scríobh a iníon, Nathalie, faoi in 2001. Scríbhneoir Giúdach a bhí ann a raibh an Eabhrais ar eolas aige, cé nár scríobh sé sa teanga sin. Scríbhneoir Rúiseach agus scríbhneoir Sóivéadach a bhí ann chomh maith, a dúirt sí. Úcránach a bhí ann freisin, ach bhí cosc curtha ar an Úcráinis agus Babel ina óige. 

D’fhan Isaac Babel san Aontas Sóivéadach agus Stalin i gcumhacht. Ach bhí dóchas caillte aige sa stát nua. Le linn an ama sin, bhí cónaí ar a bhean chéile Evgenia agus ar Nathalie i bPáras. Níor theastaigh ó Bhabel go bhfillfeadh siad ar ‘thalamh na Sóivéide’ (nó ‘Sovietland’), mar a thug sé air i 1932. 

Ach cé a bhí slán ó phurguithe Stalin? I mbrollach a scríobh Nathalie Babel do chnuasach de scéalta a hathar sa mbliain 2001, déantar cur síos ar céard a tharla do Isaac Babel i ndeireadh a shaoil. Gabhadh é féin i mBealtaine 1939 agus tugadh chun bealaigh chuile phíosa scríbhinne óna áit chónaithe. 

Ní raibh tásc ná tuairisc air ina dhiaidh sin, ach ba léir go raibh sé curtha chun báis. Ar feadh na mblianta, ní raibh fáil oifigiúil ar a shaothar san Aontas Sóivéadach, ach sa mbliain 1954, agus Nikita Khrushchev i gceannas, rinneadh aisghairm ar an bpianbhreith a gearradh air. 

Ach níor tháinig an fhírinne faoina bhás chun solais go dtí tús na 1990idí, i ndiaidh don Aontas Sóivéadach titim as a chéile.  De réir chartlann an KGB, cuireadh é ar a thriail in Eanáir 1940, ocht mí i ndiaidh a ghabhála. Cuireadh ina leith san éagóir go raibh sé ina bhall d’eagraíocht fhrithShóivéadach agus go raibh sé i mbun comhcheilge sceimhlitheoireachta. Níor mhair a thriail ach 20 nóiméad. Ba le piléir ó scuad lámhaigh a maraíodh é agus cuireadh é in uaigh chomhroinnte. An deacair dúinn a shamhlú go dtarlódh a leithéid sa lá atá inniu ann? 

Ach ní cogadh agus marú amháin a bhí mar ábhar ag an scríbhneoir Isaac Babel. Chuir sé saol Odessa, go háirithe saol na nGiúdach sa gcathair sin, ar pár ina stíl ealaíonta féin sna gearrscéalta. I gceann de na chéad scéalta uaidh, tugann sé léargas ar a chuimhní́ ar an gcathair sin nuair a bhíodh sé ag siúl go dtí teach a sheanmháthar chuile sheachtain i ndiaidh dó freastal ar ranganna na Sabóide. Bhí na fógraí a bhain leis na siopaí, na clocha i mballaí na dtithe, fuinneoga na siopaí agus go leor eile a bhain leis an gcathair scríofa ar a anam, a dúirt sé. 

An chathair ba mhealltaí d’Impireacht na Rúise, a thug sé ar Odessa i scríbhinn eile. 

Agus seo á scríobh ní fios fós céard atá i ndán do chathair a dhúchais. 

Fág freagra ar 'Thug Isaac Babel léargas ar an uafás a bhaineann le hionradh eile a rinneadh ar Odessa a dhúchais'