‘Teip’ é nach raibh aon choiste iniúchóireachta ann don chaiteachas ar an uachtaránacht

Thug Ard-Rúnaí Roinn an Taoisigh le fios don Choiste um Chuntais Phoiblí an Oireachtais nár bunaíodh coiste iniúchóireachta don uachtaránacht go dtí 2014 agus nach raibh aon chruinniú ag an gcoiste ar feadh nach mór trí bliana

‘Teip’ é nach raibh aon choiste iniúchóireachta ann don chaiteachas ar an uachtaránacht

Tá géillte ag Ard-Rúnaí an Rialtais gur “teip” é nach raibh aon choiste iniúchóireachta ann chun maoirseacht a dhéanamh ar an gcaiteachas ar an uachtaránacht.

Thug Ard-Rúnaí Roinn an Taoisigh Martin Fraser le fios don Choiste um Chuntais Phoiblí an Oireachtais ar maidin nár bunaíodh a leithéid de choiste iniúchóireachta i gcás na huachtaránachta go dtí 2014 agus nach raibh aon chruinniú ag an gcoiste ar feadh nach mór trí bliana.

Tharla sé sin, a dúirt Ard-Rúnaí Roinn an Taoisigh, arb é an t-oifigeach cuntasaíochta i gcás na huachtaránachta, mar nach raibh an cathaoirleach ar an gcoiste a bunaíodh in 2014 ar fáil ar chúis ‘íogair’.

Ceapadh cathaoirleach nua ar an gcoiste i mí Feabhra na bliana seo, iar-ardrúnaí Roinn na Gaeltachta Joe Hammill, agus thug Fraser le fios go raibh trí chruinniú ag an gcoiste i mbliana.

Chuir baill áirithe den Choiste um Chuntais Phoiblí a míshástacht in iúl faoin scéala nach raibh coiste iniúchóireachta ann agus go rabhthas ag brath ar an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste amháin chun na cuntais a fhaomhadh le linn na tréimhse seo.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly gur “droch-rialachas” é gan aon choiste iniúchóireachta a bheith ann. Mar fhreagra ar an méid sin, ghéill Martin Fraser nach raibh a leithéid “sásúil” ach dúirt gur bhain “cúinsí faoi leith” leis an gcás.

Thug an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste Seamus McCarthy le fios ag an gcruinniú gur caitheadh €3.6 milliún ar an uachtaránacht in 2016, níos lú ná an buiséad €3.9 milliún a cuireadh ar fáil. Bhain €1.15 milliún den chaiteachas sin leis na híocaíochtaí a dhéantar le daoine a bhaineann céad bliain d’aois amach agus tugadh €387,000 ar ais don státchiste.

€8.163 milliún ar fad a caitheadh in Áras an Uachtaráin, ag áireamh cothabháil an árais féin agus caiteachas an OPW, an Gharda Síochána agus na Roinne Gnóthaí Eachtracha i leith na huachtaránachta.

Luadh ag an gcruinniú chomh maith an t-allúntas bliantúil €317,000 a chuirtear ar fáil don Uachtarán ach nach ndéantar aon iniúchadh air.  Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Marc MacSharry go bhféadfadh go gceapfaí go raibh cuma ‘ciste dubh’ ar an gciste seo toisc nach ndéantar aon iniúchadh air. Bunaíodh an ciste ag deireadh na 1930idí agus níor tháinig aon ardú air ó 1998.

Dúirt MacSharry nach raibh aon amhras air ach go raibh an t-airgead á chaitheamh “ar bhealach maith” ach gur díol suntais é nach mbíonn sé á iniúchadh ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Cháin Kate O’Connell, an Teachta Dála de chuid Fhine Gael, MacSharry as na focail “slush fund” á úsáid. Dúirt urlabhraí de chuid an Uachtaráin inniu go gcaitear airgeadh an chiste ar an 20,000 duine a thugann cuairt ar Áras an Uachtaráin gach bliain, ar dhinnéir do cheannairí stáit agus d’ócáidí eile san Áras.

Cháin baill áirithe den Choiste um Chuntais Phoiblí an cinneadh go bpléifí ceist an chaiteachais ar an uachtaránacht agus toghchán ar na bacáin. Ba é seo an chéad uair a ndearna an coiste a leithéid agus mhol baill eile go ndéanfaí gach bliain feasta é.

Fág freagra ar '‘Teip’ é nach raibh aon choiste iniúchóireachta ann don chaiteachas ar an uachtaránacht'