Thosóinn Abbie Larkin in aghaidh Cheanada ach ní dóigh liom go mbeidh Vera Pauw ar an intinn chéanna

Tar éis dóibh a gcéad chluiche a chailliúint in aghaidh na hAstráile, caithfidh foireann na hÉireann rud éigin a fháil as an gcluiche in aghaidh Cheanada amárach más leo dul ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile

Thosóinn Abbie Larkin in aghaidh Cheanada ach ní dóigh liom go mbeidh Vera Pauw ar an intinn chéanna

Deis caillte. B’in an chéad smaoineamh a rith liom tar éis séideadh na feadóige deireanaí sa chéad chluiche ag Éirinn in aghaidh na hAstráile i gCorn an Domhain an tseachtain seo caite.

Ar chloisteáil d’imreoirí na hÉireann díreach roimh an gcluiche go raibh Sam Kerr – príomhscórálaí na hAstráile, captaen spreagúil na foirne agus duine de na himreoirí is fearr ar domhan dar le mórán – ar iarraidh tar éis di a bheith gortaithe ag traenáil an lá roimhe, bheadh an-spreagadh faighte ag an bhfoireann ach ar an drochuair, ní raibh siad in ann leas a bhaint as an deis a tugadh dóibh.

Bhí Éire an-chompordach ag cosaint den chuid is mó den chluiche ach ba é an t-aon chúl amháin sin, an cic pionóis ó chaptaen na nAstrálach Steph Catley luath sa dara leath, a bhí idir na foirne sa deireadh a d’fhág gur fhág na hÉireannaigh gan tada.

Ní féidir le hÉirinn anois an cluiche amárach in aghaidh Cheanada a chailliúint agus caithfidh an fhoireann níos mó a dhéanamh chun deiseanna a chruthú. Ceann de na rudaí is dearfaí faoin chluiche in aghaidh na hAstráile ná an taispeántas a thug Abbie Larkin, nach bhfuil ach ocht mbliana déag d’aois, tar éis di teacht chun páirce théis uair an chloig i Sydney. Cé gurbh ócáid chomh mór sin a bhí ann, d’imir Abbie gan aon eagla agus bhí tionchar mór aici ar an imirt.

Bhí sé iontach an meangadh a fheiceáil ar a béal agus í ag imirt, mar a bhíonn i gcónaí. Bhí mé féin ocht mbliana déag d’aois nuair a d’imir mé le foireann shinsir na hÉireann den chéad uair agus cé gur mór an difríocht atá idir a bheith ag imirt cluiche dúshláin i dTamhlacht mar a bhí mise agus a bheith ag imirt os comhair beagnach 80,000 duine ag Corn Domhanda mar a bhí Abbie, agus cé nárbh é a céad chluiche é, is iontach an mhuinín a bhíonn agat mar imreoir óg. Tá na blianta caite ag Louise Quinn, Áine O’Gorman, Niamh Fahey agus imreoirí eile chun an comórtas seo a bhaint amach ach níl ann ach an chéad chéim eile ag Abbie.

Tá sí ar dhuine de naonúr déag déagóirí atá ag imirt i gCorn Domhanda na mBan i mbliana agus b’fhiú súil a choinneáil ar dhuine eile acu, Alyssa Thompson, a tháinig isteach mar ionadaí do Stáit Aontaithe Mheiriceá in aghaidh Vítneam Dé Sathairn seo caite.

Ní raibh aon toradh gan choinne againn go dtí seo sa chomórtas ach ceann de na torthaí is mó a chuir iontas orm ná ceann Shasana. Ní raibh an fhoireann a bhuaigh Craobh na hEorpa anuraidh ach in ann Háítí, atá sa 55ú áit ar domhan, a bhualadh 1-0 agus ba le cic pionóis a fuair Sasana an cúl sin. É sin ráite, b’fhéidir nár cheart dom an oiread sin iontais a bheith orm. Is cuimhin liom an t-aon uair gur imir mé le hÉirinn in aghaidh Háítí, níor bhuail muid ach le 1-0 iad ach an oiread agus cúl ó chic pionóis a bhí ag teastáil an lá sin freisin.

Ag breathnú ar an gcluiche ollmhór amárach in aghaidh Cheanada, thosódh mise Abbie Larkin dá mba rud é go raibh mise i gceannas ar an bhfoireann. Mol an óige, mar a deir siad!

Ní cheapaim go mbeidh Vera Pauw ar an intinn chéanna, áfach. Dúirt bainisteoir na hÉireann tar éis an chluiche in aghaidh na hAstráile go raibh sí sásta le taispeántas na foirne, seachas an botún a ghéill an cic pionóis, agus tá gach seans ann go gcoinneoidh sí leis an bhfoireann chéanna a thosaigh sa chéad chluiche, chomh fada is go mbíonn Louise Quinn in ann imirt. Má bhíonn sise in ann seasamh ar chor ar bith, rachaidh sí chun páirce.

Fágann na torthaí sa chéad bhabhta go gcaithfidh Éire ar a laghad comhscór a fháil sa chluiche seo amárach chun seans ar bith a bheith acu teacht amach as an ngrúpa. Beidh sé thar a bheith tábhachtach freisin nach ngéillfidh muid cúl luath sa chluiche mar bíonn sé thar a bheith deacair againne deiseanna a chruthú.

Beidh Vera Pauw ag iarraidh rudaí a choinneáil cúng mar is iondúil ach beidh athruithe ag teastáil má ghéilleann siad cúl. Níl aon dabht ach gur mór an dúshlán a bheidh rompu ach beidh na cailíní i nglas réidh dó!

D’imir Méabh de Búrca 52 uair d’fhoireann shinsir na hÉireann idir 2006-2017 agus beidh sí ag scríobh do Tuairisc le linn Chorn Domhanda na mBan 2023

Fág freagra ar 'Thosóinn Abbie Larkin in aghaidh Cheanada ach ní dóigh liom go mbeidh Vera Pauw ar an intinn chéanna'