Tá sé fógartha ag Glór na nGael go bhfuil Séaghan Ó Súilleabháin ceaptha chun Plean Teanga Chathair Saidhbhín a chur i bhfeidhm.
Bhain Ó Súilleabháin cáil amach ar líne mar ‘The Kerry Cowboy’ agus é ag plé cúrsaí Gaeilge agus feirmeoireachta. Tá cláir theilifíse curtha i láthair aige agus tá cáilíocht mar mhúinteoir iarbhunscoile Gaeilge bainte amach aige chomh maith.
Dúirt Ó Súilleabháin, arb as Cill Orglan dó, go raibh “fréamhacha doimhne” aige sa cheantar agus go raibh sé ag súil le tabhairt faoin phost ag deireadh na míosa seo.
“Tá pobal iontach i gCathair Saidhbhín agus beidh sé go diail a bheith ag obair as láimh a chéile le borradh a chur faoin nGaeilge ann,” a dúirt sé.
Bronnadh aitheantas mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta ar Chathair Saidhbhín anuraidh agus an baile ag freastal ar phobal Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh. Beidh Ó Súilleabháin ag feidhmiú as Oifig na Gaeilge, Ionad Aosoideachais Uí Chonaill, Cárthann Íochtarach, i gCathair Saidhbhín.
Shínigh Comhairle Contae Chiarraí agus Glór na nGael Comhaontú Leibhéal Seirbhíse maidir le fostú agus bainistiú Oifigeach Pleanála Teanga (OPT) do Phlean Teanga Chathair Saidhbhín i mí Bealtaine.
Ag fógairt cheapachán Uí Shúilleabháin, dúirt Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael, go mbeadh tionchar dearfach ag an gceapachán ar thodhchaí na Gaeilge sa bhaile agus sna ceantair máguaird.
Chuir Aodán Mac Gearailt, Oifigeach Gaeilge Chomhairle Contae Chiarraí, fáilte roimh an gceapachán chomh maith. “Tá aithne forleathan ar Shéaghan agus an bhaint atá aige le saol na Gaelainne.” a dúirt Mac Gearailt.
“Cabhróidh a thaithí agus a phearsantacht dhearfach leis ina ról nua agus is cinnte go gcuirfidh sé go mór le fás agus forbairt na Gaelainne i gCiarraí Theas. Guím gach rath air.”
Kerry Blue
Treise leat a bhuachaill.