‘The intractable housing problem’, mar dhea – ní de thimpiste atá géarchéim tithíochta sa tír seo

D’oibrigh brú an phobail leis na táillí uisce a chur in aer. Níl cúis ar bith nach mbeadh an toradh céanna ar fheachtas láidir tithíochta

‘The intractable housing problem’, mar dhea – ní de thimpiste atá géarchéim tithíochta sa tír seo

Pictiúr: Rollingnews.ie

Nuair a deireann polaiteoir go bhfuil rud eicínt ‘intractable’, is iondúil gurb éard a bhíonn i gceist le fírinne nach bhfuil an toil pholaitiúil ann leis an mbeart a dhéanamh. Rud doiligh a thabharfaidís air i nGaeilge, obair atá deacair a chur i gcrích.

Bhí díospóireacht ar RTÉ an lá faoi dheireadh faoi easpa dídine agus faoi fhadhb na tithíochta. Baicle as an eite dheis a bhí ag caint mar is minice ar na cláracha díospóireachta sin.

Ní chuirfeadh sé aon iontas ort dá mbeadh teach breá áirgiúil ag chuile dhuine acu, teach saoire in iarthar Éireann, teach eile i gceantar grianmhar ar an Mór-roinn agus cúpla teach ligthe ar cíos.

Maidir leis an té a bhí ag cur an chláir i láthair ní taobh le tuarastal an té a bheadh ag obair i Raidió na Gaeltachta a bhí sé: ní bheadh clóic ar bith air éarlais a chur i dteach nua nó fiú amháin teach a cheannach thar barr amach gan iasacht ar bith.

Rinneadh neart fuarchaoineacháin i rith an chláir faoi na daoine atá ag codladh ar na sráideanna ach ba é tuairim mheáite an phainéil sa deireadh gur ‘intractable problem’ é géarchéim na tithíochta ar fad.

Céard atá doiligh faoi theach a dhéanamh, arsa tusa?

Tá lucht ceirde go fairsing sa tír agus is dána an té a déarfadh nach bhfuil na tithe ag teastáil go géar.

Seo iad go bunúsach na rudaí a theastaíonn le teach a dhéanamh: suíomh, airgead agus lucht ceirde.

An córas atá sa tír is cúis leis na deacrachtaí tógála atá ag crá daoine faoi láthair agus ní rud ar bith eile.

Tá go leor de na suíomhanna i lámha úinéirí talún agus creach-chistí sna cathracha.

Go fiú faoin tuath mura dtugann do mhuintir suíomh in aisce dhuit cosnaíonn áit tí lab maith airgid. Mura gcreideann tú sin féach le suíomh a cheannacht idir an Spidéal agus Gaillimh.

Moladh réiteach ciallmhar ar fhadhb seo na laithreán os cionn dhá scór bliain ó shin i dTuarascáil Uí Chionnaith. Ba cheart , a dúradh, smacht a chur ar phraghas talamh tógála; gan a bheith le fáil air ach praghas talamh feilméarachta móide 10% eile.

Ar ndóigh, mo léan géar, níor tugadh aon aird ar an moladh; bhí a ndóthain úinéirí talún, ceantálaithe agus dlíodóirí sa Dáil lena chinntiú go mbuailfí cos air.

Abair mar sin féin go bhfuil suíomh agat. Caithfidh tú airgead a fháil ansin leis an teach a thógáil.

Ní thabharfaidh an banc morgáiste dhuit gan 20% dá luach a bheith agat.

Cá bhfaighidh tú é más ag dáileadh burgar i Supermacs atá tú fostaithe agus tú ag íoc lán laidhre cíosa ar árasán? Múinteoirí scoile féin téann sé sách rite leo an éarlais a chur le chéile agus an morgáiste a choinneáil íoctha. Is é a fhearacht sin ag na Gardaí é.

Faigh an t-airgead ó do thuismitheoirí, a déarfadh an Taoiseach, Leo Varadkar. Ní hé chuile dhuine a bhfuil tuismitheoirí aige atá chomh gustalach sin.

Tá leigheas follasach amháin ar an bhfadhb ar fad agus is é sin go dtosódh an Stát scéim uileghabhálach tithíochta poiblí.

An dtarlóidh sé? Ní tharlóidh sé gan brú mór ón bpobal agus tá sin cinnte. D’oibrigh brú mar é leis na táillí uisce a chur in aer. Níl cúis ar bith nach mbeadh an toradh céanna ar fheachtas láidir tithíochta.

Comhartha mór dóchais ba ea an mháirseáil a bhí i mBaile Átha Cliath an lá faoi dheireadh leis an scéal a chur níos faide. Bhí na mílte daoine ann. Bhí lucht na gceardchumann páirteach ann agus níor sheas Sinn Féin siar an iarraidh seo.

Shílfeá uaireanta gur imní atá ar an bpáirtí sin go gceapfaí nach bhfuil iontu ach dream agóidíochta; go gcaithfidh siad a chruthú go bhfuil siad ‘feiliúnach’ le bheith i rialtas.

Maidir le Fianna Fáil, an dream a scrios an tír lenár linn, tá siad ag dul siar ar an stair aríst de bheagán agus ag maíomh go ndearna an páirtí éachtaí tógála nuair is boichte a bhí Éire.

Sin í an fhírinne freisin: fuair siad réidh le cuid mhór de na drochthithe sna cathracha go gairid tar éis dóibh a theacht i gcumhacht sna tríochaidí.

Feachtas mór pobail atá ag teastáil mar sin. Sea agus brú faoi leith a chur ar an gcéad rialtas eile nach bhfuil i bhfad uainn, comhrialtas idir Fianna Fáil agus Sinn Féin.

Fág freagra ar '‘The intractable housing problem’, mar dhea – ní de thimpiste atá géarchéim tithíochta sa tír seo'

  • Larry Phelan

    Alt maith, a Joe.

  • Simon Ó Faoláin

    Fíor duit a Sheosaimh. N’fheadar fé Chonamara, ach i gCorca Dhuibhne tá gné eile ag cur leis an bhfadhb, rud a éiríonn as chomh mór is atá an ceantar mar cheantar turasóireachta. Daoine ar mo dhála féin nach bhfuil a dhóthain airgid acu chun tigh a cheannach, anois nílid in ann tigh a fháil ar cíos fiú, mar go bhfuil na’ héinne le tigh le ligint ag iarraidh AirB&B a dheanamh is ag cur na ndtionóintí fadtéarmacha amach. Chuala go bhfuil tithe i mbaile an Daingin á ligint amach le turasóirí rachmasacha ar ráta chomh hard le 1000 euro sa mhí. Ní fada go mbeidh Riviera Chorca Dhuibhne againn, agus bata agus bóthair do lucht na háite nach bhfuil teann ar a gcúlaibh acu…

  • Milton Friedman

    Mar oibríonn Cumannachas i gcónaí lol……