The future ain’t what it used to be – súil siar ar bhliain spóirt 2015

Ó ghaiscí Chraobh na Sé Náisiún go neart Chill Chainnigh agus na Nua-Shéalainne, bhain ár gcolúnaí súp as gach cineál spóirt in 2015…seachas an Premiership

GAA Football All Ireland Senior Championship Final, Croke Park, Dublin 20/9/2015 Kerry vs Dublin Kerry's Paul Geaney and Ciaran Kilkenny of Dublin Mandatory Credit ©INPHO/Cathal Noonan

Sula raibh earrach na bliana 2015 tagtha beag ná mór, bhí an bua faighte ag foireann cruicéid na hÉireann ar na hIndiacha Thiar. Ba ar éigean a bhí spáid curtha i dtalamh nuair a bhuaigh capaill Willie Mullins níos mó rásaí ag Féile Cheltenham ná a rinne aon traenálaí eile riamh roimhe agus sna sála air sin, thug foireann rugbaí na tíre Craobh na Sé Náisiún leo ar bhealach níos drámatúla ná a d’fheicfeá i scannáin Indiana Jones.

Bhí an Gooch ar ais don tSraith Náisiúnta agus le teacht na Craoibhe, bhuaigh Maigh Eo ceann Chonnacht den chúigiú huair as a chéile agus i gCúige Laighean bhuaigh an Iarmhí ar Cho. na Mí den chéad uair riamh, ainneoin iad a bheith 10 bpointe i bpoll ag tráth amháin.

Le teacht an fhómhair, chruthaigh Cill Chainnigh agus Áth Cliath go mba acu a bhí na hiománaithe agus na peileadóirí ab fhearr sa tír agus sula raibh an séasúr sin caite, chinntigh cúl a scóráil Shane Long bua na hÉireann ar sheaimpíní sacair an Domhain agus choinnigh ar an mbóthar chuig Euros na Fraince muid.

Agus níl iontu siúd ach blaiseadh den bhliain spóirt a bhfuil muid ionann is réidh le slán a fhágáil aici.

I bPáirc an Chrócaigh ar an 16ú Lúnasa tharla an eachtra ba mhó a fhanfaidh i mo chuimhne féín. An choimhlint iomána ab fhearr a facthas i gcaitheamh an tséasúir – cluiche leathcheannais na craoibhe idir Gaillimh agus Tiobraid Árann.

Agus 62 nóiméad caite, bhí báireoir na Gaillimhe faoi réir leis an sliotar a bhualadh amach tar éis do Shéamus Callanan buille 65 méadar a chur thar an trasnán agus na foirne a fhágáil ar comhscór don 8ú huair.

Go hobann, d’éirigh iomlán an 58,000 duine a bhí i láthair ina seasamh, ag bualadh na mbos faoina chéile, ag greadadh na gcos faoin talamh, ag liúradh agus ag léimneach. Is iondúil gur babhta achrainn nó conspóid eicínt is cionsiocair lena leithéid, ach an uair seo ba cheanúlacht agus ómós a bhí i gceist – é tugtha faoi deara go raibh Noel McGrath faoi réir le teacht chun páirce.

Cúig mhí roimhe a fritheadh amach go raibh ailse ag dul do Noel agus bhogfadh an fháilte ar ais a chuir an lucht leanta ón dá fhoireann roimhe croí cloiche.

Níor luaithe istigh é ná bhí na Tiobradaigh ar a gcosa arís nuair a chuir an Craitheach a fhoireann chun cinn de chúílín agus an t-am istigh. Ach, sna 3 nóiméad am breise a himríodh, chothromaigh Jason Flynn agus scóráil Shane Maloney cúilín an bhua do Ghaillimh. 3-9 ag Séamus Callanan agus fós a fhoireann buailte.

Bhí deireadh Chraobh na Sé Náisiún chomh spleodrach céanna agus Éire, An Bhreatain Bheag agus Sasana ar chomhphointí faoin am a dtáinig an lá deireanach imeartha.

Faoi ard tráthnóna an lae sin, bhí bua 41 pointe faighte ag na Breathnaigh ar an Iodáil. Ag am tae, bhí sin curtha ó mhaith ag farasbarr 30 pointe na hÉireann ar Albain agus foireann Joe Schmidt anois ar barr, áit a bhfanfadh siad muna mbuafadh Sasana ar an bhFrainc agus 26 pointe le spáráil acu, i gcluiche deireanach an lae.

55-35 a bhí ar an gclár, Sasana i bhfoisceacht orlaigh de líne na bhFrancach agus an t-am istigh, nuair a thug Nigel Owens cic éirice do na Francaigh. Shéid sé an fheadóg agus ba iad Éire na seaimpíní.

Lá arna mháireach thug foireann ban na hÉireann Craobh na Sé Náisiún leo freisin.

Níos deireanaí sa mbliain i gCorn an Domhain, chruthaigh foirne rugbaí na Nua-Shéalainne, na hAstráile agus na hAfraice Theas dúinn gur tábhachtaí an scil agus an ghluaiseacht ná an neart – bhí léargas eile feicthe againn air sin luath go maith sa gcomórtas i mbua na Seapáine ar na hAfracaigh.

Cill Chainnigh a chuir an Nua-Shéalainn i gcuimhne dom sa mbealach ar thugadar an chraobh leo – tabhair cead a gcinn dóibh siúd a bhíonn ag streachailt, ag uanfadh agus ag bascadh. Ach dóthain foighde a bheith acu, is iad na healaíontóirí a thugann an lá leo faoi dheireadh.

Má chruthaigh 2015 rud ar bith dom féin ó thaobh na peile, is é sin gur deacra anois ná ariamh pléisiúr a bhaint as go leor de na cluichí is mó le rá a imrítear – sin fíor, cuma cén cruth atá ar an liathróid, nó cead a láimhsithe a bheith, nó gan a bheith, ag na himreoirí.

Cé is moite de chluichí idirnáisiúnta na hÉireann, tá sé chomh maith duit a rá go bhfuil mé éirithe as a bheith ag breathnú ar an sacar uilig, go léir. Spiorad na n-imreoirí a fhágann go bhfuil suim de chineál eicínt agam i bhfoireann Martin O’Neill, ach d’fhágfainn cluiche Príomhroinne nó Shraithe na Seaimpíní i mo dhiaidh go fonnmhar. An t-aon ábhar sásaimh eile a thug 2015 dom gurb shin í an bhliain a bhfuair Jose Mourhino a raibh dlite dó, le cúnamh Dé.

Bliain a bhí inti freisin inar ligeadar siúd atá i gceannas Chumann Lúthchleas Gael deis eile uathu tabhairt faoin mbearna mhór (atá ag méadú) idir an chaoi a gcaitheann siad leis na himreoirí contae agus na himreoirí club. Mura ndéanfar rud eicínt gan mhoill, scriosfar an bhunchloch ar a bhfuil an eagraíocht tógtha.

Sa mbliain atá ionann is caite freisin, chinntigh na dornálaithe Paddy Barnes, Michael Conlan, Steven Donnelly agus Joe Ward a n-áiteacha ag Cluichí Oilimpeacha Rio – beidh deis ag tuilleadh sin a dhéanamh san athbhliain – Katie Taylor ar dhuine acu. Ar an lámh eile, rinne an IABA praiseach cheart de scéal Billy Walsh.

Is beag bliain anois nach dtugann spórt na mban céim chun cinn. D’fhág 2015 an Melbourne Cup ag marcach ban, Michell Payne, den chéad uair ariamh agus ba í Katie Walsh a bhí sa muing ar bhuaiteoir Grand National na hÉireann.

Is é an taobh eile den scéal go bhfuil go leor fós a d’fhéadfaí a dhéanamh. Níl sé ach cúpla seachtain ó bhí an peileadóir ban is fear a facthas ariamh, Cora Staunton, ag rá go bhféadfaí tacaíocht i bhfad níos fearr a chur ar fáil dá comhghleacaithe nach bhfaigheann cent costais, a mbíonn orthu a bhfeisteas imeartha a cheannacht iad féin go minic agus a bhíonn ag imirt agus ag traenáil ar pháirceanna den dara grad cuid mhaith den am. Is fada go mbeadh sin le rá ag peileadóir fir a mbeadh deich ngradam All-Star acu.

Chaith A.P. McCoy an diallait ar an lota i 2015. Rinne Henry Shefflin amhlaidh leis an gcamán agus Pádraic Joyce leis na bróga peile.

Tar éis dó 54 seachtain a bheith caite aige ar bharr an Ord Fiúntais Domhanda, b’éigean do Rory McIlroy sin a ghéilleadh do Jordan Speith agus do Jason Day sna cúig mhí dheireanacha den bhliain inar fritheadh an leid is fearr fós nach n-éireoidh le Tiger Woods sárú a dhéanamh ar churiarracht Jack Nicklaus sna Mór-Chomórtais.

Orthu siúd a chuaigh ar Shlí na Fírinne in 2015, bhí iománaithe Thiobraid Árann Jimmy Doyle agus Tony Reddin, a bhí ar fhoirne Chomóradh an Chéid agus na Mílaoise; Aaron Devlin, peileadóir 23 bliain d’aois as Doire; Tom Woulfe a bhain an céad amach agus a bhí glórach i gcoinne an bhaic ar na cluichí Gallda nuair nach raibh sé éasca a bheith amhlaidh; Dave Billings a thug a shaol do Pheil agus d’Iomáint Átha Cliath; an rothaí Mick Murphy; an marcach Pat Ederry agus an tráchtaire rásaí capall, Peter O’Sullevan.

D’imigh uainn freisin duine de na himreoirí baseball ba cháiliúla ariamh. Baineann oidhreacht Yogi Berra chomh mór leis an sléacht a rinne sé ar theanga an Bhéarla agus a bhaineann sé lena chuid imeartha. Seo cúpla ceann de na ráitis ab fhearr a tháinig uaidh. ‘I usually take a two-hour nap from 1 to 4.’ ‘Never answer an anonymous letter.’ ‘The future ain’t what it used to be.’ ‘Baseball is 90 per cent mental, the other half is physical.’ ‘It ain’t the heat, it’s the humility.’ Agus an ceann is oiriúnaí do bhliain a bháis: ‘You should always go to other people’s funerals, otherwise, they won’t come to yours.’

Fág freagra ar 'The future ain’t what it used to be – súil siar ar bhliain spóirt 2015'