A áit i measc rogha na n-údar oíche na nOscar tuillte ag ‘The Favourite’

Moladh mór ag ár gcolúnaí don seit, don smideadh, don fheisteas agus don script chliste shnoite ach dar leis gurb na haisteoirí iontacha príomhláidreacht an tsaothair…

A áit i measc rogha na n-údar oíche na nOscar tuillte ag ‘The Favourite’

The Favourite

Stiúrthóir: Yorgos Lanthimos

Cliar: Olivia Colman, Rachel Weisz, Emma Stone, Nicholas Hoult, James Smith.

Tá gaiscí nach beag déanta ag an gcomhlacht Element Pictures i gcaitheamh na mblianta. Bhí rath thar na bearta ar Room (2015), saothar a ghnóthaigh ceithre ainmniúchán Oscar agus príomhdhuais aisteoireachta na mban do Brie Larson. Lena chois sin thug an cheárta seo leithéidí The Lobster (2015), The Killing of a Sacred Deer (2017), The Guard (2011) agus Frank (2014) dúinn. Comhlacht bisiúil atá i mbarr a mhaitheasa.

Seo chugainn iad le The Favourite, saothar eile a bhfuil an-ráchairt air. D’éirigh le Olivia Colman duais aisteoireachta a fháil ag na Golden Globes le déanaí agus fuair an scannán ceithre ainmniúchán eile. Is cinnte go mbeidh an scannán go mór san iomaíocht oíche na nOscar.

Seo saothar seanré eile, seánra a bhfuil dúil mhíchuibheasach ag sciar suntasach den phobal féachana ann. Ní truflais thaitneamhach cosúil le Downton Abbey atá againn, áfach, ná saothar stuifiúil sollúnta a dhéanann iarracht léamh a dhéanamh ar eachtra, ar thréimhse nó ar phearsa staire. Ní hea ach meascán cliste ait den dá cheann sin. Déanann an saothar seo a iomaire féin a threabhadh gan aon agó.

Déantar sinn a theilgean siar chuig an ochtú haois déag mar a bhfuil an Bhanríon Anne (Colman) i gcumhacht agus a dlúthchara sleamhain Lady Sarah (Weisz) ag tindeáil uirthi agus á smachtú. Léirítear an bhanríon mar óinseach a bhfuil an tsláinte ag teip uirthi agus mar bhean atá ciaptha cráite ag an seachtar déag clainne a cailleadh uirthi. Níl go maith agus níl go holc go dtagann Abigail, col ceathrar Lady Sarah an dúthaigh ag lorg cúnaimh óna bean ghaoil. Tógann Sarah an bhean óg faoina cúram ach ní fada go dtarraingíonn Abigail gnaoi na banríona uirthi féin agus cuirtear comhrac beirte binbeach sa tsiúl idir an bheirt bhan shlítheánta.

Fad is atá an bheirt bhan ghlice ag iarraidh a gcuid ba a chur thar abhainn éiríonn siad ceangailte i gcamastaíl pholaitiúil na tréimhse. Is deas mar a dhéantar dríodar cainte na bpolaiteoirí éagsúla a léiriú. Caithfear moladh a thabhairt chomh maith don seit/láithreacha, smideadh agus an feisteas mar d’éirigh leo an tréimhse a athchruthú go paiteanta.

Tá an saothar seo an-ghreannmhar in áiteanna, ina scigdhráma in áiteanna eile agus an-sollúnta in áiteanna eile, ach éiríonn leis a  bhuíochas sin don scríbhinn atá an-chliste, snoite agus deisbhéalach i gcuid mhaith áiteanna. Is iad na haisteoirí iontacha agus na taispeántais chumasacha a thugann siad uathu príomhláidreacht an tsaothair, áfach. Coimeádann siad rudaí sa tsiúl nuair a theipeann ar an luas agus nuair atá an baol ann go rachadh rudaí chun leadráin.

Tá cad é caint faoi Colman, agus is cinnte go dtugann sí taispeántas den scoth uaithi, ach tá an bheirt eile, Rachel Weisz agus Emma Stone, atá ar bheirt de na haisteoirí is cumasaí dá bhfuil ann, breá in ann é a fhéachaint léi. Is é taispeántas na triúrachta seo an phríomhchúis ar cheart duit féachaint ar an scannán seo.

Fág freagra ar 'A áit i measc rogha na n-údar oíche na nOscar tuillte ag ‘The Favourite’'