‘Thar am ag an Roinn Oideachais eolas a chur ar fáil ‘faoin mbunús le córas nua dhíolúine na Gaeilge’

Dar le saineolaithe oideachais gur gá don Roinn Oideachais sainmhíniú beacht a thabhairt ar cad atá i gceist acu le ‘annamh agus eisceachtúil’ i gcás dhíolúine na Gaeilge

‘Thar am ag an Roinn Oideachais eolas a chur ar fáil ‘faoin mbunús le córas nua dhíolúine na Gaeilge’

Tá sé thar am ag an Roinn Oideachais an tuarascáil atá taobh thiar de chóras nua na ndíolúintí a fhoilsiú, dar le lucht feachtais agus saineolaithe oideachais.

Agus nach mór mí caite ó d’fhógair an tAire Oideachais Joe McHugh an córas nua, dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn le Tuairisc.ie aréir go gcaithfí an tuarascáil “a fhoilsiú láithreach le go mbeidh tuiscint ag daoine ar cad as a tháinig an cinneadh seo”.

Cé go bhfuil na ciorcláin agus na treoirlínte nua maidir le díolúine na Gaeilge foilsithe ag an Roinn Oideachais, níl aon radharc go fóill ar an tuarascáil chomhairliúcháin a bhaineann leis an gcóras conspóideach nua. 

“Caithfear an tuarascáil a fhoilsiú le go bhfeicfimid cén bunús atá leis an gcóras nua, cén saineolas a bhí taobh thiar de agus cén saineolas eile a bhí

ag an Roinn seachas an saineolas a chuir an tOllamh Pádraig Ó Duibhir

agus daoine eile ar fáil dóibh faoi na lochtanna ar a moltaí,” arsa Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn.

Dúirt Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach COGG, go bhfuiltear “ag súil go mór” le foilsiú na tuarascála ar a bhfuil an córas nua díolúintí bunaithe.

Dúirt sí go gcuirfear “spéis mhór” sa tuarascáil agus sna haighneachtaí a fuarthas mar chuid de phróiseas comhairliúcháin na Roinne.

Tá ráite ag an Roinn Oideachais go bhfoilseofar sa chéad dá sheachtain den mhí seo an tuarascáil a d’eascair as an bpróiseas comhairliúchán a reáchtáil siad faoi chóras na ndíolúintí.

Tugadh an chluas bhodhar d’éileamh saineolaithe oideachais go bhfoilseofaí an tuarascáil sula bhfoilseofaí na ciorcláin nua.

Dúirt Pádraig Ó Duibhir, duine de shaineolaithe móra an oideachais in Éirinn, nach bhfuil ‘bunús taighde ar bith’ leis na leasuithe atá le déanamh ar chóras dhíolúine na Gaeilge agus gur a thuilleadh díolúintí a bheidh mar thoradh orthu.

Dar le Ó Duibhir agus saineolaithe oideachais eile gur gá don Roinn Oideachais sainmhíniú beacht a thabhairt ar cad atá i gceist acu le ‘annamh agus eisceachtúil’ i gcás dhíolúine na Gaeilge.

Tá Ó Duibhir fós ag impí ar an Roinn an tuarascáil a fhoilsiú láithreach agus tuilleadh eolais a chur ar fáil faoin mbunús atá leis an gcóras nua ó thaobh an oideachais de.

Tá freagra tugtha ag an Roinn Oideachais ar an gcáineadh atá déanta ag saineolaithe oideachais ar an gcóras nua.

Dúirt urlabhraí ón Roinn le Tuairisc.ie cheana go raibh an córas nua a d’fhógair an tAire “ag teacht cuid mhór” lena raibh le rá ag an mbreis is 11,000 duine a d’fhreagair suirbhé na Roinne faoin díolúine. 

Mhaígh an t-urlabhraí gur i gcásanna eisceachtúla amháin a cheadófaí díolúine feasta, an t-áiteamh is mó a bhfuil amhras léirithe ag saineolaithe oideachais faoi ó fógraíodh an córas nua.

Ach dar le saineolaithe áirithe gur a mhalairt a bheidh fíor agus gurb amhlaidh go bhfágfaidh na hathruithe go mbeidh níos mó díolúintí ón nGaeilge ná riamh á gceadú.

I measc na n-athruithe a fógraíodh ní bheidh aon ghá feasta le tuairisc shíceolaíochta a chur isteach mar thacú le hiarratas ar dhíolúine. Anuas air sin beidh cead díolúine ag dalta sa chás go mbíonn scór caighdeánach ag an 10ú peircintíl nó faoina bhun aige ar thriail scoite i léamh focal nó i léamhthuiscint nó litriú.

In aighneacht a chuir lucht Lárionad Taighde DCU um Fhoghlaim agus Teagasc na Gaeilge faoi bhráid na Roinne mar chuid den athbhreithniú ar an gcóras, thug 12 saineolaí oideachais rabhadh don Roinn gur cur chuige i bhfad “ró-scaoilte” a bhí á bheartú acu i gcás na díolúine.

Thug na saineolaithe rabhadh dóibh nach raibh “aon fhianaise ann nach mbainfeadh formhór na ndaltaí faoin 10ú peircintíl tairbhe as staidéar ar an nGaeilge”. 

Dúirt  saineolaithe an ionaid taighde go bhféadfaí cás a dhéanamh gur chóir díolúine a thabhairt do 2-3% de dhaltaí, ach thairis sin nach bhfuil aon fhianaise ann gur chun tairbhe dalta le riachtanais speisialta díolúine ón nGaeilge.

Shéan urlabhraí na Roinne nach raibh bunús taighde leis an gcóras nua.

Dúirt an t-urlabhraí gur tugadh san áireamh agus an córas nua á cheapadh an t-athrú atá tagtha ó tugadh an seanchóras isteach 20 bliain ó shin ar an tuiscint atá ann ar an bhfoghlaim, ar riachtanais speisialta oideachais agus ar bhuntáistí an dátheangachais. 

Dar le Conradh na Gaeilge go bhféadfadh go gceilfí an deis ar dhaltaí an Ghaeilge a fhoghlaim faoin gcóras nua.

Dúirt an eagraíocht Gaeloideachas go raibh an baol ann gurbh ionann an córas nua díolúintí agus bealach leis an nGaeilge roghnach a thabhairt isteach an ‘cúldoras’.

Tá ráite ag an Dr John Walsh, saineolaí ar pholasaí an stáit i leith na Gaeilge, go bhfuil an chuma ar chur chuige nua na Roinne Oideachais i leith dhíolúine na Gaeilge gurb amhlaidh gurb é a polasaí ná “deireadh a chur faoi choim” le stádas lárnach na teanga sa chóras.

Dúirt Breandán Mac Cormaic, iarchathaoirleach ar COGG, le déanaí  go bhfuil ceisteanna móra le freagairt faoi “bona fides” na Roinne Oideachais i leith na Gaeilge agus amhras air go bhfuil an bonn á bhaint ag státseirbhísigh de pholasaí Gaeilge an Stáit.

Fág freagra ar '‘Thar am ag an Roinn Oideachais eolas a chur ar fáil ‘faoin mbunús le córas nua dhíolúine na Gaeilge’'

  • Sibéal

    Tar éis 14 bhliain ag foghlaim na Gaeilge níl 90% des na daltaí in ann ag comhrá nádúrtha sa teanga a bheith acu agus iad ag fágáil na scoile. Cén bunús atá len í a bheith éigeantach?
    Agus mé ag cabhrú le buachaill i mbliain nahArdteiste réiteach don scrúdú Gaeilge dúirt sé “Oh you mean Irish words can be masculine and feminine just like French.”

  • Rossa Ó Snodaigh

    A Shibéal a chara,
    An bunús atá leis an Ghaeilge bheith éigeantach ná gur í teanga Náisiúnta na Tíre í an Ghaeilge. Tá sí mar sin de bharr gur throid na Gael chun a bhféiniúlacht féin a aimsiú ó Choróin Shasana a bhí d’aidhm acu na Gael a thiontú ina Sasanaigh. Is teanga aithinte í Sasanais sa tír seo agus tá’n teanga sin éigeanteach chomh maith agus is cosúil nach bhfuil próiséis le gur féidir le dalta díolúinne a fháil ón teanga sin.

  • An Fiach Liath

    Tugaimís rámhainn ar rámhainn, murab ionann agus “urlis tochailte aon sleasach lena húsaid ag saighdiúirí coise” a thabhairt air! Ní “leasaithe” atá i gceist anseo, ach athruithe chun an donais. Ceilfidh na hathruithe seo a gcearta breithe teacht a bheith ag gach saoránach den dtír seo ar a dhúchas gaelach. Ní bheidh ar a gcumas teacht ar litríocht, stair, cultúr ná ar mhaorgacht ná ar uaisleacht a sinsear agus an Ghaeilge ceilte orthu. Ní bheidh ann dóibh ach an tAngla-Éireannachas. In aon tír eile tabharfaí gníomh den tsaghas seo as a ainm ceart .i. cinníochas. Tá an Roinn ag feidhmiú go cómhfhiosach chun galldú na tíre seo a chur chun cinn.

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Is fíor sin, a fhéich léith, níl aon agó ach gur ag feidhmiú go comhfhiosach chun galldú na tíre atádar