Gá le sainmhíniú ón Roinn Oideachais ar cad is díolúine ‘annamh agus eisceachtúil’ ann

Deir saineolaithe oideachais in DCU go bhfuil sé in am ag an Roinn Oideachais féachaint ‘ar fheidhm agus ar oiriúnacht choincheap na díolúine féin’

Gá le sainmhíniú ón Roinn Oideachais ar cad is díolúine ‘annamh agus eisceachtúil’ ann

Tá ráite ag saineolaithe oideachais gur gá don Roinn Oideachais sainmhíniú beacht a thabhairt ar cad atá i gceist acu le ‘annamh agus eisceachtúil’ i gcás dhíolúine na Gaeilge.

Agus na hathruithe atá beartaithe acu ar chóras na ndíolúintí á bhfógairt an tseachtain seo acu, mhaígh an Roinn Oideachais gur rud ‘annamh agus eisceachtúil’ a bheidh i ndíolúine ón nGaeilge feasta.

Ach dar le saineolaithe éagsúla gur a mhalairt a bheidh fíor agus gurb amhlaidh go bhfágfaidh na hathruithe go mbeidh níos mó díolúintí ón nGaeilge ná riamh á gceadú.

I measc na n-athruithe a fógraíodh ní bheidh aon ghá feasta le tuairisc shíceolaíochta a chur isteach mar thacú le hiarratas ar dhíolúine. Anuas air sin beidh cead díolúine ag dalta sa chás go mbíonn scór caighdeánach ag an 10ú peircintíl nó faoina bhun aige ar thriail scoite i léamh focal nó i léamhthuiscint nó litriú.

In aighneacht a chuir lucht Lárionad Taighde DCU um Fhoghlaim agus Teagasc na Gaeilge faoi bhráid na Roinne mar chuid den athbhreithniú ar an gcóras, thug 12 saineolaí oideachais rabhadh don Roinn gur cur chuige i bhfad “ró-scaoilte” a bhí á bheartú acu i gcás na díolúine.

Thug na saineolaithe rabhadh dóibh nach raibh “aon fhianaise ann nach mbainfeadh formhór na ndaltaí faoin 10ú peircintíl tairbhe as staidéar ar an nGaeilge”.

Deir saineolaithe an ionaid taighde go bhféadfaí cás a dhéanamh gur chóir díolúine a thabhairt do 2-3% de dhaltaí, ach thairis sin nach bhfuil aon fhianaise ann gur chun tairbhe dalta le riachtanais speisialta díolúine ón nGaeilge.

“D’fhéadfaí cás a dhéanamh ar son díolúine i gcás páistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu atá casta, ar nós míchumas foghlama ginearálta trom, roinnt páistí a bhfuil míchumas foghlama ginearálta meánach acu, agus páistí a bhfuil neamhord trom urlabhra agus teanga acu.

“Cé is moite de na cásanna annamha agus eisceachtúla seo, a mbeadh idir 2% agus 3% den phobal scoile ar a mhéad i gceist leo, níl aon fhianaise nó bunús ann sa taighde náisiúnta nó idirnáisiúnta a thacódh le díolúine ó staidéar ar an nGaeilge.

“Léiríonn formhór an taighde na buntáistí a bhaineann le hoideachas dátheangach agus is í an fhianaise maidir le daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu ná go mbaineann siadsan tairbhe freisin as foghlaim an dara teanga.”

Dála saineolaithe DCU, deir an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta gur gá an frása ‘annamh agus eisceachtúil’ a shainmhíniú go beacht.

San aighneacht a chuir COGG faoi bhráid na Roinne, deirtear gur “den riachtanas é” go mbeidh “sainiú soiléir agus beacht” nó go méadódh líon na ndíolúintí “cheal treorach”.

Deir saineolaithe DCU gur chóir don Roinn Oideachais féachaint arís ar a gcur chuige i leith dhíolúine na Gaeilge agus “ar fheidhm agus ar oiriúnacht choincheap na díolúine féin”.

“Is léir go bhfuil an córas mar atá faoi láthair ag cur le dearcadh diúltach i dtaobh na Gaeilge mar ábhar ‘achrannach’ scoile agus d’fhéadfadh an-drochéifeacht a bheith aige sin ar inspreagadh daltaí i gcoitinne maidir le foghlaim na Gaeilge agus foghlaim teangacha eile, go deimhin.

“Ní hamháin go bhfuil taithí ar fhoghlaim an dara teanga á ceilt ar fad ar dhaltaí áirithe ach tá treise á cur leis an tuiscint nach bhfuil fiúntas ar bith ag baint leis an nGaeilge mar ábhar scoile.”

Deirtear in aighneacht na saineolaithe gur gá tábhacht na Gaeilge mar ábhar a mhíniú i gcomhthéacs fhorbairt chognaíoch, fheasacht teanga, oideachas saoránachta agus oideachas cultúrtha na bpáistí uile i scoileanna na tíre.

“Dá ndéanfaí é sin, bheadh sé níb fhusa ansin a chinntiú gur i gcásanna annamha eisceachtúla amháin a bhainfí úsáid as díolúine ar staidéar ar an nGaeilge mar bhealach le dul i ngleic le riachtanais foghlama páistí,” a deirtear.

Ba chóir, a deirtear, straitéisí teagaisc a chur in oiriúint do riachtanais na bhfoghlaimeoirí seachas díolúintí a dheonú.

Deirtear in aighneacht COGG go n-ardaíonn bronnadh na ndíolúintí “ceisteanna faoi na luachanna oideachais atá againn in Éirinn”.

“An bhfuil luach á leagan againn ar ár bhféiniúlacht chultúrtha féin nó an iad scileanna ‘úsáideacha’ atá luachmhar anois?

“An mian linn ár ndaoine óga a chumasú le rogha a bheith acu maidir lena gcearta bunreachtúla teanga nó an mian linn an rogha sin a cheilt orthu?” a fhiafraítear san aighneacht a chuir COGG faoi bhráid na Roinne.

Dar le COGG gur “ábhar imní” é go mbeadh díolúintí ón nGaeilge á mbronnadh ar dhaltaí “ar bhonn toradh tástála amháin sa Bhéarla, gan aon tástáil chaighdeánaithe déanta ar chaighdeán Gaeilge an dalta ag an bpointe sin”.

“Is bunphrionsabal dea-chleachtais maidir le measúnú é, nár chóir cinneadh tábhachtach a bhunú riamh ar thoradh aon uaire. Anuas air sin, ní haon léiriú é gnóthachtáil i dtriail léamhthuisceana nó léitheoireachta Béarla ar chumas páiste Gaeilge a fhoghlaim,” a dúradh san aighneacht ó COGG a cuireadh faoi bhráid na Roinne mar chuid den athbhreithniú ar chóras na ndíolúintí.

Dar le COGG gur cheart díriú ar mhúinteoirí agus daltaí a spreagadh seachas dul i muinín na díolúine mar réiteach ar dheacrachtaí.

“Nuair a aithníodh roinnt blianta ó shin go raibh deacracht ann le teagasc agus foghlaim na Matamaitice, cuireadh oiliúint bhreise ar fáil do mhúinteoirí agus tugadh isteach siollabas agus cur chuige nua, ‘Tionscadal Mata’, agus bronnadh 25 pointe breise orthu siúd a bhaineann pas amach i scrúdú Mata Ardleibhéil na hArdteiste.

“Maidir leis an nGaeilge, seachas díolúintí a bhronnadh, molaimid go gcuirfí breis oiliúna ar mhúinteoirí, breis béime ar dhifreálú sa teagasc agus go gcuirfí acmhainní teagaisc oiriúnacha ar fáil.”

Is iad údair aighneacht SEALBHÚ, Lárionad Taighde DCU um Fhoghlaim agus Teagasc na Gaeilge: an Dr Colin Flynn, an Dr Uáitéar Mac Gearailt, an tOllamh Ciarán Mac Murchaidh, an Dr Bernadette Ní Áingléis, an tOllamh Máirín Nic Eoin, an Dr Aisling Ní Dhiorbháin, an Dr Laoise Ní Thuairisg, an Dr Colm Ó Ciardubháin, an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, an Dr Pádraig Ó Liatháin, an Dr Joe Travers agus an Dr Gearóidín Uí Laighléis.

Fág freagra ar 'Gá le sainmhíniú ón Roinn Oideachais ar cad is díolúine ‘annamh agus eisceachtúil’ ann'

  • Sibéal

    Ón méid a chloisim ó mhúinteoirí tá go leor leor tuismitheoirí agus scoláirí gur fuath leo an Ghaeilge agus fearg urthu go bhfuil an teanga (nach bhfuil feidhm praiticiúil aici taobh amuigh de gheataí na scoile) á bhrú urthu in aghaidh a dtola.
    Má bhíonn solúbthacht ag baint leis an díolúine d’fhéadfadh scoláirí gur fuath leo an Ghaeilge imeacht as an rang Gaeilge. Gan iad sa rang bheadh sé i bhfad níos éasca ag an múinteoir an rang a láimhseáil.
    Tá an Ghaeilge mar croí-ábhar i mbaol. Má bhíonn sainmhíniú docht ar an díolúine seans go mbeidh tuismitheoirí na scoláirí gur fuath leo an Ghaeilge ag dul chun na cúirte. Toisc tuismitheoirí ag gearán leo beidh Teachtaí Dála ar nós Tom Dooley ag cur feachtas ar bun chun an Ghaeilge a bheith mar ábhar roghnach sna scoileanna.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Is cosúil go bhfuil pleanáil teanga a dhith ar achan ionad oideachais sa stáit seo…

    An bhfuil plean teanga ag achan scoil agus coláiste/ollscoil sa stáit?? Mo thóin go bhfuil! Dá mbeadh plean teanga ann b’fhéidir go mbeadh níos mó measa ar ár dteangaidh dúchais.

    Tá mé cinnte de go bhfuil go leor múinteoirí sa chóras oideachais agus gráin acu don Ghaeilg fosta.

    Is cuimhne liom bean ag inse domh go bhfuair sí díolúine ón Ghaeilg dona mac mar go raibh eagla air roimh foghlaim na Gaeilge. Bhí an oiread sin eagla air is go dtosódh a chorp ag croitheadh roimh thús aon rang Gaeilge ar scoil!! Dochreidthe!!

    COINNÍOLL GAEILGE DON GHAELTACHT ANOIS!!!