Ceisteanna le cur faoi ‘bona fides’ na Roinne Oideachais maidir leis an nGaeilge

Deir iarchathaoirleach ar COGG gurb í ‘an cheist is bunúsaí’ faoi chóras nua dhíolúine na Gaeilge ná an bhfuil polasaí an stáit i leith na Gaeilge á chur ó mhaith ag an Roinn Oideachais gan aon ‘mhandáit ná plé’

Ceisteanna le cur faoi ‘bona fides’ na Roinne Oideachais maidir leis an nGaeilge

Tá ráite ag iarchathaoirleach ar COGG go bhfuil ceisteanna móra le freagairt faoi “bona fides” na Roinne Oideachais i leith na Gaeilge agus amhras air go bhfuil an bonn á bhaint ag státseirbhísigh de pholasaí Gaeilge an Stáit.

Dar le Breandán Mac Cormaic, duine de bhunaitheoirí an ghrúpa Teacht Aniar, gurb í “an cheist is bunúsaí” faoi chonspóid chóras nua dhíolúine na Gaeilge ná an bhfuil polasaí an stáit i leith na Gaeilge á chur ó mhaith ag an Roinn Oideachais gan aon “mhandáit ná plé”.

Dúirt Mac Cormaic, iarchathaoirleach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, go raibh “ceisteanna tromchúiseacha” ardaithe ag an saineolaí oideachais an tOllamh Pádraig Ó Duibhir faoi na socruithe nua a fógraíodh le déanaí maidir le díolúintí ón nGaeilge a cheadú do dhaltaí.

Dúirt Mac Cormaic nach é amháin go raibh ceisteanna faoin gcóras ar bhonn oideachais agus dea-chleachtais ach go raibh ceist le freagairt chomh maith faoi “bona fides” na Roinne agus an phróisis chomhairliúcháin as ar eascair an córas nua.

I litir a foilsíodh san Irish Times inniu, thagair Mac Cormaic do mhaíomh Uí Dhuibhir go raibh an suirbhé ar líne claonta i dtreo na moltaí a rinne an Roinn féin i dtaobh na díolúine.

Tá ráite ag Pádraig Ó Duibhir, leas-dhéan Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, nach bhfuil ‘bunús taighde ar bith’ leis na leasuithe atá le déanamh ar chóras dhíolúine na Gaeilge agus gur a thuilleadh díolúintí a bheidh mar thoradh orthu.

Deir an Roinn Oideachais go bhfuil an córas nua “ag teacht cuid mhór” lena raibh le rá ag an mbreis is 11,000 duine a d’fhreagair suirbhé na Roinne faoin díolúine. 

Tá sé á mhaíomh ag an Roinn gur i gcásanna eisceachtúla amháin a cheadófaí díolúine feasta, an t-áiteamh is mó a bhfuil amhras léirithe ag saineolaithe oideachais faoi ó fógraíodh an córas nua.

Ach oiread le Ó Duibhir agus tráchtairí eile, tá imní ar Bhreandán Mac Cormaic go bhfuil sé i gceist gur ag príomhoidí scoile amháin a bheidh an cinneadh díolúine a cheadú feasta.

“Ní hamháin go bhfágfaidh sin an príomhoide i ladhar an chasúir agus iad ag plé le tuismitheoirí, ach is séanadh freagrachta ag an Roinn Oideachais a leithéid.

“Faraor ní cóir gur ábhar iontais é sin d’aon duine mar le tríocha bliain anuas ar a laghad tá an Roinn i gceannas fad is atá caighdeán na Gaeilge (ag múinteoirí agus daltaí) á ligean chun ainnise.

Mar chruthúnas air sin, luaigh Mac Cormaic an tuarascáil is déanaí ó Phríomhchigire na Roinne Oideachais a léirigh go raibh caighdeán theagasc na Gaeilge ag dul in olcas i mbunscoileanna na tíre.

Dar le Mac Cormaic nach bhfuil aon rud déanta ag an Roinn Oideachais chun an scéal a leigheas.

“Fad is eol domsa, níl aon ghníomh chun feabhais déanta chun dul i ngleic leis an gcás.

Is gá gníomh a dhéanamh láithreach maidir le hoiliúint múinteoirí,  cúrsaí inseirbhíse, ganntanas múinteoirí Gaeilge agus ábhar eile, agus ganntanas múinteoirí do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta chun ábhair a mhúineadh trí Ghaeilge. 

“Ní mór measúnú neamhspleách a dhéanamh ar scrúdú béil na hArdteiste  ó tharla ceisteanna a bheith á gcur faoi chaighdeán an scrúdaithe, a ndúirt oideachasóir amháin ar m’aithne faoi gur ‘amaidí’ a bhí ann.”

Dúirt Mac Cormaic go raibh sé in am díospóireacht dháiríre a dhéanamh faoi fhreagracht státseirbhíseach agus a ról i gcóras daonlathach na hÉireann.

Fág freagra ar 'Ceisteanna le cur faoi ‘bona fides’ na Roinne Oideachais maidir leis an nGaeilge'

  • Béarla teanga an Stáit

    Cuireann an díchoimisiniú ar an nGaeilge atá ar bun ag an Roinn oideachais taitic Chomsky “Destroy and Privatise” a úsáidtear chun príobháidiú a dhéanamh ar comhlachtaí agus seirbhísí phoiblí.