Caighdeán theagasc na Gaeilge ag dul in olcas – tuarascáil nua Phríomhchigire na Roinne Oideachais

Ní raibh teagasc agus foghlaim na Gaeilge 'go han-mhaith nó níos fearr' ach in 12% de na bunscoileanna ar deineadh meastóireacht scoile iontu idir Eanáir 2013 agus Iúil 2016, i gcomparáid le 27% don Bhéarla agus 33% don Mhatamaitic

Caighdeán theagasc na Gaeilge ag dul in olcas – tuarascáil nua Phríomhchigire na Roinne Oideachais

Tá caighdeán theagasc na Gaeilge ag dul in olcas i mbunscoileanna na tíre, de réir na tuarascála is déanaí ó Phríomhchigire na Roinne Oideachais, a foilsíodh ar maidin.

Léiríonn an tuarascáil nua de chuid na Roinne go bhfuil caighdeán an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge i bhfad níos ísle ná an caighdeán sa Bhéarla agus sa Mhatamaitic i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna na tíre.

Ní raibh teagasc agus foghlaim na Gaeilge “go han-mhaith nó níos fearr” ach in 12% de na bunscoileanna a ndearnadh meastóireacht scoile iontu idir Eanáir 2013 agus Iúil 2016, i gcomparáid le 27% don Bhéarla agus 33% don Mhatamaitic.

Deirtear sa tuarascáil nua a bhaineann leis an tréimhse 2012-2016 gur “údar imní” é caighdeán theagasc na Gaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an dara leibhéal.

De réir na tuarascála is measa an fhadhb sna bunscoileanna.

Idir 2010-2012, thuairiscigh na cigirí go raibh cáilíocht na foghlama i nGaeilge sásúil nó níos fearr i 74% de na ceachtanna ar deineadh cigireacht orthu agus go raibh 26% de na ceachtanna “níos lú ná sásúil”.

In ainneoin “roinnt moltaí”  a deineadh sa tuarascáil dheireanach de chuid an Phríomhchigire, a foilsíodh in 2013,  “níor léiríodh aon fheabhas ar chaighdeán teagaisc agus foghlama na Gaeilge” sa tréimhse lena mbaineann an tuarascáil nua. Idir 2013-2016, léiríodh go raibh caighdeán an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge go maith nó níos fearr i 72% de na scoileanna ar deineadh meastóireacht orthu agus go raibh an caighdeán go maith nó níos fearr i 74% de cheachtanna le linn Cigireachtaí Teagmhasacha.

Fágann an méid sin go raibh an caighdeán “níos lú ná sásúil” in idir 26% agus 28% de bhunscoileanna.

Ní raibh teagasc agus foghlaim na Gaeilge “go han-mhaith nó níos fearr” ach in 12% de na bunscoileanna a ndearnadh meastóireacht scoile iontu, i gcomparáid le 27% don Bhéarla agus 33% don Mhatamaitic.

San athbhreithniú inmheánach a rinneadh ar 75 tuarascáil cigireachta idir Eanáir 2013 agus Iúil 2016, léiríodh gurb í an Ghaeilge an t-ábhar ba mhó a ndúradh fúithi go raibh gá le feabhsú.

“Tá ár dtorthaí maidir leis an nGaeilge i bhfad níos diúltaí ná iad siúd don Bhéarla nó don Mhatamaitic. Is léir meath ar thorthaí leanaí sa Ghaeilge ó Thuairisc an Phríomh-Chigire roimhe seo sa bhliain 2013, nuair a bhreithnigh cigirí go raibh cáilíocht na foghlama go maith nó ní b’fhearr in 76% de na ceachtanna a ndearnadh meastóireacht orthu.

“Níl an dul chun cinn is cóir á dhéanamh ag líon suntasach leanaí sa Ghaeilge,” a deirtear sa tuarascáil nua a foilsíodh ar maidin.

Deirtear gur “díol suntais freisin é” go raibh i bhfad níos lú deiseanna ag daltaí foghlaim trí chomhrá agus trí chomhphlé sna ceachtanna Gaeilge a breithníodh (77%) ná mar a bhí acu sa Bhéarla agus sa Mhatamaitic.

Maidir le teagasc agus foghlaim na Gaeilge sna hiarbhunscoileanna, deirtear go bhfuil feabhas beag ar fhoghlaim na ndaltaí ó 2013, ach gur “mórábhar imní” caighdeán an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge go fóill.

De réir na gCigireachtaí Ábhair a deineadh sa Ghaeilge sna hiarbhunscoileanna idir 2013-2016, ní raibh caighdeán na foghlama “an-mhaith” in 28% acu, i gcomparáid le 34% sa Bhéarla agus 41% sa Mhatamaitic.

Bhí 21% de na ceachtanna Gaeilge ar deineadh cigireacht orthu “níos lú ná sásúil”.

Ar “aon dul leis an mbunleibhéal” mhol na cigirí “go mbeadh níos mó deiseanna cumarsáide sa sprioctheanga sna hiarbhunscoileanna “ionas go mbeadh taithí ag daltaí ar an teanga a labhairt”.

Ba “chúis imní” a bhí i gcaighdeán foghlama na ndaltaí sa Ghaeilge i 32% de na Cigireachtaí Ábhair ar an nGaeilge i rith na mblianta 2010-2012.

Bhí caighdeán na foghlama sa Ghaeilge “ lag” in idir 13% agus 21%, de na ranganna Gaeilge iarbhunscoile a ndearnadh meastóireacht orthu idir 2013-2016.

“In ainneoin torthaí beagán níos fearr do dhaltaí Gaeilge mar atá luaite, tá go leor dúshlán fós maidir le teagasc na Gaeilge. Luaigh cigirí go raibh an iomarca úsáide á baint as modh an aistriúcháin i gcuid mhór seomraí ranga.

“Mhol siad gur chóir do mhúinteoirí deiseanna breise cumarsáide a chruthú sa sprioctheanga i ngach ceacht chun taithí a bheith ag daltaí ar labhairt na Gaeilge. Dúshlán faoi leith do mhúinteoirí ná an phleanáil is gá don raon éagsúil scileanna teanga sa seomra ranga.”

Fág freagra ar 'Caighdeán theagasc na Gaeilge ag dul in olcas – tuarascáil nua Phríomhchigire na Roinne Oideachais'

  • leitheoir

    GEARCHEIM SAN OIDEACHAS AGUS A CHOMHARTHAI AIR