‘Thána ó Mhoscó leis an mblas ceart a fháil ar an nGaeilge’ – Rúiseach óg ag baint ceoil as Corca Dhuibhne

Deir Alisa Makarovae ó Mhoscó go mbeidh sí ag dul abhaile i gceann coicíse, ach tá sé ar intinn aici filleadh arís ar Chorca Dhuibhne agus i meallta ag na hamhráin agus an teanga

‘Thána ó Mhoscó leis an mblas ceart a fháil ar an nGaeilge’ – Rúiseach óg ag baint ceoil as Corca Dhuibhne

Alisa Makarovae

“Is breá liom bheith anseo,” arsa an cailín óg Alisa Makarovae ó Mhoscó, cé gur Eibhlís a ghlaonn sí uirthi féin i mBaile an Fheirtéaraigh. “Thána anseo cheana leis an mblas ceart a fháil ar an nGaeilge.” Pé rud a dhein sí tá Gaeilge mhaith aici.

Cad ina thaobh Éire? Is breá léi an ceol agus na hamhráin, a deir sí.

Agus an bhfuil aon amhrán aici? “Ó tá go leor, mar ‘Bruach na Carraige Báine’.”

Níl mórán suime aici i spórt ach taitníonn an dúlra go mór léi. “Saolaíodh mé i Moscó agus d’fhásas suas ann. Tá scata cairde agam ann ach, gach seans a fhaighinn bheinn imithe ag campáil nó ag cur aithne ar na plandaí éagsúla fén dtuath.” Ní thaitníonn an “an  glór nó an torann mór gan deireadh” i Moscó léi.

Dúirt sí go mbíonn ranganna Gaeilge ar fáil i scata de chathracha na Rúise.

Tá, mar shampla, an múinteoir Yury Andreichuku ann, múinteoir a thugann ranganna do thosaitheoirí agus Vitaly Kovalchuk a thugann ranganna Gaeilge do dhaoine ar leibhéal níos airde. Tá cúrsaí Gaeilge ann a mhúintear trí Skype agus dar léi go bhfuil sé seo an-sásúil. Bhí beirt chairde di a d’fhreastail ar chúrsa Gaeilge ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne mar aon le Rúisigh eile agus a thug a n-aghaidh ar chósta an Iarthair tar éis an chúrsa.

“Is dócha go bhfuil siad ’ge baile anois. Is as Vladimir iad ach cosúil liom féin is breá leo an ceol, na hamhráin agus an teanga.”

Deir Alisa go mbeidh sí ag dul abhaile i gceann coicíse, ach tá sé ar intinn aici filleadh arís. Is altra í agus bheadh sí an- oiriúnach do phost altrachta nuair a  bheidh na leapacha folmha atá in Ospidéal an Daingin,  leapacha atá seangheallta, ar fáil.

Fág freagra ar '‘Thána ó Mhoscó leis an mblas ceart a fháil ar an nGaeilge’ – Rúiseach óg ag baint ceoil as Corca Dhuibhne'