Teorainn ar bith le gaiscí Shleacht Néill ach Baile Héil ag druidim níos gaire dóibh

Gach seans gur Seamróga Bhaile Héil, fathaigh na hiomána agus an club is rathúla sa tír, a bheidh roimh Shleacht Néill ina gcéad chluiche eile

Teorainn ar bith le gaiscí Shleacht Néill ach Baile Héil ag druidim níos gaire dóibh

TJ Reid. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Cad is féidir a rá nó a scríobh faoin gclub iontach sin as Doire Sleacht Néill nach bhfuil ráite nó scríofa cheana againn? Tá fir agus mná fuinseoige an chlub bhig ina ríthe agus ina mbanríonacha ar Chúige Uladh arís i mbliana. Tá sé dochreidte an méid atá buaite ag na mná ó thosnaíodar ar an aistear seo agus iad anois ar thóir a gceathrú craobh na hÉireann i ndiaidh a chéile.

Níl aon amhras ach go bhfuil ardchaighdeán bainte amach ag an dream speisialta seo ón gclub beag tuaithe speisialta seo. Ceannairí ábalta láidre is ea Shannon Graham, Gráinne O Kane agus Siobhán Bradley ar fhoireann atá breac le ceannairí cumasacha.

Thug fir an chumainn a dtríú craobh Uladh leo le déanaí chomh maith agus iad róláidir do sheaimpíní Aontroma, Dún Lathaí.

Bhí leithéidí mhuintir McGuigan, McKaigue agus O’Doherty ina laochra arís acu ach dúshlán de chineál eile ar fad a bheidh rompu amárach.

Sea, gach seans gurb iad Seamróga Bhaile Héil, fathaigh na hiomána agus an club is rathúla sa tír, a bheidh roimh Shleacht Néill sa gcéad chluiche eile.

Amárach i bPáirc de Mórdha i bPort Laoise tabharfaidh seaimpíní Chill Chainnigh aghaidh ar Chumann Naomh Moiling as Ceatharlach  i gcluiche ceannais Chúige Laighean. An sórt  cluiche Dáiví agus Góiliat é seo? Bhuel, bunaithe ar churiarrachtaí agus gradaim imreoirí, is ag Baile Héil atá na buntáistí go léir. Is iad an club is fearr sa tír agus naoi gcraobh chúige agus seacht gcraobh náisiúnta buaite acu. Tá foireann an lae inniu lán le réalta idirchontae, ina measc duine de na tosaithe is fearr sa tír, nó b’fhéidir an tosaí is fearr sa tír, TJ Reid.

Shannon Graham. Pictiúr: ©INPHO/Bryan Keane

Bhí Reid ina mháistir sa chluiche leathcheannais coicís ó shin. 2-14 a fuair iar-imreoir na bliana agus ba mhaith an cúnamh a a fuair sé ó dhuine eile de laochra an chontae, Colin Fennelly. Bronnadh dhá phoc pionóis ar Fennelly, fuair sé cúl amháin agus chruthaigh sé ceann eile d’Eoin Reid. Ach má bhí na tosaithe ar fheabhas sa chluiche bhí na cúlaithe thar barr ar fad agus iad faoi stiúir Joey Holden agus Michael Fennelly.

Roimh an gcluiche leathcheannais eile dúirt mé gur ag Naomh Moiling a bhí bua gan choinne na bliana agus iad i gcoinne Chuala. Bhuel, bhí bua ‘mór’ eile acu nuair a fuair siad an lámh in uachtar ar Ráth Domhnaigh -Eiréil sna babhtaí leathcheannais.

Agus más í duais an chaillteora a bheidh i ndán do Shleacht Néill (má bhíonn an bua ag Baile hÉil i gCúige Laighean), is dócha go bhféadfá an rud céanna a rá faoi Naomh Moling agus iad ag dul chun páirce amárach i gcoinne sheaimpíní Chill Chainnigh agus Laighean.

Chonaiceamar spiorad imreoirí agus lucht leanúna Naomh Moling

coicís ó shin nuair a séideadh an fheadóg dheiridh agus iad cúilín chun tosaigh. Is fada a mhairfidh a gcuimhne ar ‘When The Saints Go Marching In’ á rá in ard a gcinn an tráthnóna fuar Domhnaigh sin.

An bhfuil aon seans acu amárach?

Dar ndóigh bhuaigh Stua Laighean in 2013 ar an Abhallort-An Bealach, foireann a bhí ag imirt sa chluiche ceannais den cheathrú bliain i ndiaidh a chéile. Ach seo Seamróga Bhaile Héil. Tá an taithí, na himreoirí agus an traidisiún acu.

Is oth liom a rá nach féidir liom cás a dhéanamh do Naomh Moling.

Fág freagra ar 'Teorainn ar bith le gaiscí Shleacht Néill ach Baile Héil ag druidim níos gaire dóibh'