Téim ar thóir an iPad. Ní féidir é a fháil. Caillim an canopy faoi mar a déarfadh fear Chonamra

Is gá d’Uachtaráin agus do leirmheastóirí teilifíse pleanáil, a bheith stráitéiseach agus na cinntí cearta a dhéanamh.

House of Cards

11.30 r.n.: Cruinniú sollúnta leis na geallsealbhóirí agus páirtithe leasmhara inar leagadh amach struchtúr an lae. I ndiaidh mórán idirbheartaíochta, thángthas ar chomhréiteach. Dhéanfainnse an tsiopadóireacht, d’ullmhóinn an dinnéar agus thabharfainn aire don leaid beag fad is a rachadh bean tí agus an bheirt iníon go dtí an bpictiúrlann. Thabharfadh seo deis dom féachaint ar an dá chluiche mór: Ciarraí in aghaidh Bhaile Átha Cliath sa chaid (TG4, inné) agus Éire v Sasana sa rugbaí (RTÉ 2).

12.00: Cruinniú sollúnta straitéiseach agam liom féin. D’aithin an phleanáil fhadthéarmach go dtiocfadh an tarna leath den chaid salach ar thosach an rugbaí. Cad faoi thosach an rugbaí a thaifeadadh agus tosnú ag féachaint air nuair a bheadh an chaid críochnaithe? Cad faoi féachaint ar an gcaid go dtína 3.00 agus an chuid eile a thaifeadadh? Cén ról a d’fhéadfadh a bheith ag an iPad? Mar gheall go bhfuil rud éigin suaithinseach ag baint le bheith ag féachaint ar chraoladh beo seachas craoladh iarbheo agus gur coinnealbhá Ríochtach a bheadh in ann dom mura dtabharfain tús áite don chaid, bheartaíos féachaint uirthi siúd ó thús deireadh agus an t-iPad a bhreith chugam nuair a thosnódh an rugbaí.

12.16: Bolgam tae agus digestive le me a chur ar mo shuaimhneas tar éis an chruinnithe.

1.10 i.n: Siopadóireacht déanta. Na mná bailithe leo. An fear beag san ardchathaoir. Tugaim iógart dó. Cuireann sé gach áit é seachas isteach ina bhéal.

1.40 1.n.: An chócaireacht ag imeacht im choinne. Ní chócaráladh an diabhal an mhairteoil atá ceannaithe agam don chasaról. Tá an t-am ag breith orm. Caithfear an fear beag a chur a chodladh sara dtosnóidh an cluiche.

1.55: Béile réitithe faoi dheireadh. Nappy salach déanta ag an bhfear beag agus é fliuch go craiceann ag an uisce a thugas dó. Pointe géarchéime sroichte. Brúim an cnaipe sosa.

2.05: An fear beag curtha síos agam. Tosnaím ag féachaint ar an gcluiche. Comhrac an bhradáin idir an dá fhoireann gan aon agó. Aodán Mac Gearailt i mbun anailíse (gaol sínte agam leis). Donaghy (fear eile a bhfuil gaol sínte agam leis) ana-dhainséarach ar imeall na cearnóige bige. Jack McCaffrey (níl gaol agam leis) contúirteach do Bhaile Átha Cliath.

2.15: An cluiche faoi lán seoil. Tá an fear beag fós ina dhúiseacht agus tosnaíonn ag gol. Caithim luí ar an gcnaipe sosa arís. Téim suas chuige agus déanaim iarracht é a chur ar a shuaimhneas.

2.30: Imithe a chodladh. Táim i bhfad chun deiridh anois agus ag an bpointe seo is craoladh leathbheo atá agam. Tiocfaidh an tarna leath den chaid salach ar an gcéad leath ar fad den rugbaí.

2.50: Gluaisim ar aghaidh tríd an anailís leathama agus na fógraí. Téim rófhada (ceapaim go bhfuil an fear óg ag dúiseacht) agus caillim paiste scórála Chiarraí agus tá clár na scór á léamh taobh siar aniar dá bharr. Nuair a thugaim sin fé ndeara, caithim dul siar arís. Beidh an tarna leath den rugbaí tosnaithe sara gcríochnód leis an gcaid.

3.00: Téim ar thóir an iPad. Ní féidir é a fháil. Caillim an canopy faoi mar a déarfadh fear Chonamra.

3.05: Faighim an t-iPad. Caite fén gcúits ag an bhfear beag.

3.10: Ar mo sháimhín só den chéad uair ó mhaidin. An chaid ar an teilifís agus an rugbaí ar an iPad. Na feadóga ag dul sa bhfraoch orm. An iomarca ciceála sa rugbaí a deirtear agus gan a dhóthain sa chaid.

3.40: Dearmad glan déanta agam an casaról a chur san oigeann. In ainm is a bheith istigh óna 3. Na Ciarraígh agus na Bleá Cliathaigh i bpíobáin a chéile. Mar sin is fearr é. Déanfaidh sé leaideanna óga na ríochta a phrapáil don chraobh agus ní fiú an deich triuf an tsraith ar aon nós.

3.45: Tá sé i bhfad níos deacra ná mar a cheapas a bheith ag féachaint ar an dá chluiche. Mearbhall orm. Glaonn bean an tí. Deirim léi go bhfuil gach rud go breá, go bhfuil David Moran ag déanamh go maith sa síneadh amach agus go mba cheart do Chiarraí Paul O’Connell a chur isteach lán tosach.

4.00: Leis an útamáil ar fad, níor éirigh liom aon chuid den chadráil idir Popey, Hook agus O’Shea a chloisint. Beidh McGurk agus Hook ag éirí as i mbliana, a deir siad. Ní bheidh cúrsaí mar a chéile. Táimse ceanúil agus maoithneach faoi thriúrtachtaí an spóirt: O’Rourke, Brolly agus Spillane na caide, Giles, Dunphy agus Brady an tsacair agus an cleas luaite thuas.

5.00: An tAifreann léite agus gach rud déanta. An dá bhua, an dinnéar réidh agus an fear beag dúiste le leathuair an chloig.

7.00: An bóthar fada chun na leapan. Fad is atá sí féin ag útamáil le pisteámaí, caithim leathshúil ar an gcadráil iarchluiche ar an seinnteoir. Hook ag cur de ar dalladh. Cinnte ní bheidh rudaí mar a chéile gan a leithéid.

8.30: Féachaim ar an gcéad ghála den tsraith is déanaí de House of Cards (Netflix ó mhaidin Dé hAoine). Tá uachtáran Kevin Spacey ar ais i mbun scéiméireachta. An chéad chlár mall go maith agus é dírithe ar Doug Stamper ag teacht chuige féin. 13 clár atá sa tsraith is déanaí. Murab ionann agus Better Call Saul, táid ar fad ar fáil ionas gur féidir leis an lucht féachana craos a dhéanamh orthu féin. Bíonn an tUachtarán Underwood ag cur de faoin tábhacht a bhaineann le pleanáil, a bheith stráitéiseach agus na cinntí cearta a dhéanamh.

Is fíor dó. Agamsa tá a fhios é.

 

 

Fág freagra ar 'Téim ar thóir an iPad. Ní féidir é a fháil. Caillim an canopy faoi mar a déarfadh fear Chonamra'