Ridley Scott, ficsean eolaíochta agus buiséad mór, ní fhéadfadh rudaí imeacht sa bhfraoch, nó an bhféadfadh? Cuimhnigh gurb é an Sasanach seo a bhí ar an stiúir do Alien (1979), Blade Runner (1982) agus The Martian (2015). Cuimhnigh chomh maith, áfach, nach raibh an lucht féachana agus na léirmheastóirí araon chomh buíoch sin de Prometheus (2012) agus Alien: Covenant (2017).
Sé Scott a dhéanann dhá ghála (as deich gcinn) de Raised by Wolves (Sky Atlantic agus Now TV) a stiúradh mar aon le bheith i measc na léiritheoirí. Mar a tharlaíonn go minic in iomaire an fhicsin eolaíochta is domhan diostóipeach a chuirtear os ár gcomhair agus sa chás seo tá an domhan seo againne scriosta ag cogaíocht reiligiúnda. Bhí na haindiachaithe agus na díograiseoirí creidimh a bhí gafa le Dia gréine i bpíobáin a chéile. Tréigeadh an domhan a bhí sna croití deireanacha agus i dtosach an chéad ghála cítear dhá andróideach ag leaindeáil ar Kepler-22, domhan i bhfad i gcéin atá sceirdiúil seasc dian ach atá ináitrithe.
Tá dhá shuth déag faoina n-ascaill ag na handróidigh seo nach bhfuil d’ainm againn orthu ach Máthair (Amanda Collin) agus Athair (Abubakar Salim), agus orduithe acu tús a chur le ré nua don chine daonna. Ní thagann ach sé cinn de na sruthanna seo go deireadh an toirchis (más féidir an téarma sin a úsáid) agus cuireann timpistí is breoiteacht cúigear eile den saol. Agus gan ach leathuair an chloig nó mar sin den chéad ghála caite níl fágtha ach Campion (Winta McGrath).
Tá siad ag broc leis an saol agus cuireann iarsmaí d’ainmhithe atá cosúil le dineasár abhaile orainn go bhfuil contúirtí i bhfolach, b’fhéidir, ar an domhan aduain seo. Tá coimhlint le sonrú idir an tAthair agus an Mháthair agus géaraítear air seo nuair a thagann árthach de chuid na ndíograiseoirí chuig an bpláinéad.
I gcaitheamh an chéad dá chlár tá cad é píobaireacht faoin gcoimhlint idir an dearcadh eolaíoch, réasúnach ar an saol agus an ceann atá bunaithe ar chreideamh. A leithéid seo ón Mháthair: “Belief in the unreal can comfort human life, but also weaken it.”
Míreanna glinne foréigin agus aicsin againn chomh maith agus é á léiriú dúinn gur Necromancer í an Mháthair, fearas fíochmhar troda. Is dóigh liom go dtéitear thar fóir le cumhachtaí na máthar agus ag an bpointe seo is geall le sárlaoch í seachas andróideach. Cruthaítear pláinéad sceirdiúil dian dúinn agus úsáid á bhaint as pailéad den liath agus dathanna tréigthe. Thosaigh an léiriú ar an saol laethúil, nó bliantúil, ag imeacht chun leadráin tar éis scaithimh. Lena chois sin is dóigh liom go raibh cuma liobarnach ar na cultacha agus gan aon oidhre ar na onesies atá á gcaitheamh ag mam agus daid ach rud a chífeá i saothar de chuid Roger Corman.
Is mó de bhlas a fuaireas ar na hiardhearcthaí den domhan seo againne agus cúbláil Marcus (Travis Fimmel) is a bhean Sue (an tÉireannach, Niamh Algar).
Tá ar Collin agus Salim cuid mhaith den saothar a iompar agus tugann an bheirt acu taispeántais ábalta uathu. An mháithriúlacht agus an fhuarchúis in éineacht le haireachtáil sa mháthair agus jócanna gan dealramh agus calmacht sa bhfear. Is ait liom, áfach, go bhfuil, gan aon mhíniú, an oiread sin mothúchán le sonrú i nithe neamhbheo.
Cé go bhfuil coincheap suimiúil idir lámha anseo le taispeántais bhreátha agus míreanna aicsin sásúla ní haon mhórshaothar é seo.
Fág freagra ar 'Téann eachtraí ar dhomhan diostóipeach Ridley Scott chun leadráin tar éis scaithimh'