Teacht ar láthair d’aerfort nua d’aersheirbhís Árann an sprioc

Deir Aire Stáit na Gaeltachta nach bhfuil aon ‘amscála’ leagtha síos do phróiseas tairisceana nua maidir leis an gconradh d’aersheirbhís oileáin Árann agus go gcaithfear a chinntiú ar dtús go mbeidh fáil ar aerfort ar an mórthír don tseirbhís

Teacht ar láthair d’aerfort nua d’aersheirbhís Árann an sprioc

Teacht ar láthair nua d’aerfort an phríomhsprioc atá ag Aire Stáit na Gaeltachta san iarracht atá ar bun teacht ar réiteach ar an tsáinn atá ag bagairt ar aersheirbhís Árann.

Thug an tAire Stáit Joe McHugh an méid sin le fios i bhfreagra ar cheist Dála a chuir an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly air faoina bhfuil i ndán don tseirbhís aeir d’oileáin Árann.

Tuairiscítear go bhfuil dhá shuíomh i Ros an Mhíl, ceann ag an gcé ansin agus ceann i lár an bhaile, atá i seilbh an Stáit cheana, á meas ag Roinn na Gaeltachta mar láithreacha a bheadh oiriúnach d’aerfort.

Tá sé i gceist ag Aer Arann éirí as an tseirbhís aeir d’oileáin Árann ar an 6 Nollaig mar gheall ar aighneas idir an comhlacht agus Roinn na Gaeltachta faoi théarmaí an chonartha don tseirbhís.

Tá an dara conradh idir Aer Arann agus Roinn na Gaeltachta a bhaineann le húsáid Aerfort na Mine tarraingthe siar chomh maith ag úinéir an chomhlachta, an Seanadóir Gaeltachta Pádraig Ó Céidigh, rud a fhágann go mbeadh ar an Roinn láthair fheiliúnach eile a aimsiú don tseirbhís aeir ar an mórthír.

Tá imní ar phobal na n-oileán go mbeidh briseadh sa tseirbhís agus gan aon fhógra déanta fós maidir le tairiscintí nua a lorg. Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta go bhfuil “rún daingean” aige a chinntiú nach mbeidh aon bhriseadh sa tseirbhís.

Dúirt sé nach raibh “amscála” leagtha síos “faoi láthair” don phróiseas tairisceana nua ach go gcaithfí “a chinntiú mar réamhchéim den phróiseas sin go mbeidh fáil ar aerfort ar an mórthír a bheidh in ann freastal ar an tseirbhís”.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta go bhfuil cás na seirbhíse aeir pléite aige féin agus a chuid oifigeach le hionadaithe ó na hoileáin, le hionadaithe poiblí an cheantair, leis an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, le hOifig an Phríomh-Aturnae Stáit agus le hoifig an Ard-Aighne. Pléadh an scéal chomh maith le hoifigigh ó Choimisiún an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie inné dúirt Tarlach de Blácam, urlabhraí de chuid fheachtas mhuintir Árann chun an tseirbhís aeir a chosaint, go bhfeicfidís “cén toradh atá ar chúrsaí” ag an chéad cruinniú eile a bheas acu leis an Roinn i gceann seachtaine. 

Cheistigh sé, áfach, fiúntas na n-iarrachtaí atá déanta go dtí seo ag an Roinn chun réiteach a fháil ar an tsáinn ina bhfuil muintir Árann faoi láthair. 

Tá amhras mór ann faoina bhfuil i ndán don tseirbhís aeir chuig na hoileáin Ghaeltachta i ndiaidh d’Aer Arann a chur in iúl do Roinn na Gaeltachta i mí an Mheithimh go bhfuiltear ag tarraingt siar ó dhá chonradh atá acu i dtaobh na seirbhíse sin.

D’fhógair Aer Arann go raibh siad chun éirí as an tseirbhís a chuireann siad ar fáil d’oileáin Árann ag deireadh na bliana seo agus chuir an comhlacht in iúl do Roinn na Gaeltachta go mbeidh siad ag tarraingt siar chomh maith ón gconradh atá acu Aerfort na Mine in Indreabhán a chur ar fáil don tseirbhís aeir. Is leis an Seanadóir agus fiontraí Pádraig Ó Céidigh Aer Arann agus an t-aerfort araon.

Baineann an t-easaontas idir an Roinn agus an comhlacht le téarmaí an chonartha a bronnadh ar Aer Arann ag tús na bliana seo caite.

Aighneas faoi bhrí théarmaí an chonartha sin is cúis le cinneadh Aer Arann agus lucht an chomhlachta míshásta go háirithe faoin scéal gur gá táillí tuirlingthe a íoc d’aon eitilt seachas na heitiltí sin a chaitear a chur ar fáil mar chuid den chonradh PSO. 

Tá míshástacht chomh maith ann faoi theorainn a bheith á cur leis an leibhéal brabúis a d’fhéadfaí a dhéanamh faoin gconradh.

De thoradh an easaontais faoi théarmaí an chonartha, gearradh siar ar líon na n-eitiltí go dtí na hoileáin agus ní raibh muintir na n-oileán féin sásta leis an gclár eitiltí a bhí á chur ar fáil dóibh.

Tá ráite ag an Seanadóir Ó Céidigh nach féidir leis aon rud a rá faoin scéal toisc coinníoll a bheith sna conarthaí a shínigh Aer Árann le Roinn na Gaeltachta a chuireann bac air an scéal a phlé go poiblí.

Fág freagra ar 'Teacht ar láthair d’aerfort nua d’aersheirbhís Árann an sprioc'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Má tá an stát in ann CPO a dhéanamh ar thithe thart ar Bhearna, a bhfuil daoine ina gcónaí iontu, le cúlbhóthair na Gaillimhe a dhéanamh, le go mbeidh bealach taistil níos sciopthaidh trasna na cathrach, caithfidh go bhfuil sé de chumhacht ag an stát CPO a chur ar Aerphort na Mine, a tógadh le deontais stáit ar an gcéad lá, le córas taistil riachtanach a chur ar fáil do mhuintir Árann.
    Tá sé thar am don Roinn deireadh a chur leis an ‘pussyfooting’ faoin gcás seo.