‘Rún daingean’ ag McHugh nach mbeidh aon bhriseadh i seirbhís aeir ach muintir Árann buartha nach bhfuil aon ‘phlean B’ ann

Deir Tarlach de Blácam gur ‘cúis imní é’ do mhuintir Árann an easpa dul chun cinn atá déanta ag Roinn na Gaeltachta go dtí seo chun tairiscint nua a fhógairt nó ‘aon phlean B’ a chur i bhfeidhm

‘Rún daingean’ ag McHugh nach mbeidh aon bhriseadh i seirbhís aeir ach muintir Árann buartha nach bhfuil aon ‘phlean B’ ann

Tá “rún daingean” ag an Aire Gaeltachta Joe McHugh a chinntiú go leanfar leis an tseirbhís aeir go hÁrann nuair a thagann deireadh le conradh an chomhlachta atá i mbun na seirbhíse faoi láthair, ag tús mhí na Nollag.

D’fhógair Aer Arann i mí an Mheithimh seo caite go mbeadh siad ag éirí as an tseirbhís a chuireann siad ar fáil d’oileáin Árann agus go mbeadh an conradh a shínigh siad leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta chun an tseirbhís a rith á chur ar cheal acu ar an 6 Nollaig.

I ráiteas a d’iarr Tuairisc.ie ar Roinn na Gaeltachta faoin bhaol go mbeidh briseadh sa tseirbhís aeir go hÁrann agus gan aon phróiseas tairisceana nua fógartha fós, dúradh go raibh an tAire Stáit “geallta don tseirbhís” a choinneáil agus do “leanúnachas na seirbhísí aeir a chinntiú”.

“Tá plé leanúnach ar siúl idir an tAire McHugh agus oifigigh shinsearacha sa Roinn ar an ábhar.  Bhí cruinniú ag an Aire le ionadaithe ó na hoileán, agus le Teachtaí Dála na Gaillimhe an tseachtain seo caite chun a dheimhniú dóibh go bhfuil a Roinn geallta don tseirbhís seo a choinneáil ag imeacht sa ngearr agus sa bhfad-théarma. Anuas air sin, d’fhreastail oifigeach sinsearach ón Roinn ar chruinniú le hoifigigh sa Choimisiún Eorpach chun plé a dhéanamh ar ghnéithe den OSP seo.”

“Tá curtha in iúl ag an Aire McHugh do mhuintir na n-oileán go bhfuil rún daingean aige féin agus ag oifigigh a Roinne leanúnachas na seirbhísí aeir a chinntiú sna míonna atá amach romhainn agus go bhfuil an-chuid oibre ar bun chun an méid sin a bhaint amach,” a dúradh sa ráiteas.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie dúirt Tarlach de Blácam, urlabhraí de chuid fheachtas mhuintir Árann chun an tseirbhís aeir a chosaint, go bhfeicfidís “cén toradh atá ar chúrsaí” ag an chéad cruinniú eile a bheas acu leis an Roinn i gceann seachtaine.

“Tá muid sásta go bhfuil tuiscint ag an Roinn ar cé chomh tábhachtach is atá an tseirbhís aeir do na hoileáin agus bheadh muid ag súil go mbeadh siad ag gníomhú dá réir sin lena chinntiú go mbeadh seirbhís éigeandála á cur ar fáil má theipeann orthu seirbhís eile a bheith curtha ar bun faoi OSP roimh an 6 Nollaig,” a dúirt de Blácam.

Cheistigh sé, áfach, fiúntas na n-iarrachtaí atá déanta go dtí seo ag an Roinn chun réiteach a fháil ar an tsáinn ina bhfuil muintir Árann faoi láthair.

“Ní fhacthas dúinn go raibh gá dul chun na hEorpa, mar dáiríre, níl aon suim ag an Eoraip i gconradh OSP beag mar seo, rud a fuair muid amach ceithre bliana ó shin nuair a chuaigh muid féin go dtí an Bhruiséil,” a dúirt de Blácam.

Dúirt sé gur “cúis imní é” do mhuintir Árann an easpa dul chun cinn atá déanta ag Roinn na Gaeltachta go dtí seo maidir le tairiscint nua a fhógairt nó aon “plean B” a chur i bhfeidhm.

“Má tá sé tagtha go dtí lánstad le Aer Árann bheadh muid ag iarraidh go mbeadh an Roinn ag eagrú an conradh tairisceana chomh luath in Éirinn agus is féidir agus mura mbeidh sí réidh leis an gconradh tairisceana, go mbeadh Plean B acu seirbhís éigeandála aeir a eagrú,” arsa de Blácam. 

Dúirt sé go bhfuil “na freagraí ar fad ag an Roinn agus ag Pádraic Ó Céidigh,” úinéir Aer Árann, atá ina sheanadóir do Ghaillimh Thiar.

“Is seanadóir é, is ionadaí poiblí é. Ba cheart do dhuine éigin micreafón a chur suas ina éadan agus ceist a chur air. Nuair a bhí cruinnithe maidir le sábháil na seirbhíse á reáchtáil againn cheana bhí an seanadóir Gaeltachta iontach páirteach sna comhráite agus ag obair ar ár son.

“Bheadh muid ag súil go mbeadh an Seanadóir Ó Céidigh ag gníomhú ar nós na dTeachtaí Dála eile a sheas linn ag muid ag iarraidh an tseirbhís a choinneáil,” arsa Tarlach de Blácam.

Tá ráite ag an Seanadóir Ó Céidigh nach féidir leis aon rud a rá faoin scéal toisc coinníoll a bheith sna conarthaí a shínigh Aer Árann le Roinn na Gaeltachta a chuireann bac air an scéal a phlé go poiblí.

Tuigtear go bhfuil an dara conradh idir Aer Arann agus Roinn na Gaeltachta a bhaineann le húsáid Aerfort na Mine tarraingthe siar ag Ó Céidigh, rud a fhágann go mbeadh ar an Roinn láthair fheiliúnach eile a aimsiú don tseirbhís aeir ar an mórthír.

Fág freagra ar '‘Rún daingean’ ag McHugh nach mbeidh aon bhriseadh i seirbhís aeir ach muintir Árann buartha nach bhfuil aon ‘phlean B’ ann'