Teach Solais Fhánada oscailte do lucht turasóireachta

Is féidir turais a dhéanamh timpeall an tsuímh, an tí féin agus suas go barr an túir. Tá na turais sin ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla araon, ach caithfear iad a chur in áirithe roimh ré

Fanad_PR

Osclaíodh go neamhoifigiúil inniu Teach Solais Fhánada i nGaeltacht Dhún na nGall agus tá lucht bainistíochta an tí ag súil go gcuirfidh na turais Ghaeilge atá anois ar fáil leis an turasóireacht Ghaeilge agus Ghaeltachta sa cheantar.

Is féidir turais a dhéanamh timpeall an tsuímh, an tí féin agus suas go barr an túir. Tá na turais sin ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla araon, ach caithfear iad a chur in áirithe roimh ré.

Osclófar an teach solais go hoifigiúil ag deireadh na míosa seo chugainn agus beifear in ann fanacht sna tithe saoire atá taobh leis. Tá an teach solais i measc na dtithe solais atá ar an gclár ‘Tithe Solais Móra na hÉireann’ a dhéanfaidh “ár n-oidhreacht mhara a cheiliúradh ar bhealach nach ndearnadh riamh cheana”.

Áirítear Fánaid ar cheann de na trí áit is deise i nDún na nGall atá ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Is iad an dá áit eile ar an liosta Cionn Mhálanna agus Sliabh Liag.

Tá Teach Solais Fhánada 39 méadar ar airde agus cé go rangaítear é i measc na dtithe ‘farraige’ caitheann sé solas ar Loch Súilí freisin. Tógadh an teach tar éis don fhrigéad Saldana dul go tóin poill ar Chionn Fhánada sa bhliain 1812. Dúirt an Captaen Hill, ó Chabhlach na Breataine, nach mbeadh an long ar an ngrinneall dá mbeadh teach solais ar ‘Fannet Point’.

Ceadaíodh an teach solais sa bhliain 1814. Lasadh an solas den chéad uair ar Lá Fhéile Pádraig 1817. Chaitheadh sé solas seasta dearg amach ar an bhfarraige agus solas seasta bán ar an loch. Rinneadh athchóiriú ar an teach sa bhliain 1886. Cuireadh airde leis an túr agus cuireadh solas nua ag caochaíl ina bharr.

Bhuail tintreach an teach i mí na Nollag na bliana 1916 ach ní dhearnadh mórán dochair dó. Athraíodh ón solas gáis go dtí an solas leictreach sa bhliain 1975. An 30 Meán Fómhair 1983 a d’fhág an fear deiridh an teach nuair a rinneadh teach solais coimhdeach den áit.

Fág freagra ar 'Teach Solais Fhánada oscailte do lucht turasóireachta'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Nár dheas dá mbeadh ‘turais ar fáil i nGaedhlig agus i mBéarla’ ag na suímh turasóireachta uilig taobh amuigh den Ghaeltacht fosta? Sé sin, i gceantar an dátheangachais.