Teach na nGealt

Bhí an Dáil mar a bheadh siorcas le seachtain anuas agus máistrí na claonbholscaireachta i mbun a gceirde...

Is minic a osclaítear geataí na staire i nDáil Éireann. Pictiúr: Photocall Ireland
Ní fhacamar mórán den daonlathas i nDáil Éireann an tseachtain seo; ní fhacamar ach oiread na meáin ag feidhmiú mar ba chóir. Pictiúr: Photocall Ireland

A leithéid de sheachtain d’fhógraí oifigiúla Rialtais!

Dé Luain, d’fhógair Alex White córas nua leathanbhanda don tír uile.

Dé Céadaoin, gheall Alan Kelly 110,000 teach nua as seo go ceann sé bliana.

Déardaoin, gheall an Taoiseach tuilleadh íslithe cánach tar éis an chéad olltoghcháin eile.

Idir an dá linn, bhí Frances Fitzgerald ag fógairt Choimisinéir nua na nGardaí. Chualamar freisin faoi dhlíthe nua chun cosc a chur ar thiomáint faoi thionchar drugaí agus chun srian a chur ar phéidiphiligh.

Agus ní hamháin gur fhógair Leo Varadkar córas nua chun cártaí leighis a cheadú ach láinseáil sé ‘plean seirbhíse’ Fheidhmeannas na Seirbhíse Sláinte le haghaidh 2015.

‘Sea go deimhin, ba é an t-aon rud a bhí in easnamh ná fógra go rabhthas chun an tSionainn a dhraenáil.

Ar ndóigh, ba léir don dall céard a bhí ar siúl ag an Rialtas – iarracht shiniciúil chun aird an phobail a thógáil de scéal Uisce Éireann agus a gcuid trioblóidí féin agus a léiriú go bhfuiltear, i i ndáiríre, ag obair go dian an t-am ar fad ar mhaithe leis an leas coitinn.

Is cosúil go ndúirt Enda Kenny lena chuid airí, tar éis dóibh an córas nua táillí uisce a fhógairt an tseachtain seo caite, dul ag tochailt ina gcuid tarraiceán agus deascéal ar bith a bhí ann – nó fógra ar bith a bhféadfaí crut ‘deascéala’ a chur air – a tharraing amach, an dusta a bhaint de agus é a chraobhscaoileadh.

Más ea, tá ag éirí leo – ó thaobh na meán cumarsáide, ar aon nós.

Is beag a chualamar faoi tháillí uisce le seachtain anuas. Ba iad na ‘dea-scéalta’ seo ar tugadh tús áite dóibh ar an Nuacht agus a bhí ar an gcéad leathanach de na nuachtáin lá i ndiaidh lae.

Ní hiad an Rialtas amháin, áfach, a bhí ag déanamh tréaniarracht an dubh a chur ar an mbán le seachtain nó dhó.

Cleas siniciúil eile a bhí – agus atá fós – in úsáid ag Sinn Féin chun aird an phobail a bhaint de scéal Mhaíria Cahill agus a cuid líomhaintí siúd faoin gcaoi ar láimhseáil an IRA a cás agus cásanna eile mar é.

Is cinnte go bhfuil lochtanna go leor ar an gcaoi a n-eagraítear cúrsaí sa Dáil agus go háirithe ar na srianta a chuirtear orthu siúd a bhíonn ag iarraidh cruacheisteanna a chur ar Airí Rialtais nó ar an Taoiseach.

Ach tá córas ann.

Caithfear cloí leis go dtí go n-athrófar na rialacha sin; is faoi bhaill na Dála féin, seachas an Rialtas, atá sé na hathruithe seo a dhéanamh.

Is cinnte nár fhreagair Joan Burton a cuid ceisteanna i dtaobh táillí uisce an tseachtain seo caite.

Ach ní hé an chéad uair a tharla sé sin; agus ní hé an uair dheireanach é ach oiread. Is ag tochas ar a ceirtlín féin – agus ar a ceirtlín féin amháin – a bhí Mary Lou McDonald nuair nár ghlac sí le cinneadh an Chinn Chomhairle ina dtaobh.

Mar an gcéanna le scéal Dhomhnaill Uí Lubhlaí an tseachtain seo.

Bhí an ceart ar fad ag Mary Lou an scéal a ardú agus is cinnte, mar a dúirt Aengus Ó Snodaigh, gur cleas suarach a d’imir Joan nuair a rinne sí iarracht cás Uí Lubhlaí a cheangal le Sinn Féin.

Mar atá a fhios ag pobal na Gaeilge, ba phobhlachtánach é Ó Lubhlaí; ach is le Sinn Féin Pobhlachtánach a bhí sé bainteach.

Ní chuige sin i indáiríre a bhí Mary Lou ná an Snodach Óg, áfach.

Ag iarraidh raic a tharraingt a bhíodar beirt.

Ar ndóigh, d’éirigh leo agus, don dara seachtain as a chéile, cuireadh am na Dála amú; ní bhfuair Catherine Murphy, a bhí ceaptha ceist a chur i ndiaidh Mary Lou, cead cainte.

Ach fuair Sinn Féin a gcuid ceannlínte nuachta – na ceannlínte a bhí uathu.

Ní fhacamar mórán den daonlathas an tseachtain seo; ní fhacamar ach oiread na meáin ag feidhmiú mar ba chóir.

Ach chonaiceamar máistrí na claonbholscaireachta i mbun a gceirde go maith…

 

 

 

Fág freagra ar 'Teach na nGealt'