‘Táthar ann nach spéis leo Conamara – is boichte ná mise iad dá bharr!’ – Ryan Tubridy

Agus an Late Late Show ag tosú Dé hAoine seo chugainn tá gaoth i seolta Ryan Tubridy arís, a bhuíochas le Conamara a chroí

13/08/2015. RTE ONE - New Season of Programmes. Pictured Ryan Tubridy at the Photocall to announce the new season of programmes on RTE One, in Smock Alley in Dublin this morning. Photo:Rollingnews.ie
Pictiúr:Rollingnews.ie

Bhí Ryan Tubridy thar á bheith lúcháireach ag ócáid ag ar bronnadh ballraíocht saoil air i gCumann Gailf Chonamara i mBaile Conaola an tseachtain seo. Níorbh é an gailf ba mhó a bhí ag tabhairt árdú croí dó –  ní imríonn sé gailf go hiondúil – ach bhí sé díreach tar éis a theacht anoir as Baile Átha Cliath agus amharc faighte aige ar na Beanna Beola trí scáile na báistí.

“Tugann mo chéad amharc ar na cnoic agus mé ag teannadh anoir i dtreo an Tí Dhóite ardú croí agus meanman dom i gcónaí,” arsa Ryan Tubridy agus slua daoine a bhí ag iarraidh go dtógfaí pictiúir de ina gcuideachta cruinnithe timpeall air.  “Caithim an saol as mo cheann nuair a fheicim cnoic Chonamara”.

Míníonn fear RTÉ go bhfuil ceangal na nglúnta aige le Conamara.  Bhíodh a shin-seanathair agus a shin-seanmháthair ag múineadh i Scoil Mhic Dara na Ceathrún Rua agus bhí a sheanathair, Seán Tubridy, ina dhochtúr leighis i mBéal an Daingin agus ina Theachta Dála do Ghaillimh Thiar.  D’athraigh muintir Tubridy soir ar an Órán Mór níos deireanaí agus ba ansin a rugadh a athair.

“D’fhéadfá a rá gur Baile Átha Cliathach agus Gaillimheach mé san am céanna,” a deir Ryan Tubridy agus é ag breathnú siar i dtreo an Atlantaigh ó Theach Chlub Chumann Gailf Chonamara.  “Airím go bhfuil fuil Ghaillimheach im’ mo chuid feitheacha,” arsa Tubridy.  “Bhí mé ag baint fothraim as mo scornach ag tacú le Gaillimh i bPáirc an Chrochaigh sa gcluiche mór in aghaidh Thiobraid Árann”.

Ar an taobh ó thuaidh de Chonamara is mó atá compás Ryan Tubridy díríthe le riar maith blianta anois; tá sé gar i ngaol le Paul Hughes agus a mhac siúd, Brian Hughes, ar leo Óstán an Abbeyglen sa gClochán.   Glacann sé leis gur áit chaitheamh aimsire agus scíthe é Conamara dó féin ach, san am céanna, ba mhaith leis go mbeadh an ceantar níos láidre.  Creideann sé go bhféadfaí fad a chur le séasúr na turasóireachta ach áiseanna eile a chur ar fáil.

“Ceantar an-stairiúil é seo,” a deir láithreoir an Late Late Show, “ach d’fheilfeadh sé go mbeadh níos mó ar bun agus go dtabharfaí léargas níos iomláine ar nádúr an cheantair”.

Ceapann Tubridy go bhfuil cathair na Gaillimhe mealltach do thurasóirí.  “Bíonn cuimse féilte acu agus coinníonn na himeachtaí sin beocht san áit.  Theastódh imeachtaí mar sin i gConamara le fad a chur leis an séasúr”.

Luann sé freisin áiseanna ar nós Iarsmalann Shaol na Tuaithe i gContae Mhaigh Eo.  “Tugann a leithéid sin d’áit rogha eile do dhaoine agus iad ar saoire,” a deir sé.

Bhí Tubridy ag fáil faoi réir le roinnt seachtainí don dúshlán nua atá roimhe idir an 9 am agus an 10 am chuile mhaidin den tseachtain ar RTÉ Raidió a hAon.  Lena chois sin, ar ndóigh, beidh a thréimhse gheimhridh ar an Late Late Show ag tosú Dé hAoine seo chugainn.   Ach beidh sé ar ais chomh luath agus is féidir i gConamara arís agus é ag fáil brí agus fuinnimh as aer na gcnoc agus na mara.

“Seo é Conamara!” a deir Tubridy,  “tá daoine ann a bhfuil a gcroíthe san áit ar nós mé féin agus tá daoine ann atá ar mhalairt tuairime faoin áit agus is boichte iad siúd ná mise!”.

 

Fág freagra ar '‘Táthar ann nach spéis leo Conamara – is boichte ná mise iad dá bharr!’ – Ryan Tubridy'