Tar ag teagasc ar Chléire agus ní bheidh lá aiféala ort! Súil le múinteoirí a mhealladh chuig oileán Gaeltachta…

Tá an dá phost i Scoil Náisiúnta Inis Cléire le líonadh roimh thús na scoilbhliana seo chugainn agus ‘saol breá’ ar an oileán á ghealladh

Tar ag teagasc ar Chléire agus ní bheidh lá aiféala ort! Súil le múinteoirí a mhealladh chuig oileán Gaeltachta…

Tá príomhoide agus múinteoir cúnta á lorg le dul i mbun oibre i Scoil Náisiúnta Inis Cléire,  oileán amach ó chósta Chorcaí. 

Tá an dá fholúntas le líonadh roimh thús na scoilbhliana seo chugainn.

Anuraidh, cláraíodh 11 páiste sa scoil Ghaeltachta agus táthar ag súil leis an oiread céanna daltaí arís i mbliana. Múintear naíonáin bheaga go Rang a dó i seomra amháin agus bíonn daltaí ó Rang a trí go Rang a sé á dteagasc i seomra ranga eile.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Cathaoirleach Bhord Bainistíochta na scoile, Neil Ó Riagáin, go raibh sé go súil go meallfaidh na poist nua suim ó dhaoine ar mian leo tréimhse a chaitheamh ar oileán Gaeltachta agus aithne a chur ar phobal Chléire.

“Poist tharraingteacha iad seo ar chúiseanna éagsúla. D’fheilfeadh sé go han-mhaith do mhúinteoirí a bhfuil páistí acu atá ag lorg athrú saoil don chlann ar fad ar feadh bliain nó dhó nó do mhúinteoirí atá ag iarraidh taithí múinteoireachta ar leith a fháil i scoil a bhfuil líon beag daltaí inti,” a dúirt sé.

Dúirt sé go raibh “traidisiún fada” ar an oileán fáilte a chur roimh dhaoine ar mhaith leo athlonnú ar an oileán ar feadh sealanna agus go raibh “ceangail bhuana láidre”  fós ag múinteoirí a chaith tamall ag múineadh ar an oileán roimhe seo.

Dúirt Cathaoirleach an Bhoird go bhféadfadh duine saol breá a chaitheamh ar an oileán agus a bheith páirteach in imeachtaí an phobail i gcaitheamh na bliana.

“Ceapann daoine go bhfuil muid scoilte amach ar Chléire ach sílim go mbeadh iontas ar dhaoine cé chomh háisiúil agus éasca is atá saol an oileáin,” a dúirt sé.

Thug Ó Riagáin le fios go raibh fadhb ann le roinnt blianta anuas múinteoirí a earcú sa scoil agus dúirt sé go raibh sé buíoch de na múinteoirí a chuidigh leo “ardchaighdeán oideachais” a bhaint amach sa scoil.   

Tá na poist fógartha ar www.educationposts.ie ón 27 Iúil 2018.

Fág freagra ar 'Tar ag teagasc ar Chléire agus ní bheidh lá aiféala ort! Súil le múinteoirí a mhealladh chuig oileán Gaeltachta…'