Taispeántas Serkis mar Caesar, croílár thríológ na n-ápaí

Níl War for the Planet of the Apes gan locht ach cuirtear bailchríoch ábalta ar thríológ chumasach

Taispeántas Serkis mar Caesar, croílár thríológ na n-ápaí

War for the Planet of the Apes

Stiúrthóir: Matt Reeves

Cliar: Andy Serkis, Woody Harrelson, Steve Zahn, Karin Konoval, Amiah Miller.

Is réalt scannánaíochta anaithnid é Andy Serkis. Tá carachtair lárnacha curtha i láthair aige in Star Wars, tríológ Lord of The Rings agus The Hobbit mar aon le bheith mar cheann feadhna sa tríológ seo faoi phláinéad a n-ápaí.

Canathaobh mar sin gur beag  aithne a bheadh air ar thionól nó ar chomhthalán?

Is amhlaidh atá mar is é Serkis  draoi thaifeadadh na ngluaiseachtaí; teicneolaíocht a dhéanann a ghluaiseachtaí agus a dhreacha a thaifeadadh. Is ina dhiaidh sin a théann saoithíní na maisiúchán ag obair orthu le carachtair cosúil le Gollum, King Kong, Supreme Leader Snoke agus Caesar a chruthú. Is é taispeántas Serkis mar Caesar, agus is taispeántas aisteoireachta é gan aon agó, croílár thríológ na n-ápaí ón tús.

Tá a fhios ag an saol Fódlach gur i 1963 a dhamnaigh Charlton Heston an chine dhaonna leis an líne cháiliúil úd a mhaireann sa chultúr coiteann i gcónaí. Gineadh ceithre scannán leantach gan dealramh agus raidhse de shraitheanna/scannáin teilifíse nárbh fhiú an deich triuf iad. Léirigh an truflais ar fad go raibh pláinéad/coincheap mealltach cruthaithe ach nárbh fheadar cad ba cheart a dhéanamh leis.

Níorbh aon iontas mar sin gur caitheadh an cnuasach faoi thóin cártaí nó gur dhein Tim Burton iarracht borradh a chur fé le saothar ábalta in 2001. Ní raibh gíog as na hápaí arís go dtí 2011 nuair a tháinig an chéad ghála den tríológ nua. Dhein na saothair seo a gcomhairle féin ón tús agus ní dhearna aon iarracht lorg shaothar 1963 a leanúint.

Le trí scannán anuas táimid tar éis aistear Caesar a leanúint. I rith an ama bhí carachtair dhaonna chaithiseacha ag teacht os ár gcomhair ach bhíodar in áit na leathphingine.

Is amhlaidh atá sa bhuille scoir.

Tá tréimhsí fada den scannán nach bhfuil aon chaint ann ach sinn i dtaobh le gnúsachtach agus comharthaí na n-ápaí agus fotheidil á leanúint.

Sa ghála seo tá buíon le Caesar ar a dteitheadh ó Choirnéal síceapatach (Harrelson). Arís eile éiríonn le Serkis agus a chuid saoithíní beocht, nádúrthacht agus ‘daonnacht’ thar na bearta a chur in Caesar. Is minic seatanna teanna dá chuntanós á sholáthar agus cuirtear réimse leathan mothúchán abhaile orainn. Is é críoch agus deireadh na mbeart ná go bhfuil an-bhá againn leis an gcarachtar.

Tá an tús spleodrach, drámatúil is duairc agus na saighdiúirí daonna ag déanamh ionsaithe ar bhunáit na n-ápaí. Cruthaítear todhchaí dhiostóipeach atá gruama agus réalaíoch.

Dar liom go dtéann rudaí chun leadráin ábhairín nuair a ghabhtar Caesar agus go gcaithimid cur suas le sraith comhráite agus aighnis gan dealramh. Ina theannta sin ní rabhas róthógtha leis an gcor nua sa ghalar simian.

Táthar ag prapáil do chogadh mór i rith an ama ach is frithbhuaic atá ann i ndáiríre.  Ansin tagann eachtra eile sa mhullach air go seafóideach.

I ndeireadh na dála, áfach, cuirtear bailchríoch ábalta ar thríológ chumasach.

Fág freagra ar 'Taispeántas Serkis mar Caesar, croílár thríológ na n-ápaí'