Taispeántas cumasach ó Daisy Edgar-Jones I scéal rómánsúil 

Scéal rómánsúil, taitneamhach atá in Where the Crawdads Sing ach é ró-idéalach neamhréalaíoch in áiteanna 

Taispeántas cumasach ó Daisy Edgar-Jones I scéal rómánsúil 

Where the Crawdads Sing
Stiúrthóir: Olivia Newman
Cliar: Daisy Edgar-Jones, David Strathairn, Harris Dickinson, Taylor John Smith, Michael Hyatt, Sterling Macer Jr.

Is léir d’éinne a d’fhéach go cíocrach ar an tsraith nótálta Normal People gur aisteoir cumasach ar leith í Daisy Edgar-Jones. Tá bua faoi leith aici carachtair leochaileacha, a bhfuil cruas iontu ag an am céanna, a léiriú. Is í a bhí deas leis ar an gcanúint Éireannach a thabhairt léi; rud nach bhfuil chomh furasta sin nuair a chuimhníonn tú ar na haisteoirí breátha a dhein cac sleaidí den gcúram i gcaitheamh na mblianta.

Taispeántas cumasach, suaithinseach eile uaithi anseo i scannán atá bunaithe ar leabhar mór-ráchairte den teideal céanna ó pheann Delia Owens. Rugadh agus tógadh Kya (Edgar-Jones) i riasca North Carolina sna caogaidí. I dtosach an scannáin tugtar siar go 1969 sinn agus címid í á gabháil ag na póilíní agus dúnmharú fir áitiúil á chur ina leith. Léiríonn iardhearcthaí an tógaint chrua a bhí ag Kya. An t-athair brúidiúil gafa ag an ól agus an mháthair ag tréigint an teaghlaigh dá bharr. Déantar iarracht chiotach níos faide anonn gníomhartha na máthar a mhíniú. 

Sí Kya an duine is óige agus diaidh ar ndiaidh éalaíonn a beirt deartháireacha agus a beirt deirfiúracha. Tá an cailín óg fágtha léi féin leis an athair gan mhaith. I ndeireadh thiar bailíonn sé sin leis chomh maith. Tá sí go hiomlán tréigthe agus tá uirthi soláthar di féin. Déantar léiriú corraitheach, truamhéalach air seo ach ní mhínítear chun mo shástachta conas mar a éiríonn le cailín óg maireachtaint léi féin. Diúilicíní á ndíol le lánúin gheanúil an tsiopa áitiúil, sin uile. Ní léirítear chun mo shástachta ach an oiread cé chomh bocht is crua a bhí an saol aici. 

 

Is go haonaránach a éiríonn sí chun coinlíochta. Cailín cliste atá go hiomlán fé dhraíocht ag an nádúr agus an-tuiscint aici air. Bua ealaíne a máthar tugtha léi aici agus í ag tarraingt pictiúir d’ainmhithe éagsúla an réisc. Is geall le carachtar eile é an riasc céanna agus tá seatanna áille againn dos na bealaí uisce agus ainmhithe. Ar an drochuair bhí cuma rómhór an CGI ar chuid acu. 

Agus í isteach sa déaga cuireann sí aithne ar bheirt bhuachaillí áitiúla. Siad na caidrimh seo a chuireann sraith eachtraí sa tsiúil a chríochnaíonn i seomra na cúirte. Tá dlíodóir geanúil, ábalta Strathairn mar chosantóir aici ach níl mórán teannais nó drámaíochta sna radharcanna cúirte, faraor. 

Sí Edgar-Jones a dhéanann an scannán a iompar agus í le feiscint i ngach radharc dá cuid. Téann sí go feirc ina carachtar. Do bhean atá chomh bocht fiáin sin tá cuma róphioctha uirthi go minic; rud a thagann leis an bpointe thuas faoin léiriú a dhéantar ar bhochtanas a saoil. Níl mórán le déanamh ag na carachtair eile ach is breá liom a bheith ag féachaint ar Strathairn i gcónaí.

Scéal rómánsúil, taitneamhach atá anseo ach é ró-idéalach neamhréalaíoch in áiteanna ach taispeántas breá againn ó Daisy Edgar-Jones. 

Fág freagra ar 'Taispeántas cumasach ó Daisy Edgar-Jones I scéal rómánsúil '