Táimid go léir ar nós Eoghainín agus na fáinleoga anois

Drochsheans go bhfillfidh na cluichí móra i mbliana, ach tá roghanna eile ann

Táimid go léir ar nós Eoghainín agus na fáinleoga anois

Pictiúr: INPHO

‘Tar uait isteach, a pheata. Tá sé ag éirí fuar.’

‘Ní fhéadaim corraí go fóill beag, a mháithrín. Tá mé ag fanacht leis na fáinleoga.

‘Cé leis, a mhaicín?’

‘Leis na fáinleoga. Tá mé ‘ceapadh go mbeidh siad anseo anocht.’
Ach cá bhfios duit gur anocht a thiocfas siad?’

‘Níl a fhios agam, ach mé ghá cheapadh. Ba mhithid dóibh bheith anseo lá ar bith feasta.’

Is minic mé ag cuimhneamh ar Eoghainín na nÉan na laethanta seo – mo chuid mífhoighde agus mé ag faire ar fhógra a cheadódh cead laisce de shliotar nó cic de pheil chomh follasach agus a bhí a shonas siúd ag fanacht leis na fáinleoga i scéal álainn, brónach an Phiarsaigh.

‘B’fhéidir go bhfeicfimis chugainn amárach iad,’ arsa Eoghainín agus é ag teacht isteach go brónach an oíche sin.

Ach ní fhacadar. Ná ní fhacadar chuca iad an lá ina dhiaidh sin ná an lá ina dhiaidh sin arís. Agus séard a deireadh Eoghainín gach oíche ag teacht isteach dhó: ‘B’fhéidir go mbeadh siad chugainn amárach.’

Thángadar ceart go leor.

D’ardaigh croí an bhuachalla bhig a bhí “níos ciúine agus níos míne ná bhíodh. Ba mhinice ina shuí é ná ag rith leis féin ar fuid na ngarranta mar ba ghnáthach leis roimhe sin. Níor cluineadh ag gáirí ná ag gabháil fhoinn é chomh minic is cluintí.”

Beidh a fhios agaibhse atá eolach ar an scéal go mba é sin an samhradh deiridh ag Eoghainín breoite bocht i gcomhluadar na bhfáinleog, gur tharraing sé a anáil dheireanach ag breathnú orthu ag fágáil agus go ndeachaigh a anam ina dteannta chuig “an tír ina mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí”.

Tá fáinleoga Eoghainín tagtha chomh fada linn in 2020, ach sí mo thuairim láidir go bhfuil an mhian atá i gcroí Mhártain Uí Chiardha agus i go leor eile chomh fada uainn anois agus a bhí sé Lá’l Pádraig. Ní hamháin sin ach tar éis dom ruathar beag a dhéanamh an tseachtain seo caite ar thóir thuairimí an phobail bheadh beagán amhrais orm faoi iad a bheith ar an gcloch is mó ar phaidrín an phobail chéanna – ní nach ionadh.

Is é an chaoi ar fhiafraigh mé do thuairim scór duine dá dtosódh comórtais Chumann Lúthchleas Gael an tseachtain seo chugainn an dtiocfadh siad ag cluiche club, nó dá gcuirfí tús leis na craobhacha idirchontae arís an mbeidís sásta (ach an cead a bheith acu) freastal ar chluichí i gcraobhacha Chonnacht nó na hÉireann.

Oiread agus an duine amháin féin acu níor dhúirt go dtiocfadh. Dúirt beirt nó triúr acu go gcuimhneodh siad dul chomh fada le Páirc an Chrócaigh ag deireadh an Fhómhair, ach Gaillimh a bheith ann.

Ardaíonn seo an cheist ar chríonna an mhaise don Chumann a rá anois nach n-imreofaí Craobhacha Idirchontae Peile agus Iomána na hÉireann d’fhir, do mhná ná d’ógánaigh i mbliana agus go ndíreofaí ar ghnaithí na gclubanna a chur chun cinn nuair is sábháilte sin a dhéanamh?

Is é mo thuairim féin gur socrú é atá ar leic na tairsí againn agus a chaithfear a dhéanamh sula dtiocfaidh deireadh na míosa seo.

Tá aimsir na streachailte agus na héiginnteachta ag drannadh lena deireadh. Níor dhochar a rá sé seachtaine ó shin go bhfeicfeadh muid linn, ach ní leor sin anois. Ní mór freisin aghaidh a thabhairt ar an scéal as seo go ceann seachtaine nó dhó.

Glacaim leis go ndéanfadh fear figiúirí ceap magaidh den phobalbhreith suarach atá déanta agam agus tuigim gur furasta tuairim mhícheart a fháil óna laghad sin daoine.

Fós agus mé féin stiúgtha cheal cluichí, tá mé cinnte nach dtaobhóinn féin láthair imeartha go ceann píosa maith eile.

Ní fheicim ciall ná réasún ach an oiread leis an gcaint seo imirt a dhéanamh agus gan aon nduine den lucht leanta i láthair, fiú i gcás spórtanna a bhfuil dliteanas orthu an séasúr a chríochnú de bharr conarthaí atá sínithe acu le comhlachtaí teilifíse.

Go fiú ina gcásanna siúd níl aon tsamhail agam de chluichí a bheith á n-imirt laistiar de dhoirse dúnta ach a bheith ag níochán do chosa agus do chuid stocaí fáiscthe suas i gcónaí orthu.

Ag tús na míosa seo caite, dúirt Ardstiúrthóir Chumann Lúthchleas Gael Tom Ryan go bhféadfadh caillteanas suas le €60 milliún a bheith ar an eagraíocht de bharr Covid-19, figiúr a scanródh tú.

Ach ós ag caint ar fhigiúirí é in uair seo an ghátair, tá daoine sna heagraíochtaí agus sna hinstitiúidí airgeadais is mó le rá ar domhan a dhéanfadh beart níos measa ná géarscrúdú a dhéanamh ar an mbealach ar threoraigh Ryan, Páraic Duffy, Liam Ó Maoilmhichíl agus na daoine ar fad a d’oibrigh leo gnaithí airgeadais Chumann Lúthchleas Gael le dhá scór bliain anuas agus a d’fhág sa riocht iad gurb í an tsuim ollmhór sin atá i gceist.

Eiseamláir í a gcuid oibre ó thaobh éifeachta, ionracais agus críonnachta tráth a mba é a mhalairt a bhí le fáil in áiteacha go leor i saol an ghnó.

Cuma céard atá romhainn is féidir a rá nach mbeidh 2020 mar a bhí aon bhliain eile. Mar sin dhéanfadh an Cumann Lúthchleas beart níos measa ná filleadh ar na clubanna, na háiteacha as ar eascair an ghluaiseacht an chéad lá riamh.

Fágtar séasúr na bliana seo fúthusan ag an uile ghrád. Bronn Corn Mhig Uidhir ar sheaimpíní na peile sinsearaí agus Corn Mhic Cárthaigh ar a leathbhádóirí iomána. Cuir bonn cloiche faoi leith leis na grádanna síos uathu siúd.

Agus sa gcás go dteastóidh airgead breise amach anseo leis an bpoll a líonadh, bheadh iontas orm mura mbeadh formhór phobal CLG sásta a lámha a chur beagáinín níos doimhne ina bpócaí ar mhaithe leis an eagraíocht nár thuig muid a tábhacht nó gur baineadh dínn í.

Ar nós Eoghainín agus na fáinleoga.

Fág freagra ar 'Táimid go léir ar nós Eoghainín agus na fáinleoga anois'