An tseachtain seo a thosaigh obair ar pháirc peile Ghallarais agus Cumann Caide na Gaeltachta le breis is €100,000 a chaitheamh ar fhód nua agus obair athchóirithe ar an bpáirc cháiliúil cois Chuan Ard na Caithne. Obair í sin don todhchaí ach tá obair níos práinní roimh pheileadóirí an chumainn an deireadh seachtaine seo agus iad le haghaidh a thabhairt ar an bhFosadh i gcluiche ceannais Chraobh Idirmheánach an Chontae i dTrá Lí tráthnóna Dé Domhnaigh (13:00).
Meastar go bhféadfadh an slua is mó riamh ag cluiche ceannais idirmheánach sa gcontae a bheith i láthair i bPáirc Aibhistín de Staic amárach agus suim níos mó sa gcéad chluiche idir an Ghaeltacht agus an Fosadh ná mar atá i gcluiche ceannais na sinsear idir Crócaigh Chill Airne agus na Gaeil a bheidh á imirt níos déanaí sa tráthnóna.
Ní haon iontas é gurb iad na Cliffords, David agus Paudie, a mheallfaidh cuid mhaith den slua – beirt de na peileadóirí is fearr sa tír ag iarraidh a gcumann beag féin a thabhairt chomh fada le grád na sinsear den chéad uair riamh. Déanfaidh slua nach beag a mbealach soir ó Chorca Dhuibhne don chluiche chomh maith áfach agus iad ag iarraidh corn a thabhairt abhaile leo ag deireadh chraobh spleodrach bhríomhar.
Is ar éigean go raibh na foirne seo in ann anáil a tharraingt ó cuireadh tús leis an gcomórtas cúig seachtaine ó shin agus iad amuigh deireadh seachtaine i ndiaidh deireadh seachtaine. Is le bua ar Léigiún a bhain an Ghaeltacht áit amach i gcluiche ceannais an lae amárach, cluiche inar laghdaíodh an farasbarr deich bpointe a bhí acu go dtí péire.
Leaideanna na Gaeltachta a rinne an teacht aniar sa mbabhta ceathrú ceannais. Bhíodar cúig phointe chun deiridh agus an 60 nóiméad caite in aghaidh Ghníomh go Leith ach d’éirigh leo an taoide a chasadh agus bhuadar le dhá phointe.
Léirigh na cluichí sin gur féidir le cúrsaí athrú go han-tapa i gcluiche, a deir Dara Ó Cinnéide atá ina roghnóir le foireann na Gaeltachta.
“Ní faic anois a bheith deich bpointe chun cinn, rud a bhíomar is dóigh liom sa chluiche deireanach. Ní faic é, níl tú sásta ar an taobhlíne. An tslí go bhfuil an cluiche nua seo, caithfidh tú dul amach ag imirt. Ní féidir seilbh na caide a choimeád. Ní féidir a bheith á pasáil timpeall an t-am ar fad, mar a bhíodh. Má tá tú deich bpointe chun cinn, caithfidh tú iarracht a dhéanamh dul aon phointe dhéag, dhá phointe dhéag chun cinn.”
Bhí an pheil loite ag foirne agus bainisteoirí a bhí ag iarraidh smacht a choinneáil ar chúrsaí agus deir an Cinnéideach go bhfuil sé níos deacra treo na himeartha a athrú ón taobhlíne anois agus go gcaitear muinín a bheith agat as na himreoirí ar an bpáirc chun an cinneadh ceart a dhéanamh nuair is gá.
“Tá sé deacair an fuinneamh nádúrtha atá iontu a cheansú agus a smachtú agus saghas múnla imeartha a chur i bhfeidhm orthu. Caithfidh tú iontaoibh a bheith agat astu go ndéanfaidh siad rudaí speisialta nuair a bheidh siad ag teastáil agus go dtí seo tá sé ann, tá sé iontu,” a deir sé.
“Ach bhí na taispeántais ar fad againn go dtí seo breac le botúin. Tá na huaireanta an chloig caite againn ar anailís fístéipe. Tá ár súile caite ag féachaint orthu agus ár dteangacha caite ag caint orthu, ag déanamh anailíse orthu agus tá a fhios agam go dtarlóidh botúin arís Dé Domhnaigh seo chugainn mar níl sé foirfe. Níl sé chomh cliniciúil ná mar a bhíonn tú ag leibhéal idirchontae.”
Deir Ó Cinnéide nach mbíonn lucht bainistíochta na foirne róbhuartha “mar éiríonn leis na leaideanna freagra a fháil i gcónaí nuair is mó a ghátar”. Tá PJ Mac Láimh ina measc siúd a bhfuil an beart déanta aige nuair ba ghá, mar atá an bheirt a bhí ar phainéal Chiarraí a bhuaigh Craobh na hÉireann i mbliana, Brian Ó Beaglaoich agus Cathal Ó Beaglaoich. Aontaíonn an Cinnéideach go dtugann gaiscí Chiarraí ardú meanman don chumann agus an bheirt ag filleadh.
“Tá Brian ansin ag imirt chomh maith is a bhí riamh ina shaol. Tá Cathal ar a shlí aníos ag iarraidh ionad a dhéanamh dó féin ar phainéal Chiarraí chomh maith. Tá bliain feicthe aige istigh agus an caighdeán atá ag teastáil. Caithfidh go ndéanann sé sin maitheas do dhaoine.”
Tá taithí ag imreoir eile ag an nGaeltacht ar Chraobh na hÉireann a bhuachan, Aidan Walsh, a bhuaigh Corn Mhig Uidhir le Corcaigh in 2010 ach atá anois ag cur faoi i gCorca Dhuibhne.
“Cé go bhfuil sé críonna go maith anois, tá guth láidir aige,” a deir Ó Cinnéide. “Tá stádas, tá seasamh aige agus éistíonn na leaideanna leis.”
Ní haon rud beag an taithí sin i bhfoireann óg. Ón bhfoireann a bhuaigh an chraobh idirmheánach go deireanach in 2017, ní raibh ach cúigear a thosaigh an lá sin ag imirt in aghaidh Léigiúin an tseachtain seo caite.
Ba mhór an chailliúint don Ghaeltacht i mbliana iad Dara Ó Sé, a d’aistrigh ar ais chuig Cloich na Coillte i gCorcaigh, agus Rob Ó Sé, atá imithe chun na hAstráile agus a bhuaigh gradam Imreoir na Bliana, i gCraobh na hAstráile Thiar le gairid, ach tá dornán imreoirí óga tagtha chun cinn ina n-áit, deichniúr a rinne an Ardteist an samhradh seo ina measc.
Ar dhuine acu siúd tá Diarmuid Ó Séaghdha, fear nár sheas sa gcúl riamh go dtí an mhí seo caite ach anois a bheidh ina chúl bháire i gcluiche ceannais an chontae amárach.
“Ghortaigh ár gcúl báire é féin seachtain roimis thús an fheachtais, an fear a bhí againn i gcaitheamh na bliana,” a mhíníonn Ó Cinnéide. “Chaitheamar leaid óg ocht mbliana déag d’aois a chur isteach sa bháide den chéad uair ina shaol.
“Beidh sé ag imirt a shéú cluiche anois Dé Domhnaigh. Ghlac sé leis gan cheist. Níor imir sé riamh cheana sa bháide. Bhíodh sé ar an gcliathán.”
Nuair a iarrtar air céard a spreag an cinneadh Ó Séaghadha a chur idir na postaí, freagra neamhghnách a thugann an Cinnéideach.
“Is galfaire maith é.”
Lean ort…
“Tá tuiscint aige ar an disciplín sin atá ag teastáil chun cic saor nó cic amach a thógaint. Tá dhá lámh maith aige, bhí sé go maith san aer agus is lúthchleasaí iontach é. Sé an feall é mar tá sé chomh tapaidh le haon duine ar an bpainéal ach níl sé ag déanamh aon rith sa bháide. Tá sé á choimeád simplí agus tá na ciceanna amach go hiontach aige agus, le cúnamh Dé, leanfaidh sé sin.
“Leaid ciúin é ach tá an-mhisneach aige. Leaid éirimiúil. Tuigeann sé an jab atá ag teastáil agus nuair a fhaigheann sé treoir, déanann sé dá réir. Ní chailleann sé misneach.”
Beidh misneach de dhíth ar an nGaeltacht má táthar chun an Fosadh agus na Cliffords a chloí. Tá David agus Paudie tar éis an bhliain ab fhearr a bhí acu le Ciarraí a chur isteach agus an bheirt i mbarr a maitheasa.
Deir Ó Cinnéide go dtuigeann siad go maith cé chomh maith is atá an bheirt agus gur gá plean éigin chun tabhairt fúthu, ach aontaíonn sé gur féidir díriú isteach orthu an iomarca.
“Déanann foirne an botún sin. D’imríomar iad dhá bhliain ó shin agus bhuadar orainn. Bhí an bheirt, Paudie agus David go maith, ach ní hiad a bhuaigh orainn. D’imríomar iad i Roinn 2 na sraithe i mbliana, bhuaigh an Fosadh orainn. Ní raibh na Cliffords ag imirt an lá sin. Ní haon bhogáin na leaideanna eile.”
“Táimid ag caint orthu gan dabht, táimid ag iarraidh teacht suas le plean ach tá sé triailte ag an-chuid daoine, Jim McGuinness, Kieran McGeeney, Malachy O’Rourke agus daoine mar sin san áireamh, iad a cheansú agus iad a chiúnú.
“Scórálfaidh siad an méid a scórálfaidh siad. Déarfaidh tú leat féin cé mhéid atá réasúnta nó atá inghlactha. Táimid ag iarraidh béim a chur ar cad a dhéanfaimidne go maith agus cá bhfuil na laigí acu siúd agus cá mbainfimidne earraíocht astu.
“Tá dhá lámh agus dhá chois orthu agus nílimid olc ach an oiread, cé go ndéarfadh na geallghlacadóirí a mhalairt. Tá obair ar siúl againn chomh maith. Mar a dúirt an fear, táimid fós anseo, táimid fós inár seasamh, táimid ag teacht idir iad agus an corónú.”
Mar a luann an Cinnéideach, táthar ann a cheapann nach bhfuil le déanamh ach an corn a bhronnadh ar na Cliffords agus an Fosadh ach níl mórán glacadh leis an tuairim sin i gCorca Dhuibhne.
“Bhíomar ag gáire ansin go rabhamar chun an rud a rinne Bobby Rackard agus Nick O’Donnell le Christy Ring sna caogaidí a dhéanamh, nuair a d’iompair siad é ón bpáirc. Táimid ag cleachtadh sin, sin é an traenáil atá ar siúl againn faoi láthair, gur féidir linn Paudie agus David a chur ar ár ngualainní agus iad a iompar aníos an stand i dTrá Lí agus an corn a thabhairt dóibh,” a deir an Cinnéideach agus é ag gáire.
Mar a tharlaíonn sé, ba iad Rackard agus O’Donnell a bhí ag ceiliúradh an lá sin i 1956 agus Ring agus Corcaigh cloíte acu i gcluiche ceannais na hÉireann. Cá bhfios nach gcloífear fathaigh eile amárach.
Fág freagra ar '‘Táimid ag teacht idir iad agus an corónú’ – An Ghaeltacht réidh le tabhairt faoi na Cliffords'