Taighde á dhéanamh faoi cén uair is fearr béaltrialacha na hArdteiste a reáchtáil

Ó 2022 bíonn béaltrialacha na Gaeilge agus na dteangacha eile á reáchtáil i rith laethanta saoire na Cásca

Taighde á dhéanamh faoi cén uair is fearr béaltrialacha na hArdteiste a reáchtáil

Tá eolas á bhailiú ag Coimisiún na Srúduithe Stáit maidir le cén uair is fearr an bhéaltriail atá mar chuid de scrúdú Gaeilge na hArdteiste a reáchtáil.

Ó 2022, tá béaltrialacha na Gaeilge agus na dteangacha eile á reáchtáil i rith laethanta saoire na Cásca agus tá Coimisiún na Scrúduithe Stáit anois i mbun meastóireacht chuimsitheach a dhéanamh ar an athrú.

Tá Ollscoil na Gaillimhe fostaithe ag an gCoimisiún chun tabhairt faoi thaighde ar an ábhar agus tuairimí a bhailiú ó mhúinteoirí, ó dhaltaí, ó thuismitheoirí agus caomhnóirí agus ó bhainisteoirí scoile.

Tá suirbhé ar bun ag Scoil an Oideachais san ollscoil i láthair na huaire chun eolas a bhailiú. Bainfear úsáid as an eolas a bhaileofar chun comhairle a chur ar an Aire Oideachais faoi dhátaí na mbéaltrialacha in 2024 agus ina dhiaidh sin.

Rinneadh an cinneadh na béaltrialacha a reáchtáil le linn laethanta saoire na Cásca ionas nach mbeadh múinteoirí a bhíonn i mbun na mbéaltrialacha imithe óna ranganna féin le linn an téarma scoile agus nach gcuirfí as do dhaltaí.

Bhíodh deacrachtaí ann chomh maith múinteoirí a fháil leis na béaltrialacha a dhéanamh i roinnt ábhar, an Ghaeilge ina measc, agus measadh go gcuideodh an t-athrú dáta le réiteach na faidhbe sin.

Ní raibh gach duine sásta leis an athrú, áfach, agus vótáil Aontas Múinteoirí Éireann anuraidh cur i gcoinne an athraithe.

Fág freagra ar 'Taighde á dhéanamh faoi cén uair is fearr béaltrialacha na hArdteiste a reáchtáil'

  • Siobhán

    Ó 2021, tádar á reachtáil um Cháisc. Ait gur as Béarla ar dtús a sheol Scoil an Oideachais, Ollscoil na Gaillimhe i gcathair dá-theangach giolc amach faoin suirbhé. Cheartaíodar é tar éis cúpla lá! Nach mbeadh ar a gcumas é a dhéanamh i gceart ón chéad lá?