Tacaíocht ‘iomlán’ an Rialtais ag Páirc na Mara in ainneoin deacrachtaí pleanála

Thug Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne, le fios inné go bhfuil tacaíocht ‘iomlán’ an Rialtais ag plean Údarás na Gaeltachta Páirc na Mara a fhorbairt i gCill Chiaráin i gConamara

Tacaíocht ‘iomlán’ an Rialtais ag Páirc na Mara in ainneoin deacrachtaí pleanála

Deir Aire Stáit na Gaeltachta agus Príomh-Aoire an Rialtais, Seán Kyne, go bhfuil an Rialtas ag tacú go hiomlán le plean forbartha Pháirc na Mara i gCill Chiaráin i gConamara.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie inné, dúirt an tAire Kyne gur iarracht mhór í Páirc na Mara le leas a bhaint as acmhainní nádúrtha mara agus le hinfheistíocht a chur isteach i bpobal Gaeltachta agus tuaithe atá buailte cheal fostaíochta.

Bhí an tAire ag labhairt théis dó casadh le toscaireacht as ceantar Chill Chiaráin agus Charna ina chuid oifigí i Maigh Cuilinn.

Tá Páirc na Mara ar cheann de na tograí is mó atá beartaithe ag Údarás na Gaeltachta sa nGaeltacht agus ar an togra is mó acu le dul i ngleic leis an ngéarchéim dífhostaíochta i gceantar iarthuaisceart Chonamara. 

Dhiúltaigh an Bord Pleanála don chéad chéim den fhorbairt ar Pháirc na Mara i gCill Chiaráin i gConamara. 

Beidh Údarás na Gaeltachta ag cur an iarratais iomlán do Pháirc na Mara faoi bhráid Chomhairle Chontae na Gaillimhe go luath ach ceaptar gur dóigh go gcuirfear é chomh fada leis an mBord Pleanála sa deireadh.

Dúirt an tAire Stáit Kyne go mbíonn deis ag an bpobal a gcuid tuairimí a chur i láthair na n-údarás pleanála nuair a théann iarratais isteach. “Tá cead ag daoine a dhul in aghaidh forbairtí, ach tá cead acu tacú le forbairtí freisin agus sin rud tábhachtach san gcóras pleanála,” arsa an tAire Stáit.

Dúirt sé gur féidir le duine ar bith tacaíocht a léiriú d’fhorbairt agus gur féidir le grúpaí pobail sin a dhéanamh freisin.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne go bhféadfadh saol agus saothrú a bheith ag daoine óga i dtionscnaimh mar seo amach anseo agus go bhféadfadh siadsan aighneachtaí a chur isteach freisin, dá dtogródh siad é.

Dúirt an tAire Stáit leis an toscaireacht – baill den Choiste Comhairleach áitiúil atá ag déanamh feitheoireachta ar Phlean Forbartha Cúig Bliana cheantar Chill Chiaráin agus Charna – go raibh muinín aige go bhféadfaí cruinnithe a eagrú idir an tAire Michael Creed, Roinn na Mara, agus an tAire Michael Ring, an Roinn Gnóthaí Tuaithe, faoi cheist Pháirc na Mara. “Is maith an rud é go gcloisfeadh Airí Rialtais faoi chás phobail tuaithe atá le balla de bharr dífhostaíochta agus easpa forbartha,” a deir an tAire Kyne.

Dúirt an tAire Stáit Gaeltachta gur chóir dóibh siúd atá ag cur in aghaidh forbairtí ar nós Pháirc na Mara breathnú go grinn ar an iarratas atá istigh. “B’fhéidir nach bhfuil rud éigin atá ina n-intinn féin san iarratas ar chor ar bith,” a dúirt sé.

“Níor cheart go mbeadh an scéal amuigh ag daoine áirithe go bhfuil feilméaracht bradán i mbun agus i mbarr an scéil,” a dúirt Seosamh Ó Cuaig a bhí ina cheann feadhna ar thoscaireacht Charna agus Chill Chiaráin. “Tá cineálacha éagsúla éisc agus sliogéisc sa gcomhaireamh. Tá an fheamainn agus fásra mara i gceist agus tá forbairt agus taighde sa bplean freisin,” arsa Ó Cuaig. Dúirt sé go raibh sé féin an-sásta leis an gcruinniú leis an Aire Kyne. “Ba léir gur thuig sé an scéal agus is léir go bhfuil tacaíocht an Stáit againn. Sílim dá ndéanfaidís siúd atá ag stocaireacht in aghaidh an phlean staidéar ar an scéal go mbeadh athrú poirt acu,” a dúirt Ó Cuaig.

Baineadh cor as Údarás na Gaeltachta agus as pobal cheantar iarthar Chonamara cúpla mí ó shin nuair a dhiúltaigh an Bord Pleanála don chéad chuid den obair ar an bPáirc. Bhí sé i gceist go dtógfaí cúpla oifig agus roinnt seirbhísí ar an suíomh mar thús.

Bhí cead pleanála tugtha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe roimhe sin ach chuir an eagraíocht Cuan na Gaillimhe in aghaidh Cliabháin Bradán achomharc chuig an mBord.

Tá forbairt Pháirc na Mara ina cuid den Phlean Náisiúnta Forbartha.

Fág freagra ar 'Tacaíocht ‘iomlán’ an Rialtais ag Páirc na Mara in ainneoin deacrachtaí pleanála'