Tacaíocht bhreise fógartha do Scéim na gCúntóirí Teanga 

Tá Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, ar cuairt inniu ar cheantar Dhúiche Sheoigheach 

Tacaíocht bhreise fógartha do Scéim na gCúntóirí Teanga 

Agus é ar cuairt inniu ar cheantar Dhúiche Sheoigheach fógróidh Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, go bhfuil maoiniú breise trí bliana ar fiú suas le €72,000 é ceadaithe aige chun go mbeifear in ann uaireanta breise teagaisc a chur ar fáil faoi Scéim na gCúntóirí Teanga. 

Baineann an scéim seo le bunscoileanna Gaeltachta a bhfuil tinreamh níos mó ná 100 dalta acu. Seacht mbunscoil Ghaeltachta a bheidh in ann leas a bhaint as an gcúnamh seo. Ag brath ar an líon daltaí, ceadófar idir uair agus seacht n-uair an chloig breise sna scoileanna sin.

Agus an tAire Stáit ag seoladh phlean teanga Dúiche Sheoigheach agus Thuar Mhic Éadaigh go hoifigiúil inniu, seolfaidh sé leabhrán nua: Ról an Chúntóra Teanga. Foinse tagartha, faisnéise agus tacaíochta atá sa leabhrán do chúntóirí teanga, lucht riartha na scéime agus d’fhoirne bainistíochta agus teagaisc na scoileanna Gaeltachta. 

Leis an maoiniú breise seo, beidh tuairim is €1,230,943 in aghaidh na scoilbhliana  á chur ar fáil do 134 scoil Ghaeltachta (105 bunscoil, 28 iarbhunscoil agus scoil speisialta amháin) agus beidh 114 cúntóir teanga i mbun oibre sna scoileanna. Is ionann sin agus €449,701 níos mó ná an méid a chaití gach bliain suas go dtí ceithre bliana ó shin.

“Le fógairt an chiste bhreise seo agus le foilsiú an lámhleabhair: Ról an Chúntóra Teanga, tá céimeanna móra eile glactha chun tacú tuilleadh leis an bpróiseas pleanála teanga agus le feidhmiú an pholasaí don oideachas Gaeltachta araon,” a dúirt an tAire Stáit Jack Chambers. 

Measann an tAire Stáit go bhfuil “páirt lárnach ag Scéim na gCúntóirí Teanga sna hiarrachtaí atá ar bun ag mo Roinn féin agus ag an Roinn Oideachais chun an Ghaeilge a neartú tuilleadh mar theanga phobail agus theaghlaigh sna ceantair Ghaeltachta”. 

“Trí Scéim na gCúntóirí Teanga agus go deimhin na scéimeanna agus na tionscadail eile atá á riar ag mo Roinn faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga, tá cabhair phraiticiúil á cur ar fáil tríd an ngréasán bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna Gaeltachta chun deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil do lucht freastail scoileanna Gaeltachta,” a dúirt sé.

Dúirt an tAire Stáit go raibh deis anois  ag pobal Dhúiche Sheoigheach agus Thuar Mhic Éadaigh “a bheith lárnach i roghnú a gcuid tosaíochtaí teanga féin” agus a bheith “páirteach ina chur i bhfeidhm ar bhonn comhpháirtíochta” ar mhaithe leis an teanga. 

Fág freagra ar 'Tacaíocht bhreise fógartha do Scéim na gCúntóirí Teanga '

  • Gerry Sóna

    Is maith sin ach ceist amháin agam .ma ta an Gaeilge a laidriú agus a chur chun cinn ins na scoileanna sin, cá háit ina n-úsfaidfear an teanga taobh amuigh de geataí na scoile muna bhfuil siopaí, clubanna, eagraíochtaí eile ag feihhmiú le polasaí Gaeilge iontu.?????