Tacaígí le hacht Gaeilge agus le TG4 agus tabhair faoiseamh cánach do theaghlaigh Ghaelacha – moltaí

Agus tús á chur an tseachtain seo le téarma nua na Dála chuireamar ceist ar roinnt Gael cén moladh a bheadh acu a rachadh chun leasa na Gaeilge. Seo an dara halt i sraith trí cinn…

Tacaígí le hacht Gaeilge agus le TG4 agus tabhair faoiseamh cánach do theaghlaigh Ghaelacha – moltaí

Tacaigh go glórach gníomhach le Gaeil an Tuaiscirt

Gráinne Ní Ghillín, ball den Dream Dearg

Tá sé iontach tábhachtach go mbeidh an rialtas ó dheas glórach gníomhach maidir leis an tacaíocht a thugann siad do phobal na Gaeilge ó thuaidh, áit a bhfuil bunchearta agus bunseirbhísí á séanadh in ainneoin na ngealltanaisí teanga uilig atá déanta ag Rialtas na Ríochta Aontaithe.

Is comhshínitheoir Comhaontú Chill Rìmhinn é Rialtas na hÉireann. Tá acht Gaeilge geallta ó bhí 2006 ann. Tá móramh i bhfách le hAcht Gaeilge – cúig pháirtí polaitíochta as ocht gcinn agus 50 Comhalta Tionóil as 90. Mura réiteofar ceist an achta, ní athbhunófar an Feidhmeannas.

Chomhshínigh an Rialtas Comhaontú Aoine an Chéasta i 1998 fosta. Gealltar ansin go ndéanfar ‘gníomh diongbháilte’ leis an Ghaeilge a chur chun cinn i réimsí éagsúla den tsaol. Is iomaí deis atá ag an Rialtas cúnamh a thabhairt ó thuaidh, i gcúrsaí oideachais agus sna meáin, mar shampla, trí chomhoibriú trasteorann agus infheistíocht i scéimeanna éagsúla.

Cé go bhfuil a dtacaíocht d’Acht Gaeilge dearbhaithe ag an Taoiseach, an Tánaiste agus ag an Aire Gaeltachta le cúpla bliain anuas, ní raibh cruinniú go dtí seo acu leis an Dream Dearg faoin cheist áirithe seo. B’fhiú dóibh castáil linn chun tuiscint níos fearr a fháil ar an dóigh a dtéann an easpa seirbhísí agus an easpa ceart i bhfeidhm ar lucht na Gaeilge ó thuaidh, go háirithe i gcúrsaí oideachais.

Tá ról ag an Chomhchoiste Gaeltachta agus Gaeilge sa cheist seo agus ba cheart dóibh éisteacht ar leith a eagrú le cíoradh a dhéanamh ar cheist an Achta agus na seirbhísí Gaeilge.

Bíonn na mílte daltaí ag triall ar Ghaeltacht Thír Chonaill gach samhradh le freastal ar chúrsaí Gaeilge. Ba cheart don Roinn Oideachais dreasachtaí a chur ar fáil le tuilleadh daltaí a mhealladh. B’fhiú feachtas a bhunú ó thuaidh le daltaí meánscoile a chur ar an eolas faoi na deiseanna iontacha fostaíochta a bhaineann leis an Ghaeilge, sa bhaile agus san AE araon, agus gach spreagadh agus cuidiú a thabhairt dóibh na scileanna cuí a fhorbairt.

Mar fhocal scoir, amharc ar tharla nuair a rinneadh infheistíocht i gcúrsaí CLG i mBaile Átha Cliath – bhain siad barr feabhais amach. Déanadh an Rialtas infheistíocht i scéimeanna pobail ó thuaidh agus i gceantair iarGhaeltachta eile ar fud na tíre. Caitheadh siad airgead ar sheirbhísí leathanbhanda, ar na bóithre, ar iompar poiblí, ar fhóntais phoiblí srl sa Ghaeltacht – mar le fírinne, ní ag caitheamh airgid ar nithe a bheadh siad, ach is ag infheistiú i bhfás agus i dtodhchaí an phobail a bheadh siad.

Is gá an bhearna idir mianta agus maoiniú a laghdú i gcás TG4

Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4

Sílim go dtuigeann an Rialtas agus na páirtithe ar fad sa Dáil an luach poiblí a chruthaíonn TG4, le cláracha den scoth atá ag freastal ar lucht féachana na tíre agus ag cur ar fáil ‘súil eile’ i gcúrsaí teilifíse.  I mo thuairimse, léiríonn cláracha mar Is Mise, Finné, Bádóirí, Máthair Trump, Peil na mBan, De Valera i Meiriceá, Ros na Rún, Gradam Ceoil TG4 agus an fadscannán Finky go bhfuil an luach poiblí sin fós á chruthú go paiteanta ag TG4.  Cabhraíonn sé linn freisin go bhfuil lucht féachana TG4 ag méadú go suntasach i mbliana.

Ach le deireanas, mar Ard-Stiúrthóir agus mé ag caint le polaiteoirí, tá iarracht déanta agam béim a chur ar chuid eile den ról atá ag TG4 go gcreidim go bhfuil níos lú tuisceana acu uirthi.  Sin an ról atá ag TG4 maidir le scileanna agus tallann a fhorbairt, cabhrú le comhlachtaí neamhspleácha fás isteach i margaí nua agus cur le heacnamaíocht chruthaitheach na hÉireann, go háirithe sna Gaeltachtaí agus sna réigiúin.

Tá dualgas sa dlí ar TG4, tasc reachtúil, straitéis cúig bliana a chur le chéile agus a aontú leis an BAI.  Tá sé seo déanta ag TG4 agus aontú agus tacaíocht faighte againn ó Bhord an BAI agus ó Chomhchoiste Gaeilge an Oireachtais. Cé go ritheann an straitéis nua seo ó 2018 – 2022 tá bearna an-mhór fós idir mianta na straitéise agus an maoiniú a fhaigheann muid ón rialtas.  Fuair mé an deis le deireanas é sin a mhíniú don Taoiseach agus tuigeann seisean agus an tAire Cumarsáide anois, má dhéanann an rialtas infheistíocht i TG4 déanfaidh TG4 infheistíocht in eacnamaíocht chruthaitheach na tíre, go háirithe sna réigiúin. 

Ba bhreá linn an bhearna idir mianta na straitéise agus maoiniú an rialtais a dhúnadh agus leanfaidh muid lenár gcomhráite le baill an rialtais chun é sin a bhaint amach.

Tabhair faoiseamh cánach do theaghlaigh Ghaeltachta

Dónall Ó Cnáimhsí Pleanálaí Teanga Ghaoth Dobhair

Sílim go bhfuil sé in am ag an rialtas díriú ar na teaghlaigh sin atá ag tógáil a gclann le Gaeilge ar fud an stáit agus ag streachailt le sin a dhéanamh.

’Sé an moladh a bheadh agam gur chóir aitheantas i bhfoirm faoiseamh cánach ( cosúil le healaíontóirí srl.) a thabhairt do na teaghlaigh seo. Dhéanfadh polasaí mar seo breis teaghlaigh a spreagadh tús áite a thabhairt dár dteanga náisiúnta, go háirithe sa téarma Dála seo ina mbeidh muid ag comóradh 100 bliain ó bunaíodh an stáit.

Níl aon seans go mbeidh scéim labhairt na Gaeilge ag teacht ar ais in aon am sa ghearrthéarma agus tá rud éigin de dhíth le daoine a spreagadh agus bród agus meas sa teanga a chothú. Bheadh ag daoine cáiliú don scéim agus conradh a shíniú le bheith páirteach.


Tabhair deontas ceart do na hirisí Gaeilge agus cuir deireadh leis an díolúine – moltaí na nGael don téarma nua Dála

Fág freagra ar 'Tacaígí le hacht Gaeilge agus le TG4 agus tabhair faoiseamh cánach do theaghlaigh Ghaelacha – moltaí'

  • Máirtín Ó Maolmhuaidh

    Tacaím go huile is go hiomlán leis na molataí a chuirfidh le hoideachas lánGhaeilge, a spreagfaigh níos mó daoine an teanga náisiúnta a fhoghlaim agus a said, a thabharfar leasa do theaghlaigh atá ag tógáil a gclainne le Gaeilge agus a chuirfidh le hinfhéistíocht eacnaíocht na hÉireann.