‘Tabharfar Bille nua isteach le leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha,’ a deir an Taoiseach sa Dáil

Thug an Taoiseach le fios tráthnóna go bhfuil sé i gceist ag Aire na Gaeltachta an bille leasaithe nua a thabhairt isteach toisc nach raibh 'aontas ar bith ann' faoi cheannteidil an Bhille a foilsíodh i mí Aibreáin 2014

‘Tabharfar Bille nua isteach le leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha,’ a deir an Taoiseach sa Dáil

Tabharfar Bille nua isteach le leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, a dúirt an Taoiseach sa Dáil tráthnóna.

Thug an Taoiseach le fios go raibh sé ar intinn ag Aire na Gaeltachta an bille leasaithe nua a thabhairt isteach toisc nach raibh “aontas ar bith ann” faoi cheannteidil an Bhille a foilsíodh i mí Aibreáin 2014.

Ní fheádfadh an Taoiseach, a bhí ag freagairt ceiste a chuir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív air, a rá an mbeadh an Bille nua, nó cuid de, bunaithe ar na ceannteidil chonspóideacha sin.

Tá cúig bliana ann ó fógraíodh go raibh athbhreithniú le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Léirigh an Coimisinéir Teanga, eagraíochtaí teanga agus polaiteoirí an fhreasúra míshástacht leis na ceannteidil a foilsíodh in 2014 toisc nár tugadh aird iontu ar mholtaí an Choimisinéara ná ar mholtaí an phobail i dtaobh na reachtaíochta nua. Measadh gur lagú seachas láidriú an Achta a bheadh mar thoradh ar na ceannteidil.

Tá an chuma ar an scéal anois, áfach, go gcaithfear i dtraipisí na ceannteidil sin. Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne cheana go bhfuil sé i gceist aige moltaí faoin reachtaíocht leasaithe a lorg ón gCoiste Oireachtais nua don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Dar leis an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, nár fhreastail na ceannteidil “beag ná mór ar riachtanais ná éilimh phobal na Gaeilge agus gurbh é an rud is tábhachtaí anois ná go dtabharfaí reachtaíocht isteach a láidreodh cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta”.

Dúirt an Coimisinéir gur gá aghaidh a thabhairt sa Bhille nua ar cheist chóras na scéimeanna teanga agus gur chóir foráil dhíreach a bheith sa reachtaíocht nua a chinnteodh go mbeadh Gaeilge ag oibrithe poiblí atá ar dualgas sa Ghaeltacht nó ag cur seirbhísí ar fáil sa Ghaeltacht.

Dar le Ó Domhnaill go bhfuil práinn ag baint chomh maith le ceist na Gaeilge sa chóras earcaíochta sa státchóras.

“Ní fiú a bheith ag caint ar chearta teanga mura bhfuil dóthain daoine a bhfuil Gaeilge acu fostaithe sa státchóras chun feidhm a thabhairt do na cearta sin,” a dúirt an Coimisinéir Teanga le Tuairisc.ie i mí Mheán Fómhair.

De réir clár reachtaíochta nua na Dála tabharfar tús áite as seo go dtí an Nollaig d’fhoilsiú 25 píosa reachtaíochta agus níl Bille leasaithe Acht na dTeangacha Oifigiúla luaite.

Tá an Bille sin luaite i measc an 71 Bille atá ar an liosta ‘Reachtaíocht Eile’, liosta na mBillí a bhfuil sé i gceist ag na ranna rialtais iad a fhoilsiú “sa mhéantréimhse agus san fhadtréimhse”.

Fág freagra ar '‘Tabharfar Bille nua isteach le leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha,’ a deir an Taoiseach sa Dáil'