Tá tuismitheoirí ar fud na tíre ag déanamh imní faoin ardú ar an gcostas filleadh ar an scoil

Thar aon bhliain eile, caithfear infheistíocht a dhéanamh chun tacú leis na teaghlaigh atá faoi bhrú airgid agus na gasúir ag filleadh ar an scoil

Tá tuismitheoirí ar fud na tíre ag déanamh imní faoin ardú ar an gcostas filleadh ar an scoil

Tá tuismitheoirí ar fud na tíre ag déanamh imní faoi na harduithe atá tagtha ar chostais filleadh ar an scoil i mbliana. D’fhoilsigh Barnardos, carthanacht do pháistí, torthaí an tseachtain seo ar shuirbhé a rinne siad le tuismitheoirí maidir leis na costais a bheidh orthu chun na gasúir a chur ar ais go dtí an scoil sa bhfómhar.

Tá Barnardos ag éileamh ar an rialtas gníomh a dhéanamh chun tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil do theaghlaigh atá curtha trína n-úmacha ag an gcostas a bhaineann le filleadh a bpáistí ar an scoil.

Léirigh an suirbhé sin go bhfuil dhá thrian de thuismitheoirí imníoch go dtabharfaidh na costais a seacht ndícheall le déanamh dóibh i mbliana. Tá 5% de thuismitheoirí ag rá nach mbeidh siad in ann ag na costais, deir isteach is amach le 30% go bhfuil imní mhór orthu faoi na costais, agus tá thart ar 30% a deir go bhfuil imní éigin orthu.

Beidh 5% de na tuismitheoirí ag úsáid airgead atá sábháilte acu leis an gcostas a ghlanadh. Dúirt 9% acu go mbeadh orthu iasacht a fháil nó dul i muinín cárta creidmheasa. Deir thart ar 10% go mbeidh siad ag dul i muinín siorcanna iasachta.

Tá go leor teaghlach faoi bhrú cheana féin ag na harduithe atá  tagtha ar chostais mhaireachtála agus is ualach eile sa mbreis iad costas fillte na leanaí ar an scoil. Tá  €424 luaite ag suirbhé Barnardos le costas do na bunrudaí a theastaíonn ó dhalta i Rang a 4, €814 do dhalta atá ag dul isteach sa gcéad bhliain san iarbhunscoil agus €722 don dalta a bheidh i mbliain a cúig.

Sna héilimh atá leagtha amach ag Barnardos, tá siad ag iarraidh ar an rialtas plean a réiteach le go mbeadh oideachas saor in aisce dáiríre ar fáil ag gach páiste sa tír.

Tá ceithre phríomhéileamh ag Barnardos. Tá siad ag iarraidh ar rialtas leabhair scoile a chur ar fáil in aisce do chuile pháiste. Éileamh eile atá acu ná go gcuirfeadh an rialtas iachall ar scoileanna éadaí scoile inacmhainne a úsáid in áit a bheith ag iarraidh ar dhaoine a ghabháil chuig soláthróirí speisialta leis na héadaí scoile a cheannacht, éide a bhíonn i bhfad níos daoire.

Éileamh eile ná go gcoinneofaí an t-ardú atá ar an liúntas filleadh ar an scoil faoi láthair. Faoin gcúnamh ón stát do theaghlaigh atá ina theideal, tá €260 an duine sa liúntas i mbliana do pháistí idir 4-11 bliain d’aois atá ag dul ag an mbunscoil. Liúntas €385 atá ar fáil do gach dalta idir 12-22 bliain d’aois atá ag freastal ar an iarbhunscoil. Tá siad ag iarraidh freisin go gcuirfí deireadh leis na híocaíochtaí ‘deonacha’ scoile, mar a thugtar orthu.

Tuairiscíodh an tseachtain seo go bhfuil an ráta boilscithe i dtíortha na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD) ag an ráta is airde a bhí sé ó 1998. Ceannráta 10.3% boilscithe ar an meán a bhí idir na tíortha sin ar fad. Ráta 9.1% a bhí in Éirinn mí an Mheithimh 2022, an méadú is airde ó 1984. Tá ceilt ar bhealach sa bhfigiúr 9.1% mar nach dtugann sé léiriú ceart ar an ardú 54% atá tagtha ar chostas breosla, an t-ardú 22.5% ar chostas tithíochta, agus an t-ardú 20.4% ar chostas taistil.

Tá baol mór ann nach bhfuil muid ach ina thús leis na harduithe ar phraghsanna is muid ag tabhairt aghaidh ar an ngeimhreadh, ainneoin gur ardaigh an Banc Ceannais Eorpach (ECB) an ráta úis an mhí seo. Ba é sin an chéad ardú ar rátaí úis le 11 bliain agus léirigh an cinneadh an ráta a ardú 0.5% an imní atá abhus faoin mboilsciú.

Thar aon bhliain eile, caithfear infheistíocht a dhéanamh chun tacú leis na teaghlaigh atá faoi bhrú airgid agus na gasúir ag filleadh ar an scoil. Is deacra i bhfad daoine a thabhairt as an mbochtanas ná iad a choinneáil as sa gcéad áit.

Fág freagra ar 'Tá tuismitheoirí ar fud na tíre ag déanamh imní faoin ardú ar an gcostas filleadh ar an scoil'